NOTAI
Isé an Comte de Montalembert do chéad-aistrig an leabhar so agus do scríbh réainhTádh dhó in Abrán na bliana 1883. Do cuireadh ar Index an pápa i mí Dheire an Fhomhair é ach do tógadh den Index é i gceann roinnt blian.
LEABHAR AN NAISIUIN PHOLANNAIG.
Versa 11. Le hórdú na comhachta ab aoirde, do cló-bhuaileadh, i gcóir na dteampall agus na scol gCaitlicidhe Rómhánach sa Rúis, leabhar teagaisc ar am onóir a bhí ag dul dImpire na Rúisí uile (Vilna, an cló-theach deoiseasach 1832).
48. Do dhein cuid desna prionsaíbh Gearmáineacha, go háirithe landgrafana Hesse-Cassel, .i. Frederic (sa bh. 1771) agus Seoirse-Liam (sa bh. 1794), do dheinedar na mílte dá ndaoine do thabhairt ina saighdiúirí dosna Sasanaig ar thuarastal.
57. “Thug Críost dúinn an machtnamh úd ar 'chinedaonacht.' Roime n-a theacht san ní raibh fíor-náisiún ar bith ann aob an náisiún Eabhrach; óir níorbh eol fós cá raibh triall na náisiún ná cadé an treo ina raibh na náisiúin dá dtarac, ar nós na bpláinéad ag gluaiseacht timpall na gréine. . . . Ach cad is 'cine-daonacht' ann?—Isé rud é ná suim iomlán agus aondacht na neart go léir a ghluaisean ó spioraid na cine daona agus a nochtar go follus ar an dtalamh so le síocháin agus le grádh idir chlainn na cine daona .i. idir na náisiúin! .... Toradh saothir dhaoine isea na Stáit; nil ionta ach co-chruinnithe daoine. Isiad na náisiúin amháin a ghluais ó Dhia.” (Réamhrádh don Aube, .i. an “Lóchaint,” do scríbh file na Polainne .i. Sigismond Krasinski.)
61. Frédéric Ancillon, ollamh agus seanmóinidhe agus seanchaidhe, do bhí ina mhinistir ar ghnóthibh iasachta na Prúise taréis na b. 1830 agus d’éag sa bh. 1837. Do [ 99 ]shíolraigh sé ó Phrotastúnachaibh Francacha do theith godí an Phrúis taréis aisghairm reachta Nantes. Ancilla: daor a bhrí sa Laidin.
78. Do chuaidh Lafayette ag comhrac ar son saoirse Americá. Chuir sé ar ghnáth-Chó-dháil na Fraince aontú le Fógra Cearta an Duine agus an Chathrathóra. Isé a chuir an gárda náisiúnta ar bun agus isé ba chéad rí féinne ar an ngárda san. Le linn ath-réim na mBourbonach do ghaibh sé páirt i ngach troid dár deineadh ar son na saoirse. Taréis Atharú na b. 1830, do chosain sé cúis gach cine, go mórmór cúis na Polainne i Seomra na dTeachta. D’eag se 20 Bealtaine 1834.
85. Ladaslás a III., .i. Ladaslás Iagellon do throid sé in aghaidh an tSultáin Amurat agus do thuit sé i gcath Varna 10 Samhain 1444. Tháinig na Túrcaig isteach i gCathair Chonstantín naoi mbliana ina dhiaig sin.
Seán a III., .i. Seán Sobieski, do rug bua i gcath Vienna 12 M. Fhomhair 1683, bua a thug saoirse, ni hamháin dAustria ach don Chríostuíacht go leir. Cuireadh suas teampall sa bhfórum Traianach, sa Róimh, mar chuimhneamh ar an gcath san, agus bhí an lá san a bhfuascailte ina lá féile ag muintir Vienna ar feadh céad blian.
87. Có-cheangal na Lituáine agus na Polainne, a tosnuigheadh le pósadh an árd-diúic Ladaslás Iagellon le hEdwige, banríoghain na Polainne, sa bh. 1887, do daingnigheadh an có-cheangal san i ndiet (nó i mór-chomhairle) Lublin sa bh. 1569 nuair dfógair an diet ríocht na Polainne agus diúcacht na Lituáine bheith ina n-aon républic amháin.
91. Do thosnuig ath-chórú na Polainne istig le Córú Dlí an 3adh lá de Bhealtaine 1791 (níor tháinig Córú Dlí na Fraince godí an 29adh lá de Mh. Fhomhair na bliana san).
