Jump to content

Mo Sgéal Féin/2

From Wikisource
70468Mo Sgéal FéinPeadar Ua Laoghaire
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 9 ]
II
LIOS CARAGÁIN

Bhí ochtar mac agus ochtar inghean ag Peadar ua Laoghaire agus ag Máire ní Thuathaig, mo shean-athair agus mo sheana-mháthair. Bhí dhá fheirm thailimh acu, an fheirm ar Lios Caragáin, féar bó agus fiche, agus feirm eile thíos ar Chill Ghobnatan, féar chúig cinn déag de bhuaibh. Bhí san maith go leór, ach níor ró mhór an saoghaltas é chun sé dhuine dhéag clainne do thógaint air agus do chur i gcrích as. Dá maireadh an t‑athair go dtí go mbéadh sé suas le deich mbliana agus trí fichid nó mar sin, b’ fhéidir go bhféadfadh sé rud éigin fóghanta dhéanamh do’n chlainn; ach tháinig [ 10 ]an bás air, slán mar a n‑innstear é, nuair ná raibh sé ach ocht mbliana agus dachad. D’á ghioracht í an aimsir a fuair sé chuige, bhí an chuid ba mhó de’n chlainn inghean curtha i gcrích aige sar a bhfuair sé bás, agus iad curtha i gcrích go maith aige. Ní raibh aige le déanamh do’n chlainn mhac ach an talamh do raint eatartha. D’fhág sé Lios Caragáin le h‑udhacht ag ceathrar acu, a leath ag beirt agus an leath eile ag an mbeirt eile. Fuair duine de’n cheathrar san bás go luath i ndiaigh an athar. Ansan do dhein an triúr a bhí ’n‑a dhiaigh trí treana de’n fheirm eatartha féin, i dtreó ná raibh ach féar seacht mbó ag an nduine acu. Duine de’n triúr san ab eadh m’ athair-se.

Déarfadh duine nár mhaith an chiall d’aon fhear óg bean do thabhairt leis agus é féin do shocarughadh chun cómhnuighthe ar fheirm bheag de’n tsórd san, féar seacht mbó, agus gan ann ach droch thalamh. Gan amhras níor mhaith an chiall dó é dá mbéadh caoi aige ar a mhalairt de shocarughadh a dhéanamh dó féin, ach ní raibh. Ní raibh aon fhéachaint suas an uair sin ag aoinne de mhuíntir na h‑Éirean ach an talamh. Bhíodar féin agus a sínsear, an uair sin agus ar feadh na gcéadta blian roimis sin, geartha amach glan ó aon tsaghas eile slíghe bheatha ach amháin bheith ag obair ar an dtalamh ag déanamh cíosa do mháighistiríbh; agus do gearfaí amach ó’n slígh bheatha san, leis, iad, ach nár bh’ fhéidir aon daoine eile dh’fhághail a dh’fhéadfadh oiread cíosa dhéanamh as a dtalamh agus a dh’fhéadaidís sin a dhéanamh. D’á éaghmuis sin, nuair a pósadh m’ athair agus mo mháthair ní raibh an sgéal i n‑aon chor chómh h‑olc ag feirmeóiríbh na h‑Éirean agus bhí sé acu tamall ’n‑a dhiaigh san. Bhí prátaí ag fás agus bhí airgead maith le fághail ar ím. Dhéanfadh an t‑ím an [ 11 ]cíos, agus ansan bhéadh gach aon toradh eile d’á mbainfí as an dtalamh, bhéadh sé ag an bhfeirmeóir dó féin. Do chothóchadh na prátaí agus an bainne an lín-tíghe, agus chuirfeadh stráice lín agus an olan a bhéadh ar thrí cinn de chaoiribh balcais éadaigh ortha.

