Jimín Mháire Thaidhg/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN AR SEAĊRÁN FAIRRGE
[ 60 ]

Caibidiol IX

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN AR SEAĊRÁN FAIRRGE

Níor éiriġ idir me féin agus Mam ar feaḋ aḃfad. Ḃíos im’ ḃuaċaill maiṫ, tá’s agat! nó ċeap Mam go raḃas, agus b’é an dá ṁar a ċéile é. Nuair ṫagainn isteaċ istoiḋċe deirinn léi gur ṫuas i dtiġ Ṁáire Aindí a ḃínn, ag tarrac uisce agus ag breiṫ ṁóna isteaċ do Nell. Deireaḋ mo ṁáṫair go mb’ḟearra ḋom fuireaċ ar fad aca. Ag magaḋ fúm a ḃíoḋ sí, ṫuiginn; aċ deirinn-se léi ná fágfainn mo Ṁaimí féin ar aonne. Ar ṁ’anam ná feadar ciaca ag magaḋ ḃínn féin nó nárḃ eaḋ. Is aṁlaiḋ atá an scéal idir me féin agus Mam: go mbímíd mór le ċéile uair umá seaċ agus aṁrasaċ ar a ċéile urṁór ár saoġail agus mise boċt i mbroid is i mórḃrón an ċuid eile den aimsir.

Aimsir na broide atá anois tagaiṫe orm. Táim féin is Mam i gcogaḋ ḋearg le n-a ċéile. B’ḟéidir naċ mar sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogaḋ liom-sa agus mise ag díol as go cráite agus go dóite. Is mór an tubaist d’aon ḃuaċaill boċt a ṁáṫair do ċur scaiṁe an uilc uirṫi féin ċuige. Níorḃ ḟiú trí leaṫṗingní do ṡaoġal aici, a ċroiḋe, nuair a ḃeaḋ an faoḃar uirṫi ċuġat. Sin é duḃairt Daid, leis.

Tá Mam le seaċtain ag gaḃáil steallaḋ orm-sa agus ní ḟeudaim í ṡásaṁ. Tá seaċt ḃfiċid céad buicéad uisce beirṫe isteaċ agam ċúiċi ó ṫuit sí amaċ liom, agus fiċe céad míle miliún gaḃál móna; agus tá mo ċroiḋe is m’ae ag riṫ ar a ċéile agam ón gcosanáirde ag dul ar ṫeaċtaireaċtaí ḋi; aċ godé’n ṁaiṫ sin? ní ḟaġaim tar éis na mbeart aċ droċíde. Uair d’á raiḃ gaḃál móna agam ag teaċt, ṫugas gaḃál mór liom [ 61 ]d’ḟonn a buiḋeaċas a ṫuilleaṁ; aċ ṫuit caḋrán sa doras agus ṁairḃ sé sicín beag ḋá lá agus ṁairḃ Mam mise.

Ní ḟéadaim aon rud a ḋéanaṁ go ceart. Imiġeann aindeise éigin ar gaċ aon ní. Ċuir mo ṁáṫair me ag caḃrú le Cáit ċun na gceaċt.

“A hoċt fé ċeaṫair,” arsa mise.

“A hoċt is daċad,” ars an gligín.

“Léan id’ ċeann cipín!” arsa mise. (Sin é deir an Máiġistir ar scoil linne. Is maiṫ an ḃail air ná fuil mo ṁáṫair ar scoil aige.) Nuair a ċualaiḋ Mam cad duḃart le Cáit, ṫáinig olc uirṫi ċuġam. Rug sí ar scoiṫ cinn orm agus deirim-se leat nár ḟág sí aon teasbaċ orm. “Múinfiḋ san fios do ḃéas duit,” arsa Mam agus rop sí síos sa tseomra mé.

Tá gaċ aon rud im’ ċoinniḃ agus ní haon ṁaiṫ ḋom ḃeiṫ ag iarraiḋ buaċaill maiṫ a ḋéanaṁ díom féin. Ní leigfear dom ḃeiṫ go maiṫ. Ní ḃeaḋ Mam sásta, ceapaim, gan í ḃeiṫ ’á ráḋ gaċ aon uair a ċluig gur bligeárd me. Ḃí mo ċroiḋe scólta nuair cuireaḋ sa tseomra me. Ḃí olc orm ċun gaċ aonne. Ḋeineas pictiúir de Ṁam ar an úrlár le smut de ċailc a ġoideas ón Máiġistir. Annsan do rinnceas ar ṗictiúir Ṁam agus ba ṁór an sásaṁ dom’ ċroiḋe é sin. Ḋeineas pictiúir annsan de ṡeanaḃád Ṫaiḋg Nellí agus rinnceas mo ṡásaṁ uirṫi sin, leis. Ḃí an goṁ orm ċúiċi sin mar sin í ṫairrig an míáḋ so go léir anuas orm.

