Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/68

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Caibidiol IX

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN AR SEAĊRÁN FAIRRGE

Níor éiriġ idir me féin agus Mam ar feaḋ aḃfad. Ḃíos im’ ḃuaċaill maiṫ, tá’s agat! nó ċeap Mam go raḃas, agus b’é an dá ṁar a ċéile é. Nuair ṫagainn isteaċ istoiḋċe deirinn léi gur ṫuas i dtiġ Ṁáire Aindí a ḃínn, ag tarrac uisce agus ag breiṫ ṁóna isteaċ do Nell. Deireaḋ mo ṁáṫair go mb’ḟearra ḋom fuireaċ ar fad aca. Ag magaḋ fúm a ḃíoḋ sí, ṫuiginn; aċ deirinn-se léi ná fágfainn mo Ṁaimí féin ar aonne. Ar ṁ’anam ná feadar ciaca ag magaḋ ḃínn féin nó nárḃ eaḋ. Is aṁlaiḋ atá an scéal idir me féin agus Mam: go mbímíd mór le ċéile uair umá seaċ agus aṁrasaċ ar a ċéile urṁór ár saoġail agus mise boċt i mbroid is i mórḃrón an ċuid eile den aimsir.

Aimsir na broide atá anois tagaiṫe orm. Táim féin is Mam i gcogaḋ ḋearg le n-a ċéile. B’ḟéidir naċ mar sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogaḋ liom-sa agus mise ag díol as go cráite agus go dóite. Is mór an tubaist d’aon ḃuaċaill boċt a ṁáṫair do ċur scaiṁe an uilc uirṫi féin ċuige. Níorḃ ḟiú trí leaṫṗingní do ṡaoġal aici, a ċroiḋe, nuair a ḃeaḋ an faoḃar uirṫi ċuġat. Sin é duḃairt Daid, leis.

Tá Mam le seaċtain ag gaḃáil steallaḋ orm-sa agus ní ḟeudaim í ṡásaṁ. Tá seaċt ḃfiċid céad buicéad uisce beirṫe isteaċ agam ċúiċi ó ṫuit sí amaċ liom, agus fiċe céad míle miliún gaḃál móna; agus tá mo ċroiḋe is m’ae ag riṫ ar a ċéile agam ón gcosanáirde ag dul ar ṫeaċtaireaċtaí ḋi; aċ godé’n ṁaiṫ sin? ní ḟaġaim tar éis na mbeart aċ droċíde. Uair d’á raiḃ gaḃál móna agam ag teaċt, ṫugas gaḃál mór liom

60