Page:Mo sgeal fein.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
5
MO SHÍNSEAR

ag an namhaid sa ghnó san. Nuair a díbreadh na h‑uaisle móra a’ Cúig’ Uladh, d’fhan talamh Chúig’ Uladh ag an namhaid. Dá bhféadfaí sliocht Gaedhal go léir do mharbhughadh nó do dhíbirt a’ h‑Éirinn, d’fhágfadh san talamh na h‑Éirean go léir ag an namhaid. Isé an talamh a bhí ó’n namhaid, ar sgáth creidimh.

An léirsgrios a lean briseadh Chionntsáile do luigh sé go trom ar uaislibh móra na nGaedhal, ach chuaidh a lán des na mion-uaislibh saor uaidh. Ach nuair a tháinig léirsgrios Chromwell do luigh sé ar an uile dhuine de shliocht na nGaedhal, idir uasal agus íseal. Do leath sé ar fuid na dútha go léir, isteach i ngleanntaibh uaigneacha agus i n‑áiteanaibh imigéineamhla, i dtreó nár fhéad aon áit ná aon aicme daoine dul uaidh. Daoine a bhí an uair sin ’n‑a gcómhnuighe ins na h‑áiteanaibh imigcéineamhla san, agus go raibh a sínsear rómpa ’n‑a gcómhnuighe ionta ar feadh na gcéadta blian agus na bhfichidí glún, go sámh agus go suaimhneasach, saor ó bhuaireamh agus ó chruadhtan na gcogaí a bhí coitchianta ar siúbhal lasmuich dhíobh, do shrois léirsgrios Chromwell iad. Do creachadh agus do sgriosadh iad. An méid nár cuireadh chun báis díobh dob’ éigean dóibh teitheadh le n‑a n‑anam as na sean áiteanaibh cómhnuighthe sin, beó bocht, agus imtheacht ar fuid an tsaoghail.

Bhí an uair sin sa taobh thiar d’ Uíbh Laoghaire, sa Mhumhain, caisleán nár ró mhór, agus Caisleán Charaig na Cora an ainim a bhí air. Bhí beirt drithár ’n‑a gcómhnuighe sa chaisleán san. Diarmuid ua Laoghaire ab ainim do dhuine acu, agus Conchubhar ua Laoghaire ab ainim do’n duine eile. Do shrois an léirsgrios iad. B’éigean dóibh imtheacht, agus an caisleán agus