Page:Mo sgeal fein.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
4
MO SGÉAL FÉIN

déanta acu, ná raibh aon eirighe amach beartuighthe acu, ná aon chuimhneamh acu ar a leithéid; ná raibh uatha ach cead suaimhnis agus socarachta tar éis a naoi mbliana cogaidh. Ach bhí ’fhios acu, leis, nuair a curtí dlígh Shasana i bhfeidhm ar dhuine, nár chosaint do’n duine sin macántacht ná neamhchiontacht, go mór mór, má ba dhuine é go raibh talamh nó tighearnas nó saidhbhreas aige le cailleamhaint.

Do thuig uaisle na nGaedhal an nídh sin go maith an uair sin, agus do theitheadar a’ h‑Éirinn sar a bhféadfaí an cleas Gallda san a dh’imirt ortha, iad do thriail agus iad do dhaoradh agus iad do chrochadh.

Nuair a bhíodar imthighthe bhí áthas ar an rígh agus ar na Gallaibh. Níor bh’fhearr leó rud a dheineadar uaisle na nGaedhal ’ná teitheadh le n‑a n‑anam. Bhí talamh breágh fada fairsing Chúig’ Uladh fágtha ’n‑a ndiaigh acu, chómh maith díreach agus bhéadh sé fágtha ’n‑a ndiaigh acu dá bhfanaidís agus go gcrochfaí iad. Sin a raibh ó’n namhaid. Do thóg an namhaid an talamh agus do roinneadar eatartha é.

D’imthigh na h‑uaisle Gaedhlacha dob’ aoírde an uair sin a’ Cúig’ Uladh. Bhí uaisle móra na Mumhan imthighthe roimis sin. Níor fhág san i n‑Éirinn, thuaidh ná theas, ach na mion-uaisle agus na daoine bochta. Deich mbliana agus dachad ’n‑a dhiaigh san, nuair a críochnuigheadh an léirsgrios a dhein Cromwell, do deineadh iaracht mharbhuightheach ar shliocht Gaedhal go léir, idir uasal agus íseal, do ghlanadh a’ talamh na h‑Éirean amach, le díbirt nó le bás. Ní ghlacfaidís an creideamh nua pé mealladh ná marbhughadh a déanfaí ortha chuige. Ní ghlacfaidís é ar ais ná ar éigin. Cheap an namhaid, d’á bhrígh sin, ná raibh le déanamh leó ach iad do dhísgiughadh ar fad. Bhí a chiall féin