98. Sarar deineadh an tarna roinnt ar an bPolainn do ceangladh connradh idir rí na Prúise, .i. Frederic-Liam, agus an Pholann, 29 Marta 1790, chun gurbh usaide feall a dhéanamh ar an bPolainn.
100. Oráideacha an bhancaire, Casimir Périer, uachtarán na comhairle agus ministir gnóthí na Fraince istig, 18 agus
28 Marta agus 13 Abrán 1831. [ 100 ]
102. Le linn na náisiun do bheith dá dtreigean do thárla
ceannairc i bPáras. An 14adh lá de mhí na Feabhra 1831
du leagadh ar lár cros teampaill Saint-Germain l'Auxerrois
agus do caitheadh íomhána na naomh dá mbunaibh anuas.
Larnabháireach a bhí chugainn do chuaidh na daoine godí
tigh an árdeaspuig agus do réabadar é. Is beag ná gur
caitheadh teampall Notre Dame isteach in abhainn na Seine.
Rud éigin éagsúlach do bhain do chroidhe na ndaoine ar an
gcuma gcéadna san isea fé ndeár tuitim Cholumhan an airm
mhóir sa bh. 1871.
109. Do thóg Suwarrow cathair Bhársá an 7adh lá de mhí na Samhna 1794; agus do thóg Paszkiewicz í an 7adh lá de Mh. Fhomhair 1831.
LEABHAR NA nOILITHREACH bPOLANNACH.
II. 6.—Tá Adam Mickiewicz ag labhairt ar na Rómhánaig mar dhaoine den Impireacht Rómhánach a bhí ann anallód, agus ni mar Iodáilig.
9.—Na ríochta diombuana diplomáide a chruthig Napóleón, dóibh-sin atáthar ghá thagairt sin anso.
IV. 1.—Nolite confidere principibus (.i. ná biodh do mhuinghin agut a’ prionsaíbh), adeirtar sa Scríbhinn Diadha.
9.—Nimh isea teagosc Voltaire agus, mas féidir dó bheith ina léigheas ar an bhfanaticeacht i gcásaibh áirithe, tá sé contabharthach do dhaoine atá ina sláinte.——Séanan teagosc Hégel an Absolóid.—Deir Monsieur Guizot go bhfuil an phoilitíocht saor ó mhorálas. Agus múinean Monsieur Cousin go borb an teagosc a bhainean le buachtaint an tsaoil seo.
VII. 7.—“Ná habraidh: ní beirt d’aon chine mise agus eisean, óir is éinne amháin is athair don uile chine ar an dtalamh .i. Adam, agus is Aon is athair dóibh ar neamh .i. Dia.
“Nuair a buailtear ball desna ballaibh beatha mothuighean an corp go léir an buille. Is aon chorp amháin sibh go léir. Ni féidir éagcóir a dhéanamh ar éinne amháin agaibh gan éagcóir a dhéanamh oraibh go léir.” (Lamennais,
Bréithre Creideamhaig, IV.) [ 101 ]
“An pobal fhuilingean le héagcóir a dhéanamh ar phobal
eile comhngarach dóibh deinid siad uaig ina n-adhlacfidh a
saoirse féin í féin.” (Lamennais, Leabhar na Poblíochta
XII.)
X. 10.—Is i mBourges, agus Louis-Phillippe ina rí, do chuir 366 de dhaoine isteach ar phiost básaire a bhí taréis bháis.
XII. 12—Oíche an 29adh lá de Shamhain isea do thosnuig éirghe-amach na bliana 1830. Do rugadh bua ag Wawer 19 Feabhra, 1831, agus ag Grochów 25 Feabhra.
17.—Isé Ginireál Skrzynecki do bhuaidh ar na Rúisínig i gcath Wawer agus Ginireál Dwernicki do bhuaidh ag Stoczek 16 Feabhra, 1831, sa chéad chath den choga. Ginireál Henri Dembinski a stiuruig an cúlú ón Lituáin; bhí resimeint Wolhynie fé láimh Chornail Séarlas Rozycki. An tOllamh Lelewel a chuir misneach ar na fearaibh óga. Pierre Wysocki agus lucht iompair na meirgí a thug an comhartha chun éirithe amach le fogha fé phálás Bhelvédére. Sa diet bhí an nuncio ar an gcéad duine do liúig: Síos le Nicolás.
32.— Tugadh cath fuilteach Ostrolenka 26 Bealtaine, 1831.