Mar seo do ṫuit an scéal amaċ, tá’s agat. Ní raiḃ “caid” ná liaṫróid coise agam féin ná ag Micilín Eoin. An seana-ċeann a ḃí againn d’imiġ sé ’na stráicí. Ní raiḃ ceann nua le faġáil gan a deiċ scillinge agus tar éis ḃeiṫ ag goid uḃ ar feaḋ coigṫíse ní raiḃ againn aċ a ceaṫair agus tuistiún. Ġoideas féin na huiḃe ón gcirc a ḃí deiċ lá ar gor age Beit Ṁóir! Fuair Micilín ḋá scilling orṫa i siopa an Tobair. Ṁeallas réal a ḃí age Cáit uaiṫe. Ḃí Cáit ag gol, aċ ḃagruiġeas uirṫi go ’neosainn do Ṁam cé ḋoirt an beiste bainne go raiḃ [ 62 ]an murdal ’na ṫaoḃ cúpla lá roime sin. D’éist Cáit im baic!

Nuair nárḃ ḟéidir linn dul ṫar an gceaṫair is tuistiún b’éigean dúinn slí éigin eile ṫarrac ċuġainn. Ḃíomair i ḃfad ag cuiṁneaṁ agus ag smaoineaṁ agus isé rud a ḃeartuiġeamair sa deire a ḋéanaṁ ná gleamaiġ a ġoid agus a ḋíol; agus ċeapamair maidean Doṁnaiġ ċuige sin. Ḃí a lán cogarnaiġe ar siuḃal age beirt againn. Ḃí sé socair againn ná tógfaimís aċ ceiṫre cinn de ġleamaiġ nó b’ḟéidir cúig cinn. Ní raġaimís ṫar cúig cinn. Ċuirfimís i gcliaḃ iad agus feamnaċ tiompall orṫa agus ḃéarfaimís ’on Daingean ar ṡlí éigin iad. Ḃeaḋ an “ċaid” ag teaċt aḃaile againn. Ní leigfimís d’aon duine eile barra bróige ḃualaḋ uirṫi sin—aċ Cáit b’ḟéidir. Ḃeinn-se is Micilín ’nár máiġistrí ar an gcaid. Ḃeaḋ sí oiḋċe agam-sa agus an tarna hoiḋċe age Micilín. Ní ḃeaḋ cead ag aonne ’gainn an loṁnán a ḃaint amaċ aiste ċun a ḃeiṫ ’á ṡéide.

Istoiḋċe Dé Saṫairn ṫógamair an dá ṁaide ráṁa ó ḃinn tiġe Ṫaiḋg Nellí agus ċuireamair i ḃfolaċ i ndíg sceaċ iad. Ḃí an bád ar snáṁ i gCuas na Báistiġe agus ḃí ’s againn go mbeaḋ sí ann ar maidin. Nuair ḃí gaċ aonne ag dul ċun an Aifrinn lárnaṁáireaċ do ġluaiseamair-na leo ċoṁ fada le Páirc a’ Leasa. D’éaluiġeamair isteaċ sa lios annsan agus scaoileamair na daoine go léir ṫarainn. Nuair ḃíodar gaḃṫa ṫarainn, ċuamair ón lios go dtí an bád ag éalú cois claṫaċ. Rugamair na maidí linn agus ċuamair sa ḃád. Seanaṗota salaċ iseaḋ í a ḃíonn aige ag baint iascán, agus bíonn bolaṫ loḃṫa istiġ innte.

Ḃí an ġaoṫ ón dtalaṁ agus ḃogamair linn soir le hais na gcloċ insa ḃfuiṫin. Ḃuail corc linn agus rugamair air agus ḃíomair ag tarrac agus ár dteanga amuiċ againn go dtáinig an pota gliomaċ aníos go dtí taoḃ an ḃáid. Ní raiḃ faic ann. Ní haon ṁisneaċ a ċuir san orainn, dar fia! Ṫánamair go dtí pota eile. Partán dearg a ḃí annsan agus a ḋá ċrúb ar leaṫaḋ [ 63 ]d’iarraiḋ beirṫe orainn. Scaoileamair uainn an pota. Níor ḟan aon ṁisneaċ mór annsan againn agus duḃairt Micilín ná faġaimís gliomaċ an lá san i dtaoḃ ná raḃamair ar aon Aifreann. Duḃart-sa leis paidir a ráḋ agus ḃí leaṫ “Ár n-Aṫair atá ar Neaṁ” ráiḋte aige nuair a ċuiṁniġ sé gur ag goid ġliomaċ a ḃíomair agus ṫáinig stad ann. Níor ṁaiṫ leis, a’ dtuigeann tú, a iarraiḋ ar Ḋia caḃrú leis ċuige sin.

