ár seasamh i gcóir na h-aimsire a bhí rómhainn. Ag machtnamh dom air sin do thuigeas am’ aigne ná raibh aon rud i n-aon chor againn, i bhfuirm leabhair, le cur i láimh aon leinbh chun na Gaeluinne do mhúineadh dhó. As mo mhachtnamh do shocaruigheas ar leabhar fé leith do sgrí’ d’ár n-aos óg, leabhar go mbéadh caint ann a bhéadh glan ós na lochtaibh a bhí i bhformhór cainte na bhfilí; leabhar go mbéadh an chaint ann oireamhnach do’n aos óg, leabhar go mbéadh caint ann a thaithnfadh leis an aos óg. Siné an machtnamh a chuir fhéachaint orm “Séadna” do sgrí’. Do thaithn an leabhar le gach aoinne, óg agus aosta. Do léigheadh é dos na seandaoine agus do thaithn sé leó. D’airigheadar, rud nár airigheadar riamh go dtí san, a gcaint féin ag teacht amach a’ leabhar chúcha. Do thaithn sé leis na daoinibh óga mar bhí cosmhalacht mhór idir Ghaeluinn an leabhair sin agus an Béarla a bhí ’n-a mbéalaibh féin.
ONÓIR DO’N OBAIR
Do ghluais an aimsir. Do leanas de’n obair. Dheabhróchadh an sgéal gur tuigeadh gur dheineas mo chion de’n obair maith go leór. Thuit rud amach sa bhliain d’aois an Tighearna míle naoi gcéad a dódhéag, rud a thaisbeáin gur tuigeadh; rud ná tuitfeadh amach i n-aon chor mura mbéadh gur tuigeadh. An tarna