Page:Leabhar na Polainne.djvu/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

NOTAI

Isé an Comte de Montalembert do chéad-aistrig an leabhar so agus do scríbh réainhTádh dhó in Abrán na bliana 1883. Do cuireadh ar Index an pápa i mí Dheire an Fhomhair é ach do tógadh den Index é i gceann roinnt blian.

LEABHAR AN NAISIUIN PHOLANNAIG.

Versa 11. Le hórdú na comhachta ab aoirde, do cló-bhuaileadh, i gcóir na dteampall agus na scol gCaitlicidhe Rómhánach sa Rúis, leabhar teagaisc ar am onóir a bhí ag dul dImpire na Rúisí uile (Vilna, an cló-theach deoiseasach 1832).

48. Do dhein cuid desna prionsaíbh Gearmáineacha, go háirithe landgrafana Hesse-Cassel, .i. Frederic (sa bh. 1771) agus Seoirse-Liam (sa bh. 1794), do dheinedar na mílte dá ndaoine do thabhairt ina saighdiúirí dosna Sasanaig ar thuarastal.

57. “Thug Críost dúinn an machtnamh úd ar 'chinedaonacht.' Roime n-a theacht san ní raibh fíor-náisiún ar bith ann aob an náisiún Eabhrach; óir níorbh eol fós cá raibh triall na náisiún ná cadé an treo ina raibh na náisiúin dá dtarac, ar nós na bpláinéad ag gluaiseacht timpall na gréine. . . . Ach cad is 'cine-daonacht' ann?—Isé rud é ná suim iomlán agus aondacht na neart go léir a ghluaisean ó spioraid na cine daona agus a nochtar go follus ar an dtalamh so le síocháin agus le grádh idir chlainn na cine daona .i. idir na náisiúin! .... Toradh saothir dhaoine isea na Stáit; nil ionta ach co-chruinnithe daoine. Isiad na náisiúin amháin a ghluais ó Dhia.” (Réamhrádh don Aube, .i. an “Lóchaint,” do scríbh file na Polainne .i. Sigismond Krasinski.)

61. Frédéric Ancillon, ollamh agus seanmóinidhe agus seanchaidhe, do bhí ina mhinistir ar ghnóthibh iasachta na Prúise taréis na b. 1830 agus d’éag sa bh. 1837. Do