Page:Mo sgeal fein.djvu/227

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

raibh an Ghaeluinn ag imtheacht. Níor thugas-sa féin fé ndeara go raibh aon bhaoghal uirthi go dtí gur chuas isteach sa choláisde, agus go bhfeaca buachaillí eirighthe suas agus gan aon fhocal Gaeluinne acu.

Do thuig lucht machtnaimh, agus lucht faire aimsire, go raibh an Ghaeluinn ag imtheacht. Do thuig lucht gnótha poibilídhe, agus lucht cosanta na nGaedhal ar an bhfeall a bhí ’á dhéanamh ortha ag muíntir an Bhéarla, do thuigeadar d’á luathacht a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe agus an Béarla i mbéalaibh na n-Éireanach go léir gur bh’ eadh ab fhearr é. Níor thuig aoinne an uair sin an díobháil bhunaigh a dhéanfadh sé do chine Gaedhal an Ghaeluinn d’imtheacht uatha; gur mhar a chéile dhóibh é agus a nádúr féin d’imtheacht asta amach. Níor thuig aoinne an léirsgrios marbhuightheach a bhéadh déanta ar an aigne Ghaedhlach nuair a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe, agus gan i gcroídhe ná i mbéal an Éireanaigh, ó Dhomhnach Diagh go Tigh Mháire, ach Béarla briste. Cad é an tairbhe dhéanfadh saothar Uí Chamhraidhe, nó saothar Uí Dhonabháin, do’n duine ná béadh de chaint ’n-a bhéal aige ach Béarla briste, agus ná béadh de mhachtnamh ’n-a chroídhe aige ach an machtnamh a thabharfadh an Béarla briste dhó? Is dócha gur mheas Dómhnall ua Conaill, dá mbéadh an Ghaeluinn seacht míle fé’n bhfaraige, agus an Béarla i mbéalaibh na n-Éireanach go léir, go mbéadh an Béarla acu chómh maith agus bhí sé aige féin. Má mheas, do dhein sé dearmhad. Gan amhras bhí Béarla briste go tiugh i n-Éirinn le linn Dhómhnaill uí Chonaill, agus níor chuir an Béarla briste sin aon dealbhas aigne ar an muíntir a bhí ’ghá labhairt. Níor dhein, agus cad ’n-a thaobh nár dhein? Níor dhein mar bhí saidhbhreas áluinn, uasal, fórleitheadamhail na Gaeluinne istigh ’n-a n-aigne acu, laistigh