Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN AR SEAĊRÁN FAIRRGE

ṗotḃiaṫaḋ an ḟaid sin, aċ nuair éiriġeas agus gur ḃraṫadar nár ḃaoġal dom—sin é an uair a fuair Jimín an rud a ḃí ag teaċt ċuige. Níor ḃuail sí i n-ao’ ċor an uair sin me, aċ b’ḟearr liom go mór an bualaḋ ná an tslí ḃíonn sí ag féaċaint orm. Níor ġáir sí ċuġam le seaċtain, ná ní duḃairt sí “maiṫ an buaċaill” liom.

Is dóċa gur droċṡaġas me agus gur bligeárd me—sin é an ainm a ṫug sí orm an lá d’éiriġeas-aċ má’s bligeárd me dar ndóiġ ní mise fé ndeara é. Bím ar mo ḋíċeall d’iarraiḋ a ḃeiṫ go maiṫ aċ teipeann orm. Táim gan aon loċt le seaċtain, agus féaċ! ní ḋéanfaḋ Mam gáire ná bladar liom. Cad a ḋéanfad i n-ao’ ċor má ḋ’ḟanann sí mar seo. Beiḋ mo ċroiḋe briste. Tá sí ró ḋian ar fad ar ḃuaċaill boċt.

Tá’s agam-sa cad a ḋéanfad léi. Imeoċad uaiṫe. Éalóċaiḋ me amaċ an doras agus suas an cnoc—suas, suas, suas ameasc na ḃfaillte agus raġad isteaċ i bpluais ann agus bead go brónaċ agus go huaigneaċ agus tiocfaiḋ Mam am’ lorg agus beiḋ sí ag glaoḋaċ orm agus ní ṫaḃarfad aon ḟreagra uirṫi agus imeoċaiḋ sí go brónaċ ag gol agus í ag lorg Jimín ḃig ṁaiṫ. Agus beiḋ me gaċ aon oiḋċe ag féaċaint síos ar an solas i n-ár ḃfuinneóig-na agus beiḋ ḟios agam go mbeiḋ Mam ag gol i n-aice na teine nó ’na seasaṁ sa doras féaċaint an mbeinn-se ag teaċt; aċ fanfad-sa sa ṗluais ar an gcnoc agus mo ċroiḋe lán de ḃrón agus beiḋ an bás ag teaċt ċuġam gaċ aon lá agus annsan tógfad amaċ an smut cailce seo im’ póca agus scríḃfad ar ṫaoḃ na lice ḃeiḋ im’ aice:

“Siad so cnáṁa Jimín do fuair bás
ins an áit seo agus a ċroiḋe briste
toisc ná laḃarfaḋ Mam leis,”

agus taréis bliana ġeoḃaiḋ siad mo ċnáṁa agus taḃarfaid aḃaile iad go dtí Mam agus beiḋ Mam ag gol

F
65