Ṫánamair go dtí an tríú pota agus, ambasa, ḃí fámaire de ġliomaċ ann. Nuair a ċuireamair ar ṫóin an ḃáid é, ḃí gaċ aon ċnag aige le n-a eirball. Ċuarduiġeamair cúig ṗotaí eile agus ḃí trí gleamaiġ againn, aċ má seaḋ, ḃíomair i ḃfad soir agus sinn ag druidim amaċ go dtí Gob an Ġéaráin. Ní ró ṁaiṫ is cuiṁin liom cad a ṫuit amaċ nuair ṫánamair go dtí an Gob. Ḃí an ḟairrge anaṡuaiṫte ann díreaċ taoḃ amuiċ ḋe agus nuair ṫáinig an scannra orainn agus ċasamair ċun teaċt isteaċ, rug an ġaoṫ ón dtalaṁ, agus an taoide, ar an mbád agus beireaḋ amaċ fén ḃfairrge ṁóir sinn. Do réir mar ḃíomair ag dul amaċ iseaḋ ba ṫreise ḃí an ġaoṫ agus iseaḋ ba ṁó a ḃí an scannra ag teaċt ’nár gcroiḋe. Do ċrom Micilín ar ḃéiciġ agus ar ġlaoḋaċ ar a ṁáṫair agus annsan ṫáinig daṫ glasliaṫ air agus ċrom sé ar úrlucan. Ċaiṫeas féin, is cuiṁin liom, na trí gleamaiġ i ḃfairrge féaċaint an gcuirfeaḋ san fearg Dé ḋínn. Aċ níor ċuir.

Amaċ a ḃíomair ag imeaċt i gcóṁnaiḋe agus ón ḃfuadar a ḃí fúinn ṁeasas féin naċ fada na laeṫeannta ḃainfeaḋ sé ḋínn dul go Meirice. Uaireannta d’éiriġeaḋ buile orm agus ḃínn go cráite agus ḃuailinn toċta an ḃáid lem’ ḋorn agus ḃuailinn Micilín agus deirinn leis breiṫ ar an maide. Aċ ṫéiġeaḋ an ráṁaiḋeaċt ’nár gcoinniḃ mar ḃí an ḟairrge ró ġarḃ agus leagaḋ an maide ar ár gcúl anuas den toċta sinn. Annsan ṫugainn tamall ag gol, agus b’in é an gol croiḋeḃriste. Ċuiṁniġinn ar Ṁam agus ar Ḋaid agus ar Ċáit; agus ġlaoḋainn ar Ṁam ċun teaċt agus a buaċaillín féin a ṡaoraḋ. [ 64 ]Agus deirinn léi go ḃféadfaḋ sí me ḃualaḋ go mbeaḋ sí sásta agus go mbeinn im’ ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uair eile, go deo agus go bráṫ. Annsan ḋúisiġeaḋ Micilín agus deireaḋ sé liom paidir a ráḋ agus ṫéiġimís ar ár nglúine gaċ taoḃ den toċta agus deirimís “Ár n-Aṫair atá ar Neaṁ,” agus d’iarraimís ar Ḋia agus ar Ṁuire agus ar Ṗádraig agus ar na Naoiṁ go léir teaċt i gcaḃair dúinn. Ḃí’s againn ná raiḃ Dia ró ṁór linn toisc a raiḃ de ṡladaiḋeaċt déanta againn d’iarraiḋ na caide a ċeannaċ, aċ ṁeasamair go mbogfaḋ an dream eile A ċroiḋe má ḃí Sé i n-earraid linn. Ġeallamair go prínsiopálta ná goidfimís uiḃe guir ná gliomaċ faid a ṁairfimís beo. Ṫuigeamair go mbogfaḋ san aon Dia a ċífeaḋ an uair sin sinn ar ár nglúiniḃ agus greim ar ṫoċta báid againn agus an bád ’á ċaiṫeaṁ síos suas, soir siar, ag an riaċ fairrge ná fanfaḋ socair. Ní ró ċruinn atá na rudaí sin im’ aigne i n-ao’ ċor. Is geall im’ ċuiṁne iad leis an dtromluiġe a ḃí orm bliain ó ṡin nuair ċeapas go raiḃ tarḃ mór Ṁicí Ṫomáis im’ ḋiaiḋ an cnoc anuas.