Is fíor go mbíodh droch mheas an uair sin ar an bpráta agus ar an mbraon bainne mar bhiadh. Ach tá so le rádh agam-sa anois, ag féachaint siar dom ar an aimsir sin agus ar an mbiadh sin, agus ar na daoine a tógadh leis an mbiadh sin. Na fir agus na mná a bhí an uair sin i n‑Éirinn ba threise agus ba dheaghshláintíghe iad go mór ’ná na fir agus na mná atá ann anois. Ní feictí choídhche an uair sin cailín ná buachaill gan lán béil d’fhiacalaibh breaghtha láidire geala istigh i gceann gach duine acu, agus gach fiacal acu san chómh cruaidh chómh daingean le caraig cloiche. Cad a chítear anois? Ní túisge a dh’fhásaid na fiacala i mbéalaibh na leanbh ’ná siúd ag dreóghadh agus ag feóchadh iad láithreach, agus ag imtheacht ’n‑a smúsach, agus go gcaithtear fiacala bréagacha do chur isteach nó ní fhéadfadh an leanbh biadh dh’ithe i n‑aon chor! Cad a chuirean an dreóghadh agus an feóchadh ar na fiacalaibh? Cuirean an droch ghoile. Agus cad fé ndear an droch ghoile? Cad fé ndear é ach an biadh bheith mí-fholáin. Agus an biadh mí-fholáin sin a dheinean an t‑éirleach san ar na fiacalaibh, ar nóin tá fhios ag an saoghal go ndeinean sé díobháil mhór do’n cholainn go léir. Tá fhios ag an saoghal nách féidir do leanbh, do gharsún nó do chailín bheag, sláinte cheart a bheith acu nuair a bhíd na fiacala ag leaghadh ar an gcuma san amach as an gceann acu. Dá mb’ áil leó an tae agus an bhulóg bhán do chaitheamh uatha, agus cromadh airís ar an bpráta agus ar an mbainne do chaitheamh mar [ 12 ]bhiadh agus mar dhigh, nó ar an arán cruithneachtan d’ithe i n‑inead na bulóige báine, bhéadh fiacala agus goile agus sláinte acu mar a bhíodh agá sínsear.

Is dóich liom gur b’ é cuimhne is sia am’ cheann mé bheith ar a baclainn ag mnaoi éigin, ní cuimhin liom anois cé ’r bh’ í. Bhí sí ’n‑a seasamh ar aghaidh an doruis isteach, i dtreó go raibh radharc agam-sa an dorus amach agus anonn ar an mbaile ar a dtugtí an Chathairín Dubh, agus ar an gcnuc ar a dtugtí an Doire Liath. Bhí, agus tá fós, drom fada fiacalach bearnach ar an gcnuc san, agus is cuimhin liom go maith mé bheith ag déanamh iongnadh des na fiacalaibh, agus des na bearnachaibh a bhí eatartha, agus ’ghá fhiafraighe dhíom féin cad fé ndear iad a bheith chómh garbh san i ndrom an chnuic sin. Is cuimhin liom, ’n‑a dhiaigh san, conus mar a chuireas aithne ar chnuc atá lastuaidh de’n Doire Liath agus gurbh’ é ainim a tugtí air ’ná an Chura Liath. Tamall ’n‑a dhiaigh san airís is cuimhin go bhfeicinn, soir ó-dheas ó n‑ár ndorus féin, tigh agus crainn mhóra ’n‑a thímpal, agus go ndeirtí liom gur bh’ é sin tigh Shiobhán ní Bhuachalla ar Bán an tSeana Chnuic, nó, Bárr an tSeana Chnuic, ní fheadar cé’ cu. Bhí mac ag Siobhán ní Bhuachalla, agus Conchubhar ua Corcartha ab ainim dó. Chuireas aithne air nuair a bhíomair araon éirighthe suas. Fear galánta creideamhnach ab eadh é, agus cómharsa mhaith.

Tar éis raint aimsire bhíos ábalta ar ghabháil amach sa chlós agus ar dhul soir go cúinne na h‑iothlann, i dtreó go mbíodh radharc agam, ní h‑amháin anonn ar an gCathairín agus ar an nDoire Liath agus soir ó-thuaidh ar an gCura Liaith, ach anonn, leis, ar ár gcuid tailimh féin go léir. Níor thalamh fóghanta é. Bhí an chuid ba mhó dhé fiain, gan saothrughadh riamh. Bhí bóthar ó [ 13 ]chúinne na h‑iothlann anonn go dtí áit ar a dtugtí Bara na Réidhe, mar a dtáinig bóithrín eile crosta air. Bhí tigh beag ar an gcrois sin agus Peig na Croise a tugtí ar sheana mhnaoi a bhí ’n‑a cómhnuighe sa tigh beag san. Seana bhean dheas ghrádhmhar ab eadh í. Is minic ’n‑a dhiaigh san a thugas tamall de lá ’n‑a tigh beag ag caint léi. Ní raibh aon fhocal Béarla aici, ach bhí Gaeluinn ana bhreagh ana bhlasta aici. Beannacht Dé le n‑a h‑anam!

