Mo Sgéal Féin/1

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 1 ]

MO SGÉAL FÉIN

I
MO SHÍNSEAR

Sa bhliain d’aoís an Tighearna míle sé chéad a dó do briseadh cath ar Ghaedhlaibh agus ar an dá Aodh, Aodh ua Néill agus Aodh Ruadh ua Dómhnaill, i n‑aice Chionntsáile. Bhí naoi mbliana caithte an uair sin ag muíntir na h‑Éirean ag troid go dian i gcoinnibh a namhad ar son na h‑Éirean agus ar son an chreidimh, agus i gcaitheamh na naoi mblian san do rugadar buadh ar na Gallaibh ins gach cath trom d’ár buaileadh eatartha go dtí an briseadh sin Chionntsáile. Do loit an t‑aon bhriseadh amháin sin buadh na naoi mblian, agus bhí Éire fé chosaibh a namhad airís.

Ansan do ghluais an cos-ar-bolg agus an t‑éirleach, agus an feall i riocht dlíghe, agus an t‑éitheach i riocht na fírinne; na Gaedhil d’á ruagadh a’ talamh a sínsear nuair ná séanfaidís a gcreideamh, agus an talamh ’á thabhairt do ropairíbh iasachta anall ó Shasana agus ó Albain; go dtí gur chuir déine na h‑éagcóra fhéachaint ar na Gaedhlaibh eirighe amach airís agus iaracht eile do dhéanamh ar iad féin a chosaint ar a leithéid de léirsgrios.

Dachad blian tar éis bhriseadh Chionntsáile iseadh [ 2 ]d’eirigheadar amach airís. Nuair a bhí an t‑eirighe amach san d’á bheartughadh iseadh adúbhairt file éigin:—

“Bliain a dachad beidh aitean gan síol gan bhláth,
’S an bhliain i n’aice beid Sasanaigh sínte ar lár.”

Ba ró dhóbair go dtagadh an focal san fíor an uair sin. Tháinig Eoghan Ruadh ua Néill, mac drithár d’Aodh ua Néill, anall go h‑Éirinn, agus do cuireadh i gceannas Gaedhal Uladh é. Fear stuama, cródha, éirimeamhail, oilte ar chogadh agus ar ghnóthaíbh cogaidh, ab eadh é, mar ba dhual dó bheith. Tháinig mórán de chlainn na n‑uasal a díbireadh tar éis bhriseadh Chionntsáile, thánadar anall ó’n Spáinn agus ó’n bhFrainnc agus ó áiteanaibh eile de’n Eúróip, agus níor bh’fhada go raibh slóighte líonmhara Gaedhal ins gach cúig de chúigíbh na h‑Éirean, agus iad “ag seasamh a gcirt.” Do leanadar ag “seasamh a gcirt” go dtí gur dhein Eoghan Ruadh ua Néill, ag an mBeinn mBorb, gníomh díreach de shaghas an ghnímh a dhein dritháir a athar agus Aodh Ruadh ua Dómhnaill ag Béal an Átha Buidhe deich mbliana agus dachad roimis sin.

Bhí uaisle Gaedhal agus sean Ghall cruinnighthe an uair sin i gCill Chainnigh agus iad ag déanamh dlighthe agus riaghalta do mhuíntir na h‑Éirean, agus gan ar chumas mhuíntir Shasana aon chur isteach a dhéanamh ortha ná aon chosg do chur le n‑a ngnó. Ach nuair a rug Eóghan Ruadh ua Néill an buadh uathbhásach ag an mBeinn mBorb tháinig éad ar chuid des na h‑uaislibh Gaedhlacha eile. I ndiaigh ar ndiaigh do mhéaduigh agus do leathanuigh an fuath agus an droch aigne acu dhó-san agus d’á chéile. Tháinig easaontas, leis, sa Chomhairle, i gCill Chainnigh, idir na Gaedhil agus na [ 3 ]sean Ghaill. Dhein an namhaid gach aon dícheal, le feall agus le h‑éitheach agus le cleasaidheacht, ag séideadh fé gach taobh i gcoinnibh an taoibh eile, ag tabhairt na leath-bhfabhar uatha, na neithe do thógfadh taobh agus ná tógfadh an taobh eile, go dtí gur mhó an fuath a bhí ag uaislibh na Cómhairle agus ag taoiseachaibh na slógh d’á chéile ’ná mar a bhí ag aon taobh acu do’n namhaid. Tar éis naoi mblian bhí an gnó san Chill Chainnigh tuitithe as a chéile chómh glan agus dá mba briseadh eile mar bhriseadh Chionntsáile a bhéadh tagaithe ortha. Ansan tháinig Cromwell, agus do dhein sé sin léirsgrios agus éirleach agus cos-ar-bolg, ar Ghaedhlaibh agus ar an gcreideamh, agus ba neamhnídh an léirsgrios a lean briseadh Chionntsáile seachas é.