XII. 1.— Nuair a thairg ministir an chogaidh comharthaí onóra do Légión Pholannach na b. 1848, a chuir Adam Mickiewicz ar bun san Iodáil, ni ghlacfidis iad agus dubhradar: “Is ar son saoirse na Róimhe agus ar son prínsiobal aondacht na bpoibleacha a throidimídne; tugan ár gcoinsias féin cúiteamh dúinn.
XV. . Sa tsoluíd seo, isé an Polannach an maor, agus isé an Rúisíneach an foghluidhe, agus isí an Fhrainc an tig ósta.
Ni raibh ach páirt bheag ag na Giúdaíg in éirghe-amach na b. 1831 ach do thespeánadar ag Bhársá sa bh. 1861, nár lú a ngrádh don Pholainn ná grádh na gCríostuithe dhi. Nuair a bhí Adam Mickiewicz ag déanamh foghluma i gColáiste na Fraince thug sé ómós do dhea-thréthe an phobail Ghiúdaig “an t-aon phobal amháin ná deaghaidh riamh dá muinghin a’ Dia.” Nuair a bhi sé san Iodáil sa bh. 1848 dubhairt sé sa Chréidh Phoiliticeach a scribh sé; [ 102 ]“DIsrael, don bhráthair is sine againn, urraim agns cómbráithreachais agus có-thruime gach cirt shíbhialta agus gach oirt pholaitíochta,” ar seisean. Isé céad-rud a bheartaigh sé agus é sa Domhan Toir ná có-thruime na nGiúdach sa Pholainn do chur ar aghaidh.
An meon úd chun íbeartha dhéanamh díobh féin do thespeáin na Polannaig insna b. 1861 agus 1862 do thuill sé dhóibh an có-thruime do reachtiug an rialtas náisiunta dhóibh i dtosach na b. 1863.
XVIII. 11.—“Chun saoirse dhaoibhse agus dúinne” a scríbh na Polannaig ar a meirgíbh sa bh. 1831—ag cur saoirse chách eile roime n-a saoirse féin.
XXI. 1.—An t-imdheargadh atá ag Adam Mickiewicz á dhéanamh ar na Giúdaíg, is aon bhunús amháin atá leis sin agus leis an imdheargadh a dhein Isaias ar na Giúdaíg anallód.
4.—Ar na mílte nithe a deineadh chun fabhair athespeáint don Pholainn áirímíd na nithe seo: gur ghlac na Gearmáinig go fáilteach an lucht imirce ón bPolainn, sa bh. 1831, le cantainní cómbráithreachais; go raibh leanbhaí ag guidhe orra i Sasana (i mBeverley cuir i gcás), agus gur chuiredar a bpinginí Sathairn i dtaisce ina gcóir; gur minic a dheineadh coláisteánaig sa bhFrainc a nduasa leigint uatha chun go ndíolfí iad chun sochair dosna comhaltaisí Polannacha (mar a chuir an Temps i gcuimhne dhúinn 10 Feabhra, 1880).
Thug muintir thuatha na Bresse an teagosc so dá dteachtaire: “’Sea, dúbail na bronntanaisí airgid i gcóir an chogaidh agus i gcóir na bPolannach óir is cuma dhúinn an Pholann nó an Fhrainc.” (Oráid Mhonsieur le baron de Laguette-Mornay, an teachtaire ón Ain. Seiseon an 30adh lá den Mhárta 1833.)
7.—I radharc a V. de chuid a III. desna Dziady, deirtar, ar an intinn gcéadna, ná hiompódh ach amháin an náisiún is barbartha desna trí náisiúnaibh có-pháirteacha. Na Rómhánaig, a chéas Iosia ar an gcrois, do dhein Críostuithe dhíobh.
XXIII. 6.—Feic Apocal. XVIII. 11, 15, 23.
[ 103 ]GUIDHE AN OILITHRIG.
Bhí an Pholann agus an Lituáin fé smacht na nIagellonach ón mb. 1396 godí an bh. 1572. “I gcaitheamh an dá chéad blian san,” arsa Adam Mickiewicz, “níor cuireadh aon choir i leith Iagellonaig ar bith, aon mhíghníomh chun tairbhe dhó féin ná do réimeas a theaghlaig.” (Daoir I., 1. 395.)
Sobieski, .i. an rí ar a dtugtí Sean a III., do rugadh é 2 Meitheamh 1629, ag bun sléibhte Charpáite, agus d’éag sé in aice Bhársá 17 Meitheamh 1696.
