an uair sin agus gan acu ach an Ghaeluinn, is amhlaidh a bhí ceangal na gcúig gcaol ar a n-aigne chómh fada agus chuaidh gnóthaí saoghalta. I n-aon tsaghas gnóthaí dlíghe, cuir i gcás, bhí fear an Bhéarla ábalta ar an ndubh do chur ’n-a gheal ortha agus ar an ngeal do chur ’n-a dhubh ortha, agus ní raibh aon chaoi acu ar iad féin do chosaint. Dá n-innsidís a sgéal féin as Gaeluinn ní thuigfeadh aon duine iad, ach amháin, b’fhéidir, an fear a bhéadh ceapaithe ar an éagcóir a dhéanamh ortha. Bhíodh an fear teangan acu, ach dá mbéadh breab glacaithe ag an bhfear teangan san conus a bhéadh an sgéal acu? Pé taobh ó n-a bhféachtí isteach an uair sin sa chuma ar a raibh an duine ná raibh aon Bhéarla aige, do chítí go raibh sé i gcruadhchás go tiubaisteach. Siné fé ndeara do Dhómhnall ua Chonaill a rádh gur bh’ fhearr leis go mbéadh an Ghaeluinn seacht míle síos fé uisge na faraige thiar. Chonaic sé os cómhair a shúl an éagcóir uathbhásach ’á dhéanamh ag fear Shasana, coitchianta, ar an Éireanach, agus gan ar chumas an Éireanaigh aon fhocal do labhairt chun é féin a chosaint ach focal ná tuigfí. Dhein Dómhnall ua Conaill féin obair mhór ag cosaint na nGaedhal ar an éagcóir a bhí ’á dhéanamh ortha. Thuig sé go h-áluinn ná béadh aon bhreith aige ar an obair sin a dhéanamh mura mbéadh an Béarla bheith chómh maith aige, agus é bheith ábalta ar lucht an Bhéarla do throid as a gcaint féin, as Béarla.
Níor chuimhnigh aoinne ar an dá theangain do chur ar siúbhal i n-aonfheacht. Do mheas gach aoinne nár bhaoghal ná go mbéadh tuille agus a dhóithin Gaeluinne ag gach Éireanach pé cuma ’n-a ngeóbhadh an saoghal i dtaobh Béarla. Ní raibh ach lucht machtnaimh, mar Ua Camhraidhe agus Ua Donabháin, a thug fé ndeara go