de’n Bhéarla bhriste. Tá an saidhbhreas san imthighthe anois ó’n méid de mhuíntir na h-Éirean go bhfuil an Ghaeluinn imthighthe uatha. Tá raint acu do thuigean an chreach, agus tá iaracht acu ’á dhéanamh ar an saidhbhreas do chruinniughadh chúcha airís. Is usa go mór sgaramhaint le saidhbhreas ’ná teacht suas airís leis.
Dá ndeintí an dá theanga do shaothrughadh i n-aonfheacht ó’n uair a thosnuigh muíntir na h-Éirean dáiríribh ar an mBéarla do labhairt eatartha féin, do chabhróchadh an dá theanga le n-a chéile, agus chuirfidís neart i n-a chéile agus cruinneas nár bh’ fhéidir a bheith i n-aon teanga acu ’n-a h-aonar. Níor deineadh san. Bhí a rian air. Nuair a mheasg an dá theanga ar a chéile agus gan saothrughadh ’á dhéanamh ar aon teangain acu, is amhlaidh a bhí a lán daoine ag dul amú ins gach teangain acu. Siné fé ndeara do Dhiarmuid ua Muíneacháin an focal úd do rádh,
- “Na daoine is lúgha ciall i n-Éirinn
- Daoine gan Bhéarla gan Ghaeluinn!”
Ach d’airigheas an chaint agus na ráflaí, ó Bhaile Átha Cliath, ’ghá rádh go raibh buidhean le cur ar bun chun na Gaeluinne shaothrughadh agus chun í choimeád beó, mar chómhrádh, d’á labhairt a’ béalaibh na ndaoine. Bhí áthas mór orm nuair airigheas an méid sin. D’airigheas, leis, gur sagart óg a bhí i Maigh Nuadhat ba bhun leis an iaracht san.
Do ghluais na blianta. Ní gádh dhómh-sa aon tuairisg a thabhairt anso ar obair agus ar chúrsaíbh na mblianta san. B’fhéidir ámhthach nár mhisde dhom aon fhocailín amháin do rádh i dtaobh na h-oibre. Do chonac, ag tosnughadh na h-oibre dhúinn, gur ar an aos óg a bhí