OBAIR CHOSANTA NA GAELUINNE
Is dóich liom go rabhas dhá bhliain anso nuair a thosnuigh obair na Gaeluinne, dáiríribh, i mBaile Átha Cliath. Do thuigeas ó’n gcaint a bhí ar siúbhal, agus as na fógraí a thagadh amach, go raibh socair ar an nGaeluinn bheó a bhí i mbéalaibh na ndaoine do shaothrughadh. Bhí fhios agam go dian mhaith gur mar sin ba cheart an obair a dhéanamh má bhí sí le déanamh i n-aon chor. Bhí leabhair Eoghain uí Chamhraidhe agam agus an graiméar Gaeluinne do sgríbh Ua Donabháin, agus bhí fhios agam ná raibh aon bhreith ag leabhraibh de’n tsórd san ar oiread agus aon lá amháin sa mbreis do chur le saoghal na Gaeluinne. Bhí fhios agam gur admhuigh na fir sin féin ná raibh uatha ach oiread agus d’fhéadfaidís de’n Ghaeluinn a bheith socair daingean i leabhraibh acu, i dtreó go mbéadh an méid sin di le fághail ins na leabhraibh sin nuair a stadfadh muíntir na h-Éirean d’ í labhairt. Do chonaic Ua Donabháin agus Ua Camhraidhe go raibh sí ag imtheacht, ag imtheacht go réidh, ach ag imtheacht go deimhnightheach, agus thuigeadar go maith ná raibh aon bhreith ag an obair a bhí acu féin ’á dhéanamh ar aon chosg do chur leis an imtheacht san.
Tá sé daingean am’ aigne, ámhthach, nár thuigeadar an díobháil a bhí sa n-imtheacht san. Is dóich liom gur thuigeadar, agus gur thuig a lán nár bh’ iad an uair sin, agus abhfad ’n-a dhiaigh san, gur thairbhe mhór a dhéanfadh an t-imtheacht. Bhí cúiseana troma acu féin agus ag daoine eile le n-a thuisgint go mbéadh tairbhe sa n-imtheacht. Na daoine a bhí beó i n-Éirinn [ 212 ]an uair sin agus gan acu ach an Ghaeluinn, is amhlaidh a bhí ceangal na gcúig gcaol ar a n-aigne chómh fada agus chuaidh gnóthaí saoghalta. I n-aon tsaghas gnóthaí dlíghe, cuir i gcás, bhí fear an Bhéarla ábalta ar an ndubh do chur ’n-a gheal ortha agus ar an ngeal do chur ’n-a dhubh ortha, agus ní raibh aon chaoi acu ar iad féin do chosaint. Dá n-innsidís a sgéal féin as Gaeluinn ní thuigfeadh aon duine iad, ach amháin, b’fhéidir, an fear a bhéadh ceapaithe ar an éagcóir a dhéanamh ortha. Bhíodh an fear teangan acu, ach dá mbéadh breab glacaithe ag an bhfear teangan san conus a bhéadh an sgéal acu? Pé taobh ó n-a bhféachtí isteach an uair sin sa chuma ar a raibh an duine ná raibh aon Bhéarla aige, do chítí go raibh sé i gcruadhchás go tiubaisteach. Siné fé ndeara do Dhómhnall ua Chonaill a rádh gur bh’ fhearr leis go mbéadh an Ghaeluinn seacht míle síos fé uisge na faraige thiar. Chonaic sé os cómhair a shúl an éagcóir uathbhásach ’á dhéanamh ag fear Shasana, coitchianta, ar an Éireanach, agus gan ar chumas an Éireanaigh aon fhocal do labhairt chun é féin a chosaint ach focal ná tuigfí. Dhein Dómhnall ua Conaill féin obair mhór ag cosaint na nGaedhal ar an éagcóir a bhí ’á dhéanamh ortha. Thuig sé go h-áluinn ná béadh aon bhreith aige ar an obair sin a dhéanamh mura mbéadh an Béarla bheith chómh maith aige, agus é bheith ábalta ar lucht an Bhéarla do throid as a gcaint féin, as Béarla.
Níor chuimhnigh aoinne ar an dá theangain do chur ar siúbhal i n-aonfheacht. Do mheas gach aoinne nár bhaoghal ná go mbéadh tuille agus a dhóithin Gaeluinne ag gach Éireanach pé cuma ’n-a ngeóbhadh an saoghal i dtaobh Béarla. Ní raibh ach lucht machtnaimh, mar Ua Camhraidhe agus Ua Donabháin, a thug fé ndeara go [ 213 ]raibh an Ghaeluinn ag imtheacht. Níor thugas-sa féin fé ndeara go raibh aon bhaoghal uirthi go dtí gur chuas isteach sa choláisde, agus go bhfeaca buachaillí eirighthe suas agus gan aon fhocal Gaeluinne acu.
