Mo Sgéal Féin/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 215 ]

XXXII
ONÓIR DO’N OBAIR

Do ghluais an aimsir. Do leanas de’n obair. Dheabhróchadh an sgéal gur tuigeadh gur dheineas mo chion de’n obair maith go leór. Thuit rud amach sa bhliain d’aois an Tighearna míle naoi gcéad a dódhéag, rud a thaisbeáin gur tuigeadh; rud ná tuitfeadh amach i n-aon chor mura mbéadh gur tuigeadh. An tarna [ 216 ]lá fichid d’Abrán na bliana san do bhronn uaisle catharach Bhaile Átha Cliath saoirse na catharach san orm féin agus ar an Ollamh Kuno Meyer, mar gheall ar a raibh déanta againn ar son na Gaeluinne. Do bronnadh an ónóir air-sean mar gheall ar an saothar a bhí déanta aige ar sheana Ghaeluinn na h-Éirean, agus do bronnadh an onóir orm-sa mar gheall ar an saothar a bhí déanta agam ar son na Gaeluinne atá beó i n-Éirinn fós. Ghabhamair araon ár mbuidheachas le h-uaislibh na catharach. Le linn a bhuidheachais féin a ghabháil leó do’n Dochtúir Kuno Meyer dúbhairt sé focal a chuir i n-úil dúinn go léir nách indiu ná indé do thosnuigh sé féin ar bheith ag cur suime i neithibh Gaelacha. (Do labhair sé as Béarla.) Tar éis raint cainte do rádh dhó dúbhairt sé mar seo.

“Dúbhairt mo shean-athair liom, agus mé am’ leanbh, thall i gcathair Hamburg, go raibh, go deimhin, caint idir é féin agus Napper Tandy, agus gur rug Nappy Tandy ‘greim ar láimh air,’ lom dáiríribh, nuair a bhí sé ’n-a gharsún. D’inis sé an méid sin dom abhfad sar ar airigheas-sa aon trácht ar ‘The Wearing of the Green.’”

Do thaisbeáin san go raibh báidh ag Kuno Meyer, agus agá athair, agus agá seanathair, le h-Éirinn agus le muíntir na h-Éirean, abhfad sar ar thosnuigh an obair seo na Gaeluinne.

Nuair a bhí an onóir sin tabhartha dhúinn ag muíntir Bhaile Átha Cliath chuamair siar go Coláisde Phádraig Naomhtha i Maigh Nuadhat, mar bhí cuireadh fághalta againn ó Uachtarán an Choláisde, an sagart oirdheirc agus an t-ollamh diadhachta Monsignor Ua Mainchín, atá anois i n-a Árdeasbog thall i Melbourne. Thug sé cuireadh do thriúr againn, do’n Ollamh Kuno Meyer [ 217 ]agus do Dhochtúir Ua h-Aimhirgin agus dómh-sa. Chuamair siar ó Bhaile Átha Cliath ar mhótor.

Tar éis an dínnéir do chruinnigh buidhean Choluim Cille sa halla mór agus dheineamair go léir a lán cainte. Ar an nGaeluinn agus ar gach aon rud a bhain leis an nGaeluinn iseadh dheineamair an chaint.

I gcaitheamh na cainte dhúinn agus i gcaitheamh an tráthnóna, do chuimhnigheas féin go minic ar thuama atá ansúd sa roilig bheag lastiar de’n Choláisde. Tá cómhra throm iarainn istigh sa tuama san agus táid cnámha duine, cnámha sagairt, istigh sa chómhrainn sin. Do tugadh an chómhra san agus an méid atá istigh inti aniar ar fad ó’n dtaobh thiar de’n chruinne, ó Los Angeles, treasna na mílte míle tíre agus uisge, agus do cuireadh isteach sa tuama san í agus tá sí ann. Isiad cnámha an Athar Eoghan ua Gramhna atá istigh sa chómhrainn. Tá sé féin thuas i n-aoibhneas na bhflathas. Bhí sé ag féachaint anuas orainn an oídhche úd, agus bhí áthas air. Chonaic sé an obair ag dul chun cinn go beó agus go bríoghmhar, tar éis na mblianta go léir, an obair a bhris a shláinte féin agus do shlad an t-anam as i dtosach a shaoghail, an obair dá mbéadh beatha trír aige go dtabharfadh sé an bheatha san go léir chun na h-oibre sin do chur chun cinn.

