Page:Mo sgeal fein.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
3
MO SHÍNSEAR

sean Ghaill. Dhein an namhaid gach aon dícheal, le feall agus le h‑éitheach agus le cleasaidheacht, ag séideadh fé gach taobh i gcoinnibh an taoibh eile, ag tabhairt na leath-bhfabhar uatha, na neithe do thógfadh taobh agus ná tógfadh an taobh eile, go dtí gur mhó an fuath a bhí ag uaislibh na Cómhairle agus ag taoiseachaibh na slógh d’á chéile ’ná mar a bhí ag aon taobh acu do’n namhaid. Tar éis naoi mblian bhí an gnó san Chill Chainnigh tuitithe as a chéile chómh glan agus dá mba briseadh eile mar bhriseadh Chionntsáile a bhéadh tagaithe ortha. Ansan tháinig Cromwell, agus do dhein sé sin léirsgrios agus éirleach agus cos-ar-bolg, ar Ghaedhlaibh agus ar an gcreideamh, agus ba neamhnídh an léirsgrios a lean briseadh Chionntsáile seachas é.

Tar éis bhriseadh Chionntsáile, bíodh gur ag na Gallaibh a bhí an buadh, bhí lán a gcroídhe d’eagla acu roimis na Gaedhlaibh. Mar gheall ar an eagla san dheineadar síothcháin leó. Níor shíothcháin dáiríribh an tsíothcháin sin, ámhthach. Síothcháin chun fill agus chun uisge-fé-thalamh ab eadh í. Ní raibh sí abhfad déanta nuair a thosnuigh an feall. Do leig na Gaill ortha go bhfuaradar eólus ar eirighe amach eile bheith beartuighthe ag uaislibh na nGaedhal i gcoinnibh na nGall agus i gcoinnibh rígh Sacsan. Coir bháis ab eadh an beartughadh san dá bhféadfaí é dheimhniughadh. Chun é dheimhniughadh ní raibh le déanamh ach breith, ’n‑a nduine agus ’n‑a nduine, ar na h‑uaislibh Gaedhlacha agus iad do bhreith anonn go Lúnduin agus iad do thriail thall, agus dá dtabharfaí ciontach iad, an chroch a thabhairt dóibh. Do thuig na h‑uaisle Gaedhlacha an cleas san. Bhí ciall cheannaigh fághalta acu go daingean um an dtaca san. Bhí fhios acu go maith ná raibh aon choir