Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

an murdal ’na ṫaoḃ cúpla lá roime sin. D’éist Cáit im baic!

Nuair nárḃ ḟéidir linn dul ṫar an gceaṫair is tuistiún b’éigean dúinn slí éigin eile ṫarrac ċuġainn. Ḃíomair i ḃfad ag cuiṁneaṁ agus ag smaoineaṁ agus isé rud a ḃeartuiġeamair sa deire a ḋéanaṁ ná gleamaiġ a ġoid agus a ḋíol; agus ċeapamair maidean Doṁnaiġ ċuige sin. Ḃí a lán cogarnaiġe ar siuḃal age beirt againn. Ḃí sé socair againn ná tógfaimís aċ ceiṫre cinn de ġleamaiġ nó b’ḟéidir cúig cinn. Ní raġaimís ṫar cúig cinn. Ċuirfimís i gcliaḃ iad agus feamnaċ tiompall orṫa agus ḃéarfaimís ’on Daingean ar ṡlí éigin iad. Ḃeaḋ an “ċaid” ag teaċt aḃaile againn. Ní leigfimís d’aon duine eile barra bróige ḃualaḋ uirṫi sin—aċ Cáit b’ḟéidir. Ḃeinn-se is Micilín ’nár máiġistrí ar an gcaid. Ḃeaḋ sí oiḋċe agam-sa agus an tarna hoiḋċe age Micilín. Ní ḃeaḋ cead ag aonne ’gainn an loṁnán a ḃaint amaċ aiste ċun a ḃeiṫ ’á ṡéide.

Istoiḋċe Dé Saṫairn ṫógamair an dá ṁaide ráṁa ó ḃinn tiġe Ṫaiḋg Nellí agus ċuireamair i ḃfolaċ i ndíg sceaċ iad. Ḃí an bád ar snáṁ i gCuas na Báistiġe agus ḃí ’s againn go mbeaḋ sí ann ar maidin. Nuair ḃí gaċ aonne ag dul ċun an Aifrinn lárnaṁáireaċ do ġluaiseamair-na leo ċoṁ fada le Páirc a’ Leasa. D’éaluiġeamair isteaċ sa lios annsan agus scaoileamair na daoine go léir ṫarainn. Nuair ḃíodar gaḃṫa ṫarainn, ċuamair ón lios go dtí an bád ag éalú cois claṫaċ. Rugamair na maidí linn agus ċuamair sa ḃád. Seanaṗota salaċ iseaḋ í a ḃíonn aige ag baint iascán, agus bíonn bolaṫ loḃṫa istiġ innte.

Ḃí an ġaoṫ ón dtalaṁ agus ḃogamair linn soir le hais na gcloċ insa ḃfuiṫin. Ḃuail corc linn agus rugamair air agus ḃíomair ag tarrac agus ár dteanga amuiċ againn go dtáinig an pota gliomaċ aníos go dtí taoḃ an ḃáid. Ní raiḃ faic ann. Ní haon ṁisneaċ a ċuir san orainn, dar fia! Ṫánamair go dtí pota eile. Partán dearg a ḃí annsan agus a ḋá ċrúb ar leaṫaḋ

62