Page:Mo sgeal fein.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
12
MO SGÉAL FÉIN

bhiadh agus mar dhigh, nó ar an arán cruithneachtan d’ithe i n‑inead na bulóige báine, bhéadh fiacala agus goile agus sláinte acu mar a bhíodh agá sínsear.

Is dóich liom gur b’ é cuimhne is sia am’ cheann mé bheith ar a baclainn ag mnaoi éigin, ní cuimhin liom anois cé ’r bh’ í. Bhí sí ’n‑a seasamh ar aghaidh an doruis isteach, i dtreó go raibh radharc agam-sa an dorus amach agus anonn ar an mbaile ar a dtugtí an Chathairín Dubh, agus ar an gcnuc ar a dtugtí an Doire Liath. Bhí, agus tá fós, drom fada fiacalach bearnach ar an gcnuc san, agus is cuimhin liom go maith mé bheith ag déanamh iongnadh des na fiacalaibh, agus des na bearnachaibh a bhí eatartha, agus ’ghá fhiafraighe dhíom féin cad fé ndear iad a bheith chómh garbh san i ndrom an chnuic sin. Is cuimhin liom, ’n‑a dhiaigh san, conus mar a chuireas aithne ar chnuc atá lastuaidh de’n Doire Liath agus gurbh’ é ainim a tugtí air ’ná an Chura Liath. Tamall ’n‑a dhiaigh san airís is cuimhin go bhfeicinn, soir ó-dheas ó n‑ár ndorus féin, tigh agus crainn mhóra ’n‑a thímpal, agus go ndeirtí liom gur bh’ é sin tigh Shiobhán ní Bhuachalla ar Bán an tSeana Chnuic, nó, Bárr an tSeana Chnuic, ní fheadar cé’ cu. Bhí mac ag Siobhán ní Bhuachalla, agus Conchubhar ua Corcartha ab ainim dó. Chuireas aithne air nuair a bhíomair araon éirighthe suas. Fear galánta creideamhnach ab eadh é, agus cómharsa mhaith.

Tar éis raint aimsire bhíos ábalta ar ghabháil amach sa chlós agus ar dhul soir go cúinne na h‑iothlann, i dtreó go mbíodh radharc agam, ní h‑amháin anonn ar an gCathairín agus ar an nDoire Liath agus soir ó-thuaidh ar an gCura Liaith, ach anonn, leis, ar ár gcuid tailimh féin go léir. Níor thalamh fóghanta é. Bhí an chuid ba mhó dhé fiain, gan saothrughadh riamh. Bhí bóthar ó