Tar éis bhriseadh Chionntsáile, bíodh gur ag na Gallaibh a bhí an buadh, bhí lán a gcroídhe d’eagla acu roimis na Gaedhlaibh. Mar gheall ar an eagla san dheineadar síothcháin leó. Níor shíothcháin dáiríribh an tsíothcháin sin, ámhthach. Síothcháin chun fill agus chun uisge-fé-thalamh ab eadh í. Ní raibh sí abhfad déanta nuair a thosnuigh an feall. Do leig na Gaill ortha go bhfuaradar eólus ar eirighe amach eile bheith beartuighthe ag uaislibh na nGaedhal i gcoinnibh na nGall agus i gcoinnibh rígh Sacsan. Coir bháis ab eadh an beartughadh san dá bhféadfaí é dheimhniughadh. Chun é dheimhniughadh ní raibh le déanamh ach breith, ’n‑a nduine agus ’n‑a nduine, ar na h‑uaislibh Gaedhlacha agus iad do bhreith anonn go Lúnduin agus iad do thriail thall, agus dá dtabharfaí ciontach iad, an chroch a thabhairt dóibh. Do thuig na h‑uaisle Gaedhlacha an cleas san. Bhí ciall cheannaigh fághalta acu go daingean um an dtaca san. Bhí fhios acu go maith ná raibh aon choir [ 4 ]déanta acu, ná raibh aon eirighe amach beartuighthe acu, ná aon chuimhneamh acu ar a leithéid; ná raibh uatha ach cead suaimhnis agus socarachta tar éis a naoi mbliana cogaidh. Ach bhí ’fhios acu, leis, nuair a curtí dlígh Shasana i bhfeidhm ar dhuine, nár chosaint do’n duine sin macántacht ná neamhchiontacht, go mór mór, má ba dhuine é go raibh talamh nó tighearnas nó saidhbhreas aige le cailleamhaint.

Do thuig uaisle na nGaedhal an nídh sin go maith an uair sin, agus do theitheadar a’ h‑Éirinn sar a bhféadfaí an cleas Gallda san a dh’imirt ortha, iad do thriail agus iad do dhaoradh agus iad do chrochadh.

Nuair a bhíodar imthighthe bhí áthas ar an rígh agus ar na Gallaibh. Níor bh’fhearr leó rud a dheineadar uaisle na nGaedhal ’ná teitheadh le n‑a n‑anam. Bhí talamh breágh fada fairsing Chúig’ Uladh fágtha ’n‑a ndiaigh acu, chómh maith díreach agus bhéadh sé fágtha ’n‑a ndiaigh acu dá bhfanaidís agus go gcrochfaí iad. Sin a raibh ó’n namhaid. Do thóg an namhaid an talamh agus do roinneadar eatartha é.

D’imthigh na h‑uaisle Gaedhlacha dob’ aoírde an uair sin a’ Cúig’ Uladh. Bhí uaisle móra na Mumhan imthighthe roimis sin. Níor fhág san i n‑Éirinn, thuaidh ná theas, ach na mion-uaisle agus na daoine bochta. Deich mbliana agus dachad ’n‑a dhiaigh san, nuair a críochnuigheadh an léirsgrios a dhein Cromwell, do deineadh iaracht mharbhuightheach ar shliocht Gaedhal go léir, idir uasal agus íseal, do ghlanadh a’ talamh na h‑Éirean amach, le díbirt nó le bás. Ní ghlacfaidís an creideamh nua pé mealladh ná marbhughadh a déanfaí ortha chuige. Ní ghlacfaidís é ar ais ná ar éigin. Cheap an namhaid, d’á bhrígh sin, ná raibh le déanamh leó ach iad do dhísgiughadh ar fad. Bhí a chiall féin [ 5 ]ag an namhaid sa ghnó san. Nuair a díbreadh na h‑uaisle móra a’ Cúig’ Uladh, d’fhan talamh Chúig’ Uladh ag an namhaid. Dá bhféadfaí sliocht Gaedhal go léir do mharbhughadh nó do dhíbirt a’ h‑Éirinn, d’fhágfadh san talamh na h‑Éirean go léir ag an namhaid. Isé an talamh a bhí ó’n namhaid, ar sgáth creidimh.

