Page:Mo sgeal fein.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
7
MO SHÍNSEAR

ag teacht, ach má bhí, do bhí an bhuairt agus an t‑eagla ortha araon go n‑imtheóchadh an leanbh san fé mar imthigh an chuid eile a tháinig roimis. Bhí an bhuairt agus an t‑eagla ar an máthair chómh mór san gur bhaoghal, dá mba ná béadh aon chúis eile chun na díobhála dhéanamh, nár bheag an bhuairt aigne chuige. Raint laethanta sar a dtáinig an t‑am chun na clainne theacht, do bhuail chúcha an dorus isteach bean ná feacaidh aoinne acu riamh roimis sin. D’fhiafraigh fear an tíghe dhi cár bh’ as í.

“Thánag abhfad ó bhaile anso chúghaibh,” ar sisi, “adtuaidh ó Chill Dara.”

Ansan d’fheuch sí ar an mnaoi.

“Ná bíodh aon bhuairt ná aon eagal ort an turus so,” ar sisi. “Mairfidh an t‑é atá ag teacht anois, ach is ar aon choinghill amháin é,” ar sisi. “Tugtar ainim chúil le cine air, agus mairfidh sé.”

Nuair a bhí an méid sin ráidhte aici d’imthigh sí uatha an dorus amach, agus ní fheacaidh aoinne í, beó ná marbh, sa n‑áit ’n‑a dhiaigh san.

Níor bh’fhada go dtáinig an chlann; mac óg. Conchubhar nó Diarmuid nó Art no Céadach nó Fear, na h‑ainmneacha do bhain leis an gcine; ach do tugadh Barnabí ar an mac san, ainim nár h‑airigheadh riamh roimis sin ar aoinne de mhuíntir Laoghaire. Tháinig mac eile ’n‑a dhiaigh. Do leanadh ar a gcúl le cine, agus do tugadh Peadar mar ainim air. Do mhair an bheirt, agus do dhein fir mhóra mhaithe dhíobh. Do phós Barnabí agus bhí beirt mhac aige. Thug sé Diarmuid ar dhuine acu, i n‑aimhdheóin an chúil le cine, agus thug sé Peadar ar an mac eile, ainim a dhrithár.

Nuair a bhí an bheirt mhac san eirighthe suas b’ éigean