Jump to content

Page:Leabhar na Polainne.djvu/105

From Wikisource
This page has not been proofread.
101
LEABHAR NA PÓLAINNE.


“An pobal fhuilingean le héagcóir a dhéanamh ar phobal eile comhngarach dóibh deinid siad uaig ina n-adhlacfidh a saoirse féin í féin.” (Lamennais, Leabhar na Poblíochta XII.)

X. 10.—Is i mBourges, agus Louis-Phillippe ina rí, do chuir 366 de dhaoine isteach ar phiost básaire a bhí taréis bháis.

XII. 12—Oíche an 29adh lá de Shamhain isea do thosnuig éirghe-amach na bliana 1830. Do rugadh bua ag Wawer 19 Feabhra, 1831, agus ag Grochów 25 Feabhra.

17.—Isé Ginireál Skrzynecki do bhuaidh ar na Rúisínig i gcath Wawer agus Ginireál Dwernicki do bhuaidh ag Stoczek 16 Feabhra, 1831, sa chéad chath den choga. Ginireál Henri Dembinski a stiuruig an cúlú ón Lituáin; bhí resimeint Wolhynie fé láimh Chornail Séarlas Rozycki. An tOllamh Lelewel a chuir misneach ar na fearaibh óga. Pierre Wysocki agus lucht iompair na meirgí a thug an comhartha chun éirithe amach le fogha fé phálás Bhelvédére. Sa diet bhí an nuncio ar an gcéad duine do liúig: Síos le Nicolás.

32.— Tugadh cath fuilteach Ostrolenka 26 Bealtaine, 1831.

XII. 1.— Nuair a thairg ministir an chogaidh comharthaí onóra do Légión Pholannach na b. 1848, a chuir Adam Mickiewicz ar bun san Iodáil, ni ghlacfidis iad agus dubhradar: “Is ar son saoirse na Róimhe agus ar son prínsiobal aondacht na bpoibleacha a throidimídne; tugan ár gcoinsias féin cúiteamh dúinn.

XV. . Sa tsoluíd seo, isé an Polannach an maor, agus isé an Rúisíneach an foghluidhe, agus isí an Fhrainc an tig ósta.

Ni raibh ach páirt bheag ag na Giúdaíg in éirghe-amach na b. 1831 ach do thespeánadar ag Bhársá sa bh. 1861, nár lú a ngrádh don Pholainn ná grádh na gCríostuithe dhi. Nuair a bhí Adam Mickiewicz ag déanamh foghluma i gColáiste na Fraince thug sé ómós do dhea-thréthe an phobail Ghiúdaig “an t-aon phobal amháin ná deaghaidh riamh dá muinghin a’ Dia.” Nuair a bhi sé san Iodáil sa bh. 1848 dubhairt sé sa Chréidh Phoiliticeach a scribh sé;