“DIsrael, don bhráthair is sine againn, urraim agns cómbráithreachais agus có-thruime gach cirt shíbhialta agus gach oirt pholaitíochta,” ar seisean. Isé céad-rud a bheartaigh sé agus é sa Domhan Toir ná có-thruime na nGiúdach sa Pholainn do chur ar aghaidh.
An meon úd chun íbeartha dhéanamh díobh féin do thespeáin na Polannaig insna b. 1861 agus 1862 do thuill sé dhóibh an có-thruime do reachtiug an rialtas náisiunta dhóibh i dtosach na b. 1863.
XVIII. 11.—“Chun saoirse dhaoibhse agus dúinne” a scríbh na Polannaig ar a meirgíbh sa bh. 1831—ag cur saoirse chách eile roime n-a saoirse féin.
XXI. 1.—An t-imdheargadh atá ag Adam Mickiewicz á dhéanamh ar na Giúdaíg, is aon bhunús amháin atá leis sin agus leis an imdheargadh a dhein Isaias ar na Giúdaíg anallód.
4.—Ar na mílte nithe a deineadh chun fabhair athespeáint don Pholainn áirímíd na nithe seo: gur ghlac na Gearmáinig go fáilteach an lucht imirce ón bPolainn, sa bh. 1831, le cantainní cómbráithreachais; go raibh leanbhaí ag guidhe orra i Sasana (i mBeverley cuir i gcás), agus gur chuiredar a bpinginí Sathairn i dtaisce ina gcóir; gur minic a dheineadh coláisteánaig sa bhFrainc a nduasa leigint uatha chun go ndíolfí iad chun sochair dosna comhaltaisí Polannacha (mar a chuir an Temps i gcuimhne dhúinn 10 Feabhra, 1880).
Thug muintir thuatha na Bresse an teagosc so dá dteachtaire: “’Sea, dúbail na bronntanaisí airgid i gcóir an chogaidh agus i gcóir na bPolannach óir is cuma dhúinn an Pholann nó an Fhrainc.” (Oráid Mhonsieur le baron de Laguette-Mornay, an teachtaire ón Ain. Seiseon an 30adh lá den Mhárta 1833.)
7.—I radharc a V. de chuid a III. desna Dziady, deirtar, ar an intinn gcéadna, ná hiompódh ach amháin an náisiún is barbartha desna trí náisiúnaibh có-pháirteacha. Na Rómhánaig, a chéas Iosia ar an gcrois, do dhein Críostuithe dhíobh.
XXIII. 6.—Feic Apocal. XVIII. 11, 15, 23.