Kosciusko, do rugadh sa Lituáin 16 Feabhra 1745, bhí sé ina adiutant do Washington le linn an chogaidh ar son saoirse Americá; do tugadh an forlamhas go léir dó le linn éirghe-amach an 24adh lá den Mhárta 1794; do bhris sé cath ar na Rúisínig ag Raclawice; do tógadh ina phrísúnach é 6 D. Fomhair ag Maciejowice; d’éag sé i Soleure san Eilbhéis 15 D. Fomhair 1817. Tugadh a chorp tharnais godí an Pholann i gCracow agus d’adhlacadh é maraon le corp Sheosaimh Poniatowski i dtuama ríthe na Polainne.
LIODAN NA nOILITHREACH.
D’iarr ambasadóirí na Polainne ar Phius a V., ar an bpápa ba dhéanaghe fuair bas fé cháil naofachta, d’iarradar taisí naomh air le tabhairt do náisiún na Polainne. “A chlann ó,” ars an papa, “cad is gá dhaoibhse taisí? Tógaidh lan doirn d’úir na Polainne; isé rud an úir sin ná cnámha daoine fuair bás ar son na hEaglaise, mar throidedar i gcoinnibh lucht an ainchreidimh; tá fuil na martar measguithe thríthe.” (Daoir Adam Mickiewicz, V., I. 85.)
Le linn na céime is crua dár rug riamh ar Republic Flórens, dfógair Savonarola Iosa Críost a bheith ina rí feasta ar Fhlórens. Le linn an ghátair a tháinig ar Républic na Polainne i ndiaig an chogaidh leis na Suédaig dhein an rí, Seán Casimir, dhein sé aithris ar Shavonarola agus dfógair sé an Mhaighdean Mhuire ina banríoghain ar an bPolainn agus ar an Lituáin. Sidé an ohuid deiridh dá mhóid: “Agus ós follus dom, agus an bron mór so ar mh’anam, gur mar [ 104 ]gheall ar leattrom agus ar olagónaibh na n-uiríseal atá an tArdbhreitheamh ag leigint pláigeana iolairtha anuas ar mo ríocht le seacht mbliana, geallaim dhuit, an túisce na mbeidh an tsíocháin déanta, go ndéanfad féin, maraon le hOrdaibh uile mo chuid Estáití, na nithe is gá a chur i bhfeidhm chun muintir mo ríochta dfuascailt óna lithéid de leattrom.” (1 Abrán 1656.)
An 7adh lá de mhí na Bealtaine coimeádan an Eaglais féile San Stanaslás, easpog Chracow, a fuair bás 8 Bealtaine 1078; an 6adh lá de Bhealtaine coimeádan sí féile San Casimir, a fuair bás i Vilna sa bh. 1484; an 26adh lá de Mh. Fhomhair coimeádan sí féile San Iósaphat, árdeaspog Pholock, a fuair bás ag Witebsk sa bh. 1623.
Do chuir na Pulawski agns patríotaig eile an Có-chumann nó an Confederation ar bun i mBan i bPodolie. Do chuaidh an Có-chumann i ngleic leis na Rúisínig agus bhíodar ar feadh chúig mblian gan stríocadh, .i. godí gur roinneadh an Pholann sa bh. 1772.
Praga .i. baile d’imeall-bhailtibh Bhársá, do thóg na Rúisínig é ósna Polannaig 6 Samhain 1794.
Dhein na Rúisínig léirscrios ar mhuintir Oszmiana (baile beag sa Lituáin) 17 Abrán 1831; agus i bhFischau, an 27adh lá de Ghionbhair 1832, dhein na Prúisínig dísciú ar na saighdiúirí Polannacha taréis a gcuid arm a bhaint díobh. Na saighdiúirí Polannacha bhí ina bprísúnaig i gCronstadt, do daoradh iad chun 800 buille ’shlait a bhuala orra cheithre huaire. Taréis gach sciúrsála, do leighistí an méid a bhíodh beo fós díobh i dtreo go bhféadfidís an chuid eile den phionós dfulag. Fuair a bhfurmhór bás don sciúrsáil.
Dhein na hIodáilig aithris ar an Liodán so sa bhliain 1848 roim laethanta glórmhara Mhilan (Feic “Cuimhneachán an Legióin Pholannaig” den bhliain 1848, iml. a hAon, leath, a 178).
L. M.
Páras, 24 Nodlaig, 1881.