Ṫáinig codla nó mairḃitiġe éigin orm fé ḋeire, agus sé an ċéad rud eile is cuiṁin liom i dtaoḃ an ḃáid ná Taḋg Óg a ḃeiṫ am’ ċroṫaḋ, agus nuair ḋúisiġeas ṫugas fé ndeara go raiḃ cúig cinn de naoṁóga tiompall orainn agus greim ag naoṁóig aca ar an mbád. Ḃí Mam innti sin. Do ġeal mo ċroiḋe nuair ċuir Taḋg isteaċ sa naoṁóig me agus ċonnac í. Ní ḟéadfainn focal a ráḋ léi aċ cromaḋ ar ġol. Ní raiḃ aon ḟocal as Mam, aċ ṫóg sí ’na huċt me agus d’ḟáisc sí isteaċ léi me agus ċuir sí a brat im’ ṫiompall. Ḃraiṫeas uirṫi go raiḃ toċt uirṫi aċ ní toċt é ċuir aon eagla orm roimpe agus ṫuit mo ċodla orm agus níor ḋúisiġeas go raḃas istiġ sa ḃaile.

Do hullṁuiġeaḋ daḃaċ mór d’uisce te agus cuireaḋ síos ann me agus tugaḋ deoċa teo ḋom agus casaḋ i bplainíntí me agus baineaḋ allus asam agus ní leigfí dom dul as an leabaiḋ go ceann dá lá. Ḃíṫeas am’ [ 65 ]ṗotḃiaṫaḋ an ḟaid sin, aċ nuair éiriġeas agus gur ḃraṫadar nár ḃaoġal dom—sin é an uair a fuair Jimín an rud a ḃí ag teaċt ċuige. Níor ḃuail sí i n-ao’ ċor an uair sin me, aċ b’ḟearr liom go mór an bualaḋ ná an tslí ḃíonn sí ag féaċaint orm. Níor ġáir sí ċuġam le seaċtain, ná ní duḃairt sí “maiṫ an buaċaill” liom.

Is dóċa gur droċṡaġas me agus gur bligeárd me—sin é an ainm a ṫug sí orm an lá d’éiriġeas-aċ má’s bligeárd me dar ndóiġ ní mise fé ndeara é. Bím ar mo ḋíċeall d’iarraiḋ a ḃeiṫ go maiṫ aċ teipeann orm. Táim gan aon loċt le seaċtain, agus féaċ! ní ḋéanfaḋ Mam gáire ná bladar liom. Cad a ḋéanfad i n-ao’ ċor má ḋ’ḟanann sí mar seo. Beiḋ mo ċroiḋe briste. Tá sí ró ḋian ar fad ar ḃuaċaill boċt.

Tá’s agam-sa cad a ḋéanfad léi. Imeoċad uaiṫe. Éalóċaiḋ me amaċ an doras agus suas an cnoc—suas, suas, suas ameasc na ḃfaillte agus raġad isteaċ i bpluais ann agus bead go brónaċ agus go huaigneaċ agus tiocfaiḋ Mam am’ lorg agus beiḋ sí ag glaoḋaċ orm agus ní ṫaḃarfad aon ḟreagra uirṫi agus imeoċaiḋ sí go brónaċ ag gol agus í ag lorg Jimín ḃig ṁaiṫ. Agus beiḋ me gaċ aon oiḋċe ag féaċaint síos ar an solas i n-ár ḃfuinneóig-na agus beiḋ ḟios agam go mbeiḋ Mam ag gol i n-aice na teine nó ’na seasaṁ sa doras féaċaint an mbeinn-se ag teaċt; aċ fanfad-sa sa ṗluais ar an gcnoc agus mo ċroiḋe lán de ḃrón agus beiḋ an bás ag teaċt ċuġam gaċ aon lá agus annsan tógfad amaċ an smut cailce seo im’ póca agus scríḃfad ar ṫaoḃ na lice ḃeiḋ im’ aice:

“Siad so cnáṁa Jimín do fuair bás
ins an áit seo agus a ċroiḋe briste
toisc ná laḃarfaḋ Mam leis,”

agus taréis bliana ġeoḃaiḋ siad mo ċnáṁa agus taḃarfaid aḃaile iad go dtí Mam agus beiḋ Mam ag gol [ 66 ]agus ag bualaḋ a bas agus déarfaiḋ sí: “Ó ṁaise! cad na ṫaoḃ nár laḃras lem’ Jimín beag féin agus gan a ċroiḋe a ḃriseaḋ? Oċón! Oċón!” Sin é an tslí ċun sásaṁ a ḃeiṫ agam as Mam. B’ḟéidir annsan go mbeaḋ caṫú uirṫi agus go mb’ḟearr léi go mbeaḋ sí go deas le Jimín boċt.