Do thuig lucht machtnaimh, agus lucht faire aimsire, go raibh an Ghaeluinn ag imtheacht. Do thuig lucht gnótha poibilídhe, agus lucht cosanta na nGaedhal ar an bhfeall a bhí ’á dhéanamh ortha ag muíntir an Bhéarla, do thuigeadar d’á luathacht a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe agus an Béarla i mbéalaibh na n-Éireanach go léir gur bh’ eadh ab fhearr é. Níor thuig aoinne an uair sin an díobháil bhunaigh a dhéanfadh sé do chine Gaedhal an Ghaeluinn d’imtheacht uatha; gur mhar a chéile dhóibh é agus a nádúr féin d’imtheacht asta amach. Níor thuig aoinne an léirsgrios marbhuightheach a bhéadh déanta ar an aigne Ghaedhlach nuair a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe, agus gan i gcroídhe ná i mbéal an Éireanaigh, ó Dhomhnach Diagh go Tigh Mháire, ach Béarla briste. Cad é an tairbhe dhéanfadh saothar Uí Chamhraidhe, nó saothar Uí Dhonabháin, do’n duine ná béadh de chaint ’n-a bhéal aige ach Béarla briste, agus ná béadh de mhachtnamh ’n-a chroídhe aige ach an machtnamh a thabharfadh an Béarla briste dhó? Is dócha gur mheas Dómhnall ua Conaill, dá mbéadh an Ghaeluinn seacht míle fé’n bhfaraige, agus an Béarla i mbéalaibh na n-Éireanach go léir, go mbéadh an Béarla acu chómh maith agus bhí sé aige féin. Má mheas, do dhein sé dearmhad. Gan amhras bhí Béarla briste go tiugh i n-Éirinn le linn Dhómhnaill uí Chonaill, agus níor chuir an Béarla briste sin aon dealbhas aigne ar an muíntir a bhí ’ghá labhairt. Níor dhein, agus cad ’n-a thaobh nár dhein? Níor dhein mar bhí saidhbhreas áluinn, uasal, fórleitheadamhail na Gaeluinne istigh ’n-a n-aigne acu, laistigh [ 214 ]de’n Bhéarla bhriste. Tá an saidhbhreas san imthighthe anois ó’n méid de mhuíntir na h-Éirean go bhfuil an Ghaeluinn imthighthe uatha. Tá raint acu do thuigean an chreach, agus tá iaracht acu ’á dhéanamh ar an saidhbhreas do chruinniughadh chúcha airís. Is usa go mór sgaramhaint le saidhbhreas ’ná teacht suas airís leis.
Dá ndeintí an dá theanga do shaothrughadh i n-aonfheacht ó’n uair a thosnuigh muíntir na h-Éirean dáiríribh ar an mBéarla do labhairt eatartha féin, do chabhróchadh an dá theanga le n-a chéile, agus chuirfidís neart i n-a chéile agus cruinneas nár bh’ fhéidir a bheith i n-aon teanga acu ’n-a h-aonar. Níor deineadh san. Bhí a rian air. Nuair a mheasg an dá theanga ar a chéile agus gan saothrughadh ’á dhéanamh ar aon teangain acu, is amhlaidh a bhí a lán daoine ag dul amú ins gach teangain acu. Siné fé ndeara do Dhiarmuid ua Muíneacháin an focal úd do rádh,
- “Na daoine is lúgha ciall i n-Éirinn
- Daoine gan Bhéarla gan Ghaeluinn!”
Ach d’airigheas an chaint agus na ráflaí, ó Bhaile Átha Cliath, ’ghá rádh go raibh buidhean le cur ar bun chun na Gaeluinne shaothrughadh agus chun í choimeád beó, mar chómhrádh, d’á labhairt a’ béalaibh na ndaoine. Bhí áthas mór orm nuair airigheas an méid sin. D’airigheas, leis, gur sagart óg a bhí i Maigh Nuadhat ba bhun leis an iaracht san.
Do ghluais na blianta. Ní gádh dhómh-sa aon tuairisg a thabhairt anso ar obair agus ar chúrsaíbh na mblianta san. B’fhéidir ámhthach nár mhisde dhom aon fhocailín amháin do rádh i dtaobh na h-oibre. Do chonac, ag tosnughadh na h-oibre dhúinn, gur ar an aos óg a bhí [ 215 ]ár seasamh i gcóir na h-aimsire a bhí rómhainn. Ag machtnamh dom air sin do thuigeas am’ aigne ná raibh aon rud i n-aon chor againn, i bhfuirm leabhair, le cur i láimh aon leinbh chun na Gaeluinne do mhúineadh dhó. As mo mhachtnamh do shocaruigheas ar leabhar fé leith do sgrí’ d’ár n-aos óg, leabhar go mbéadh caint ann a bhéadh glan ós na lochtaibh a bhí i bhformhór cainte na bhfilí; leabhar go mbéadh an chaint ann oireamhnach do’n aos óg, leabhar go mbéadh caint ann a thaithnfadh leis an aos óg. Siné an machtnamh a chuir fhéachaint orm “Séadna” do sgrí’. Do thaithn an leabhar le gach aoinne, óg agus aosta. Do léigheadh é dos na seandaoine agus do thaithn sé leó. D’airigheadar, rud nár airigheadar riamh go dtí san, a gcaint féin ag teacht amach a’ leabhar chúcha. Do thaithn sé leis na daoinibh óga mar bhí cosmhalacht mhór idir Ghaeluinn an leabhair sin agus an Béarla a bhí ’n-a mbéalaibh féin.