Cúinne na Réidhe a tugtí mar ainim ar a gcúinne de’n réidh a bhí ar a dtaobh eile de’n bhóthar ó thigh Pheig na Croise. Linne ab eadh an réidh sin. Réidh gan puínn tairbhe ab eadh í. Ní raibh ag fás uirthi ach fraoch, agus ní puínn dé sin féin a bhí ag fás uirthi. Do briseadh isteach ’n‑a dhiaigh san an cúinne de’n réidh sin a bhí i n‑aice na croise, agus Páircín Chúinne na Réidhe a tugadh mar ainim ar an bpáircín a deineadh ann.

Tamall beag siar ó-thuaidh ó Pháircín Chúinne na Réidhe, agus ó thigh bheag Pheig na Croise, bhí tigh beag eile agus bhí mac do Pheig na Croise ’n‑a chómhnuighe ann. Bhí sé pósta ag mnaoi de mhuíntir Chriadáin. Máire Ruadh a tugtí ar an mnaoi sin. Labhrás ab ainim do’n fhear, do mhac Pheig na Croise, Labhrás ua Duinnín. Bhí inghean ag an mbeirt sin agus Peig ab ainim di. Peig Labhráis a tugtí uirthi. Ní raibh aon fhocal Béarla aici, ná agá h‑athair. Siní an cailín beag a bhíodh ag innsint na sgéal dúinn. Isí dh’inis an sgéal san Shéadna dhúinn. Bhíos féin ag éisteacht léi ’ghá innsint. Bhíomair go léir óg go maith an uair sin. Do choimeádas an sgéal am’ cheann, agus do chuireas síos i leabhar é mórán blianta ’n‑a dhiaigh san. Ní dóich liom go bhfuil aon rian de thigh Pheig [ 14 ]na Croise le feisgint ag an gcrois anois, ná aon phioc de rian an tíghe bhig eile ach chómh beag. Ní fheadar cá bhfuil Peig Labhráis anois, ná an mairean sí i n‑aon chor. Tá Labhrás féin agus Máire Ruadh tar éis bháis le mórán aimsire, gura maith an mhaise d’á n‑anam é!

D’airigheas rud a dhein Máire Ruadh nuair a bhí an droch shaoghal ann, agus b’ fhéidir nár mhisde é dh’innsint anso. Ar an ngaraidhe prátaí iseadh mhaireadh gach aon duine bocht an uair sin, agus ar pé braon bainne a gheibheadh sé ó’n bhfeirmeóir go mbíodh slígh fir oibre aige uaidh. Thugadh an feirmeóir leath-acra tailimh leasuighthe do’n fhear oibre, agus do dhíoladh an fear oibre cíos an tíghe bhig, agus pé rud a bhíodh le díol as an leath-acra, leis an obair a dheineadh sé do’n fheirmeóir. Bhíodh an bata scóir acu, agus choimeádaidís araon an cúntas ar an mbata scóir. Is amhlaidh a bhíodh an bata scóir ’n‑a dhá leath ar a fhaid, agus leath acu ar an bhfear oibre agus an leath eile acu ag an bhfeirmeóir. Nuair a bhíodh an cúntas acu le cur síos, do thagaidís i bhfochair a chéile agus a leath féin de’n bhata ag gach duine acu. Ansan, cuir i gcás go mbéadh chúig lá oibre déanta ag an bhfear oibre, do shínfidís an dá leath-bhata suas le n‑a chéile, agus do ghearfadh duine acu chúig scóir le sgiain ar an dá leath-bhata, scór, nó fáibre, i n‑aghaidh gach lae oibre d’ár deineadh. Do gearfaí na fáibrí i dtreó go luighfeadh an sgian ar an dá leath-bhata i n‑aonfheacht, agus go mbéadh gach fáibre geartha isteach ionta araon. Ansan do choimeádfadh gach aoinne a leath féin de’n bhata scóir, agus níor bh’fhéidir d’aoinne acu éagcóir a dhéanamh ar an nduine eile, mar níor bh’ fhéidir scór do ghearadh amach ’ná scór do chur [ 15 ]isteach gan an dá leath-bhata do shíneadh le chéile airís, agus nuair a sínfí le chéile iad do chaithfeadh na fáibrí teacht isteach le n‑a chéile cruinn, fé mar a gearadh iad ar dtúis.

