Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/232

From Wikisource
This page has been proofread.

Bharra Naomhtha, lá naoimh an Ghuagáin, an naomh go bhfuil cathair Chorcaighe ar a chomairce.

Ní raibh aon choinne agam-sa go bhfeicfinn an radharc a chonac an lá san. Nuair a thánag féin agus Kuno Meyer amach as an dtraen i gCorcaigh bhí mór-shluagh leanbh ann ag cur fáilte rómhainn. Do ghabhadar amhrán dúinn, amhrán Gaeluinne, amhrán a chúm an t-Aimhirgíneach dóibh. Bhí Maor na catharach ann agus caráiste aige dhúinn chun sinn a bhreith go dtí Halla na Catharach. Bhí gárda lucht airm ’ghár dtionnlacan, rómhainn amach agus i n-ár ndiaigh agus ar gach taobh de’n charáiste, agus iad gléasta i n-arm ’s i n-éide do réir mar a bhíodh a leithéidí i n-aimsir Chúchulainn. Nuair a chonac iad do chuimhnigheas ar lá a bhíos i gCorcaigh, suas le deich mbliana fichid ó shin. Bhí toirmeasg na talmhan ar siúbhal ar buile an uair chéadna. Tháinig an [1]t-Iarla Ruadh go Corcaigh mar ’dh eadh chun sgeóin a chur ionainn go léir, agus smacht do chur orainn. Chonac é ag teacht amach as an dtraen. Bhí gárda lucht airm ar an láthair roimis, chun é chosaint orainne, mar ’dh eadh. Chuimhnigheas ar an Iarla Ruadh san nuair fhéachas am’ thímpal agus chonac mo ghárda féin.

“Dar fiadh,” arsa mise am’ aigne, “ach is fearr an gárda atá agam-sa indiu ’ná an gárda a bhí ag an Iarla Ruadh an lá úd!”

Chuamair tríd an gcathair; anonn treasna an drochaid mhóir; siar go dtí an tsraíd mhór leathan úd mar a mbíodh an “Capall Buidhe” fadó; soir airís agus anonn treasna an drochaid eile; go dtí Halla na Catharach. I gcaitheamh na slíghe sin go léir

  1. Earl Spencer.