Page:Mo sgeal fein.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
13
LIOS CARAGÁIN

chúinne na h‑iothlann anonn go dtí áit ar a dtugtí Bara na Réidhe, mar a dtáinig bóithrín eile crosta air. Bhí tigh beag ar an gcrois sin agus Peig na Croise a tugtí ar sheana mhnaoi a bhí ’n‑a cómhnuighe sa tigh beag san. Seana bhean dheas ghrádhmhar ab eadh í. Is minic ’n‑a dhiaigh san a thugas tamall de lá ’n‑a tigh beag ag caint léi. Ní raibh aon fhocal Béarla aici, ach bhí Gaeluinn ana bhreagh ana bhlasta aici. Beannacht Dé le n‑a h‑anam!

Cúinne na Réidhe a tugtí mar ainim ar a gcúinne de’n réidh a bhí ar a dtaobh eile de’n bhóthar ó thigh Pheig na Croise. Linne ab eadh an réidh sin. Réidh gan puínn tairbhe ab eadh í. Ní raibh ag fás uirthi ach fraoch, agus ní puínn dé sin féin a bhí ag fás uirthi. Do briseadh isteach ’n‑a dhiaigh san an cúinne de’n réidh sin a bhí i n‑aice na croise, agus Páircín Chúinne na Réidhe a tugadh mar ainim ar an bpáircín a deineadh ann.

Tamall beag siar ó-thuaidh ó Pháircín Chúinne na Réidhe, agus ó thigh bheag Pheig na Croise, bhí tigh beag eile agus bhí mac do Pheig na Croise ’n‑a chómhnuighe ann. Bhí sé pósta ag mnaoi de mhuíntir Chriadáin. Máire Ruadh a tugtí ar an mnaoi sin. Labhrás ab ainim do’n fhear, do mhac Pheig na Croise, Labhrás ua Duinnín. Bhí inghean ag an mbeirt sin agus Peig ab ainim di. Peig Labhráis a tugtí uirthi. Ní raibh aon fhocal Béarla aici, ná agá h‑athair. Siní an cailín beag a bhíodh ag innsint na sgéal dúinn. Isí dh’inis an sgéal san Shéadna dhúinn. Bhíos féin ag éisteacht léi ’ghá innsint. Bhíomair go léir óg go maith an uair sin. Do choimeádas an sgéal am’ cheann, agus do chuireas síos i leabhar é mórán blianta ’n‑a dhiaigh san. Ní dóich liom go bhfuil aon rian de thigh Pheig