Nuair airigh uaisle catharach Chorcaighe an rud a bhí déanta ag uaislibh Bhaile Átha Cliath thuigeadar gur cheart dóibh féin rud éigin de’n tsaghas chéadna do dhéanamh. Shocaruigheamair ar shaoirse Catharach Chorcaighe thabhairt do Dhochtúir Kuno Meyer agus dom féin. Cheapadar lá chuige, agus ar ádhbharaí an tsaoghail cad é an lá a cheapfaidís chuige ach an cúigmhadh lá fichid de Mhitheamh an Fhóghmhair, .i. Lá [ 218 ]Bharra Naomhtha, lá naoimh an Ghuagáin, an naomh go bhfuil cathair Chorcaighe ar a chomairce.

Ní raibh aon choinne agam-sa go bhfeicfinn an radharc a chonac an lá san. Nuair a thánag féin agus Kuno Meyer amach as an dtraen i gCorcaigh bhí mór-shluagh leanbh ann ag cur fáilte rómhainn. Do ghabhadar amhrán dúinn, amhrán Gaeluinne, amhrán a chúm an t-Aimhirgíneach dóibh. Bhí Maor na catharach ann agus caráiste aige dhúinn chun sinn a bhreith go dtí Halla na Catharach. Bhí gárda lucht airm ’ghár dtionnlacan, rómhainn amach agus i n-ár ndiaigh agus ar gach taobh de’n charáiste, agus iad gléasta i n-arm ’s i n-éide do réir mar a bhíodh a leithéidí i n-aimsir Chúchulainn. Nuair a chonac iad do chuimhnigheas ar lá a bhíos i gCorcaigh, suas le deich mbliana fichid ó shin. Bhí toirmeasg na talmhan ar siúbhal ar buile an uair chéadna. Tháinig an [1]t-Iarla Ruadh go Corcaigh mar ’dh eadh chun sgeóin a chur ionainn go léir, agus smacht do chur orainn. Chonac é ag teacht amach as an dtraen. Bhí gárda lucht airm ar an láthair roimis, chun é chosaint orainne, mar ’dh eadh. Chuimhnigheas ar an Iarla Ruadh san nuair fhéachas am’ thímpal agus chonac mo ghárda féin.

“Dar fiadh,” arsa mise am’ aigne, “ach is fearr an gárda atá agam-sa indiu ’ná an gárda a bhí ag an Iarla Ruadh an lá úd!”

Chuamair tríd an gcathair; anonn treasna an drochaid mhóir; siar go dtí an tsraíd mhór leathan úd mar a mbíodh an “Capall Buidhe” fadó; soir airís agus anonn treasna an drochaid eile; go dtí Halla na Catharach. I gcaitheamh na slíghe sin go léir [ 219 ]bhí na daoine, óg agus aosta, brúighte ar a chéile ar gach taobh dínn, agus iad ag liúirigh agus ag greadadh na mbas ag cur fáilte rómhainn. Nuair a chuamair isteach sa Halla mór bhí na daoine bailighthe istigh ann. Bhí sé lán, chómh lán agus nár bh’ fhéidir d’á thuille dul isteach ann. Dheineamair caint ansan agus do deineadh caint linn, agus bhí iongnadh ár gcroídhe orainn araon a fheabhas do labhair na buachaillí óga an Ghaeluinn linn.


Measaim nách misde dhom stad anso, agus a rádh, mar adeireadh lucht sgéalaidheachta i n-Éirinn fadó:


Gonadh é sin mo sgéal-sa go nuige sin.
  1. Earl Spencer.
Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.