An léirsgrios a lean briseadh Chionntsáile do luigh sé go trom ar uaislibh móra na nGaedhal, ach chuaidh a lán des na mion-uaislibh saor uaidh. Ach nuair a tháinig léirsgrios Chromwell do luigh sé ar an uile dhuine de shliocht na nGaedhal, idir uasal agus íseal. Do leath sé ar fuid na dútha go léir, isteach i ngleanntaibh uaigneacha agus i n‑áiteanaibh imigéineamhla, i dtreó nár fhéad aon áit ná aon aicme daoine dul uaidh. Daoine a bhí an uair sin ’n‑a gcómhnuighe ins na h‑áiteanaibh imigcéineamhla san, agus go raibh a sínsear rómpa ’n‑a gcómhnuighe ionta ar feadh na gcéadta blian agus na bhfichidí glún, go sámh agus go suaimhneasach, saor ó bhuaireamh agus ó chruadhtan na gcogaí a bhí coitchianta ar siúbhal lasmuich dhíobh, do shrois léirsgrios Chromwell iad. Do creachadh agus do sgriosadh iad. An méid nár cuireadh chun báis díobh dob’ éigean dóibh teitheadh le n‑a n‑anam as na sean áiteanaibh cómhnuighthe sin, beó bocht, agus imtheacht ar fuid an tsaoghail.

Bhí an uair sin sa taobh thiar d’ Uíbh Laoghaire, sa Mhumhain, caisleán nár ró mhór, agus Caisleán Charaig na Cora an ainim a bhí air. Bhí beirt drithár ’n‑a gcómhnuighe sa chaisleán san. Diarmuid ua Laoghaire ab ainim do dhuine acu, agus Conchubhar ua Laoghaire ab ainim do’n duine eile. Do shrois an léirsgrios iad. B’éigean dóibh imtheacht, agus an caisleán agus [ 6 ]an dúthaigh d’fhágáilt ag coigcríoch éigin iasachta. Thánadar andeas go Baile Mhúirne. Do phós duine acu bean de mhuíntir Dhuinnín a bhí ’n‑a cómhnuighe ar na h‑Ollánaibh, agus d’fhan sé ansan. Do réir mar a h‑innseadh dom dob’ é sin Conchubhar. Chuaidh Diarmuid soir go h‑áit ar a dtugtí Caraig na Madraí, agus chuir sé fé ann. Tamall ’n‑a dhiaigh san do chuaidh duine de shliocht Chonchubhair ó-thuaidh go Dúth’ Alla, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe ar an Mullach Ruadh, cheithre mhíle ar an dtaobh thuaidh de Shráid an Mhuilinn, i n‑aice Chuilinn Uí Chaoimh. Do phós sé sin bean ar a dtugtí Aoibhlín an Réidhleáin. Is dóic liom gur de mhuíntir Cheallacháin gur bh’ eadh í. Bhí mac acu san agus Conchubhar ab ainim dó, agus fear ana chiallmhar, ana stuamdha, ab eadh é. Do phós sé bean de mhuíntir Icídhe, inghean do Thadhg ua h‑Icídhe, Tadhg mhac Aindriais, a bhí ’n‑a chómhnuighe thiar ar an Athán, ar bruach Abhan Móire. Neill ní Taidhg a tugtí ar an inghín. Bhí lán tíghe de chlainn acu. Siobhán ab ainim do dhuine des na h‑ingheanaibh.

Bhí Diarmuid, fé mar a h‑innseadh dom, ’n‑a chómhnuighe ar Charaig na Madraí. Bhí mac aige sin agus Conchubhar ab ainim dó. Nuair a bhí an Conchubhar san pósta agus ag déanamh dó féin, bhí buachaill aimsire aige, agus Conchubhar ab ainim do’n bhuachaill, leis, agus de mhuíntir Laoghaire ab eadh é, agus d’á dheasgaibh sin, “Conchubhar Máighistir” agus “Conchubhar Buachaill” a tugtí ar an mbeirt. Bhí clann ag an gConchubhar Máighistir sin, ach chómh tiugh agus a thagaidís do gheibhdís bás. Bhí sé féin agus a bhean go h‑ana bhuartha mar gheall air sin. Do thárla, tráth, go raibh súil le duine eile clainne acu. Bhí an t‑am [ 7 ]ag teacht, ach má bhí, do bhí an bhuairt agus an t‑eagla ortha araon go n‑imtheóchadh an leanbh san fé mar imthigh an chuid eile a tháinig roimis. Bhí an bhuairt agus an t‑eagla ar an máthair chómh mór san gur bhaoghal, dá mba ná béadh aon chúis eile chun na díobhála dhéanamh, nár bheag an bhuairt aigne chuige. Raint laethanta sar a dtáinig an t‑am chun na clainne theacht, do bhuail chúcha an dorus isteach bean ná feacaidh aoinne acu riamh roimis sin. D’fhiafraigh fear an tíghe dhi cár bh’ as í.

“Thánag abhfad ó bhaile anso chúghaibh,” ar sisi, “adtuaidh ó Chill Dara.”

Ansan d’fheuch sí ar an mnaoi.

