Page:Mo sgeal fein.djvu/230

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

lá fichid d’Abrán na bliana san do bhronn uaisle catharach Bhaile Átha Cliath saoirse na catharach san orm féin agus ar an Ollamh Kuno Meyer, mar gheall ar a raibh déanta againn ar son na Gaeluinne. Do bronnadh an ónóir air-sean mar gheall ar an saothar a bhí déanta aige ar sheana Ghaeluinn na h-Éirean, agus do bronnadh an onóir orm-sa mar gheall ar an saothar a bhí déanta agam ar son na Gaeluinne atá beó i n-Éirinn fós. Ghabhamair araon ár mbuidheachas le h-uaislibh na catharach. Le linn a bhuidheachais féin a ghabháil leó do’n Dochtúir Kuno Meyer dúbhairt sé focal a chuir i n-úil dúinn go léir nách indiu ná indé do thosnuigh sé féin ar bheith ag cur suime i neithibh Gaelacha. (Do labhair sé as Béarla.) Tar éis raint cainte do rádh dhó dúbhairt sé mar seo.

“Dúbhairt mo shean-athair liom, agus mé am’ leanbh, thall i gcathair Hamburg, go raibh, go deimhin, caint idir é féin agus Napper Tandy, agus gur rug Nappy Tandy ‘greim ar láimh air,’ lom dáiríribh, nuair a bhí sé ’n-a gharsún. D’inis sé an méid sin dom abhfad sar ar airigheas-sa aon trácht ar ‘The Wearing of the Green.’”

Do thaisbeáin san go raibh báidh ag Kuno Meyer, agus agá athair, agus agá seanathair, le h-Éirinn agus le muíntir na h-Éirean, abhfad sar ar thosnuigh an obair seo na Gaeluinne.

Nuair a bhí an onóir sin tabhartha dhúinn ag muíntir Bhaile Átha Cliath chuamair siar go Coláisde Phádraig Naomhtha i Maigh Nuadhat, mar bhí cuireadh fághalta againn ó Uachtarán an Choláisde, an sagart oirdheirc agus an t-ollamh diadhachta Monsignor Ua Mainchín, atá anois i n-a Árdeasbog thall i Melbourne. Thug sé cuireadh do thriúr againn, do’n Ollamh Kuno Meyer