Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN AR SEAĊRÁN FAIRRGE

d’ḟonn a buiḋeaċas a ṫuilleaṁ; aċ ṫuit caḋrán sa doras agus ṁairḃ sé sicín beag ḋá lá agus ṁairḃ Mam mise.

Ní ḟéadaim aon rud a ḋéanaṁ go ceart. Imiġeann aindeise éigin ar gaċ aon ní. Ċuir mo ṁáṫair me ag caḃrú le Cáit ċun na gceaċt.

“A hoċt fé ċeaṫair,” arsa mise.

“A hoċt is daċad,” ars an gligín.

“Léan id’ ċeann cipín!” arsa mise. (Sin é deir an Máiġistir ar scoil linne. Is maiṫ an ḃail air ná fuil mo ṁáṫair ar scoil aige.) Nuair a ċualaiḋ Mam cad duḃart le Cáit, ṫáinig olc uirṫi ċuġam. Rug sí ar scoiṫ cinn orm agus deirim-se leat nár ḟág sí aon teasbaċ orm. “Múinfiḋ san fios do ḃéas duit,” arsa Mam agus rop sí síos sa tseomra mé.

Tá gaċ aon rud im’ ċoinniḃ agus ní haon ṁaiṫ ḋom ḃeiṫ ag iarraiḋ buaċaill maiṫ a ḋéanaṁ díom féin. Ní leigfear dom ḃeiṫ go maiṫ. Ní ḃeaḋ Mam sásta, ceapaim, gan í ḃeiṫ ’á ráḋ gaċ aon uair a ċluig gur bligeárd me. Ḃí mo ċroiḋe scólta nuair cuireaḋ sa tseomra me. Ḃí olc orm ċun gaċ aonne. Ḋeineas pictiúir de Ṁam ar an úrlár le smut de ċailc a ġoideas ón Máiġistir. Annsan do rinnceas ar ṗictiúir Ṁam agus ba ṁór an sásaṁ dom’ ċroiḋe é sin. Ḋeineas pictiúir annsan de ṡeanaḃád Ṫaiḋg Nellí agus rinnceas mo ṡásaṁ uirṫi sin, leis. Ḃí an goṁ orm ċúiċi sin mar sin í ṫairrig an míáḋ so go léir anuas orm.

Mar seo do ṫuit an scéal amaċ, tá’s agat. Ní raiḃ “caid” ná liaṫróid coise agam féin ná ag Micilín Eoin. An seana-ċeann a ḃí againn d’imiġ sé ’na stráicí. Ní raiḃ ceann nua le faġáil gan a deiċ scillinge agus tar éis ḃeiṫ ag goid uḃ ar feaḋ coigṫíse ní raiḃ againn aċ a ceaṫair agus tuistiún. Ġoideas féin na huiḃe ón gcirc a ḃí deiċ lá ar gor age Beit Ṁóir! Fuair Micilín ḋá scilling orṫa i siopa an Tobair. Ṁeallas réal a ḃí age Cáit uaiṫe. Ḃí Cáit ag gol, aċ ḃagruiġeas uirṫi go ’neosainn do Ṁam cé ḋoirt an beiste bainne go raiḃ

61