“Ná bíodh aon bhuairt ná aon eagal ort an turus so,” ar sisi. “Mairfidh an t‑é atá ag teacht anois, ach is ar aon choinghill amháin é,” ar sisi. “Tugtar ainim chúil le cine air, agus mairfidh sé.”

Nuair a bhí an méid sin ráidhte aici d’imthigh sí uatha an dorus amach, agus ní fheacaidh aoinne í, beó ná marbh, sa n‑áit ’n‑a dhiaigh san.

Níor bh’fhada go dtáinig an chlann; mac óg. Conchubhar nó Diarmuid nó Art no Céadach nó Fear, na h‑ainmneacha do bhain leis an gcine; ach do tugadh Barnabí ar an mac san, ainim nár h‑airigheadh riamh roimis sin ar aoinne de mhuíntir Laoghaire. Tháinig mac eile ’n‑a dhiaigh. Do leanadh ar a gcúl le cine, agus do tugadh Peadar mar ainim air. Do mhair an bheirt, agus do dhein fir mhóra mhaithe dhíobh. Do phós Barnabí agus bhí beirt mhac aige. Thug sé Diarmuid ar dhuine acu, i n‑aimhdheóin an chúil le cine, agus thug sé Peadar ar an mac eile, ainim a dhrithár.

Nuair a bhí an bheirt mhac san eirighthe suas b’ éigean [ 8 ]do Bharnabí imtheacht ó Charaig na Madraí. Níor fhéadas riamh a dhéanamh amach cad é an chúis.

Sa n‑am gcéadna san bhí ’n‑a chómhnuighe thuaidh ar Ghleann Daimh, ag bun Mhullach an Ois, fear n‑ar bh’ ainim dó Diarmuid ua Tuathaig. Bhí beirt inghean aige, Siobhán ní Thuathaig agus Máire ní Thuathaig. Tá ar an dtaobh theas de Ghleann Daimh baile gur b’ é ainim atá air ’ná Lios Caragáin. Bhí an baile sin ’n‑a thalamh anáirde le linn Bharnabí uí Laoghaire agus a bheirt mhac a bheith ag imtheacht ó Charaig na Madraí. Do thóg Diarmuid ua Tuathaig an talamh san a bhí anáirde, agus dhein sé dhá fheirm de, agus thug sé an dá fheirm d’á bheirt inghean, do Shiobhán agus do Mháire. Bhí meas ana mhór aige ar bheirt mhac Bharnabí uí Laoghaire. Dhein sé dhá chleamhnas leó. Thug sé Siobhán do Dhiarmuid agus thug sé Máire do Pheadar, agus chuir sé isteach sa dá fheirm ar Lios Caragáin iad chun cómhnuighthe. Bhí féar bó agus fiche ins gach feirm díobh, agus bhí an dá lánamhain óg láidir, ábalta ar pé tairbhe a bhí sa talamh do bhaint as. Níor thalamh maith é. Talamh fiain fliuch ab eadh an chuid ba mhó dhé. Ach do tógadh dhá lín-tíghe mhóra mhaithe chreideamhnacha air. Bhí lán tíghe de chlainn ag gach lánamhain acu. Bhí chúig dhuine dhéag nó sé dhuine dhéag clainne ag Peadar agus ag Máire ní Thuathaig. Diarmuid ab ainim do’n mhac ba shine a bhí ag Peadar.

Nuair a tháinig an t‑am chuige do tráchtadh ar chleamhnas idir an Diarmuid sin agus Siobhán ní Laoghaire, an inghean úd Chonchubhair uí Laoghaire a bhí an uair sin ’n‑a chómhnuighe thuaidh ar an Mullach Ruadh, i n‑aice Chuilinn Uí Chaoimh. Do tuigeadh gur mhaith an cleamhnas le déanamh é. Do tuigeadh, leis, go raibh an gaol ann, agus go mb’ fhéidir nár bh’ fholáir col do [ 9 ]réidhteach sar a ndéanfaí an pósadh. Do cómhairigheadh an gaol, ar an dá thaobh, siar go dtí an bheirt drithár, Diarmuid óg agus Conchubhar ua Laoghaire, an bheirt úd a díbreadh a’ Caisleán Charaig na Cora; agus do fuaradh, ó’n gcómhaireamh, go raibh an gaol, ar gach taobh, níba shia amach ’ná an cúigmhadh glúin. Do deineadh an cleamhnas. Do pósadh Diarmuid Ruadh ua Laoghaire, mac do Pheadar ua Laoghaire agus do Mháire ní Thuathaig ar Lios Caragáin, le Siobhán ní Laoghaire, inghean do Chonchubhar ua Laoghaire agus do Neill ní Icídhe, a bhí ar an Mullach Ruadh. Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad tríochad a naoi, bhí mac ag an mbeirt sin. Mise an mac san.