Page:Mo sgeal fein.djvu/233

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhí na daoine, óg agus aosta, brúighte ar a chéile ar gach taobh dínn, agus iad ag liúirigh agus ag greadadh na mbas ag cur fáilte rómhainn. Nuair a chuamair isteach sa Halla mór bhí na daoine bailighthe istigh ann. Bhí sé lán, chómh lán agus nár bh’ fhéidir d’á thuille dul isteach ann. Dheineamair caint ansan agus do deineadh caint linn, agus bhí iongnadh ár gcroídhe orainn araon a fheabhas do labhair na buachaillí óga an Ghaeluinn linn.


Measaim nách misde dhom stad anso, agus a rádh, mar adeireadh lucht sgéalaidheachta i n-Éirinn fadó:


Gonadh é sin mo sgéal-sa go nuige sin.