Sar a dtáinig an dubh ar na prátaí bhíodh an toradh chómh maith san go mbíodh a ndóithin mór bídh, i gcóir na bliana, ag lín-tíghe ná béadh ró mhór, sa méid prátaí a bhéad sa leath-acra tailimh leasuighthe. Dá mbéadh lín-tíghe mór ann ní bhéad acu ach breis tailimh leasuighthe do bheith sa gharaidhe acu. Ní raibh aon chuimhneamh acu ar aon tsaghas eile bídh, agus dá mbéadh féin ní raibh aon fhághail acu air. D’fhág san i bpúnc uathbhásach iad nuair a tháinig an dubh ar na prátaí.

Ach i dtaobh Mháire Ruadh. Bhí an garaidhe aici féin agus ag Labhrás. Tháinig an dubh air. D’airigheas í féin ’ghá innsint conus mar a chaith sí an lá ag féachaint ar an ngaraidhe, nuair a bhí na gais ag lobhadh agus ag tuitim, agus í ag gol, agus ná féidir sí an domhan cá bhfaighdís aon rud le n‑ithe. Ní raibh aon mhaith sa gharaidhe. Nuair a bhí pé raint bídh a bhí sa tigh ithte acu, do ghoill an t‑ocras ar Labhrás bocht. Tháinig dathacha air. Ní fhéadfadh sé eirighe as an leabaidh. B’ éigean do Mháire gabháil amach ag “soláthar,” mar a deirtí, .i. a d’iaraidh déarca. D’imthigheadh an bhean san amach ar maidin, agus í ar dúbh-chéalacan, agus théigheadh sí siar go Claedig, treasna na gcnuc, ceathair nó cúig de mhíltibh slíghe. Bhí daoine muínteartha éigin ansan aici. Do tugtí galúinín bainne dhi. Thugadh sí léi abhaile an galúinín bainne sin. Chuireadh sí ar an dteine é go dtí go ndeineadh gruth agus meadhg dé. Ansan do thughadh sí an gruth do Labhrás agus d’óladh sí féin an meadhg. Do lean an bhean san ag déanamh an ghnímh sin go dtí [ 16 ]go bhfuair Labhrás bocht bás. Ní fheadar-sa cá raibh an “bhean uasal” eile do dhéanfadh an uair sin é. An creideamh láidir a bhí istigh ’n-a croídhe, isé chuir fhéachaint ar Mháire Ruadh an gníomh san do dhéanamh.

Ach ní raibh aon chuimhneamh ag aoinne i n-Éirinn ar phrátaíbh dúbha an chéad lá úd a sheasuigheas-sa ag cúinne na h-iothlann ag féachaint anonn ar thigh Pheig na Croise, agus ar Pháircín Chúinne na Réidhe, agus ar thigh Mháire Ruadh, agus ar na páirceanaibh beaga eile atá uaidh siar, Páirc na dTulachán agus Páirc na Luachra; agus ar an gCnucán Ruadh, agus ar an gcaidhséar atá déanta, anuas tríd an gCnucán Ruadh agus tríd an bportach, ag sruthán a thagan anuas ó’n gCura Liath. Táid siad go léir ansúd fós díreach mar a bhíodar an chéad lá a dh’fhéachas-sa anonn ortha ó chúinne na h-iothlann. Táid siad go fuar agus go fiain agus go bocht, ach má táid féin, is ortha is fearr liom bheith ag chuimhneamh anois nuair a bhíon uain agam ar chuimhneamh, mar is ortha agus ar a ndéanamh a bhíos ag cuimhneamh an chéad uair riamh a h-ínnseadh dom gur bh’ é Dia a dhein an domhan.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.