Page:Leabhar na Polainne.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
100
LEABHAR NA PÓLAINNE.


102. Le linn na náisiun do bheith dá dtreigean do thárla ceannairc i bPáras. An 14adh lá de mhí na Feabhra 1831 du leagadh ar lár cros teampaill Saint-Germain l'Auxerrois agus do caitheadh íomhána na naomh dá mbunaibh anuas. Larnabháireach a bhí chugainn do chuaidh na daoine godí tigh an árdeaspuig agus do réabadar é. Is beag ná gur caitheadh teampall Notre Dame isteach in abhainn na Seine. Rud éigin éagsúlach do bhain do chroidhe na ndaoine ar an gcuma gcéadna san isea fé ndeár tuitim Cholumhan an airm mhóir sa bh. 1871.

109. Do thóg Suwarrow cathair Bhársá an 7adh lá de mhí na Samhna 1794; agus do thóg Paszkiewicz í an 7adh lá de Mh. Fhomhair 1831.

LEABHAR NA nOILITHREACH bPOLANNACH.

II. 6.—Tá Adam Mickiewicz ag labhairt ar na Rómhánaig mar dhaoine den Impireacht Rómhánach a bhí ann anallód, agus ni mar Iodáilig.

9.—Na ríochta diombuana diplomáide a chruthig Napóleón, dóibh-sin atáthar ghá thagairt sin anso.

IV. 1.—Nolite confidere principibus (.i. ná biodh do mhuinghin agut a’ prionsaíbh), adeirtar sa Scríbhinn Diadha.

9.—Nimh isea teagosc Voltaire agus, mas féidir dó bheith ina léigheas ar an bhfanaticeacht i gcásaibh áirithe, tá sé contabharthach do dhaoine atá ina sláinte.——Séanan teagosc Hégel an Absolóid.—Deir Monsieur Guizot go bhfuil an phoilitíocht saor ó mhorálas. Agus múinean Monsieur Cousin go borb an teagosc a bhainean le buachtaint an tsaoil seo.

VII. 7.—“Ná habraidh: ní beirt d’aon chine mise agus eisean, óir is éinne amháin is athair don uile chine ar an dtalamh .i. Adam, agus is Aon is athair dóibh ar neamh .i. Dia.

“Nuair a buailtear ball desna ballaibh beatha mothuighean an corp go léir an buille. Is aon chorp amháin sibh go léir. Ni féidir éagcóir a dhéanamh ar éinne amháin agaibh gan éagcóir a dhéanamh oraibh go léir.” (Lamennais, Bréithre Creideamhaig, IV.)