Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN AR SEAĊRÁN FAIRRGE

d’iarraiḋ beirṫe orainn. Scaoileamair uainn an pota. Níor ḟan aon ṁisneaċ mór annsan againn agus duḃairt Micilín ná faġaimís gliomaċ an lá san i dtaoḃ ná raḃamair ar aon Aifreann. Duḃart-sa leis paidir a ráḋ agus ḃí leaṫ “Ár n-Aṫair atá ar Neaṁ” ráiḋte aige nuair a ċuiṁniġ sé gur ag goid ġliomaċ a ḃíomair agus ṫáinig stad ann. Níor ṁaiṫ leis, a’ dtuigeann tú, a iarraiḋ ar Ḋia caḃrú leis ċuige sin.

Ṫánamair go dtí an tríú pota agus, ambasa, ḃí fámaire de ġliomaċ ann. Nuair a ċuireamair ar ṫóin an ḃáid é, ḃí gaċ aon ċnag aige le n-a eirball. Ċuarduiġeamair cúig ṗotaí eile agus ḃí trí gleamaiġ againn, aċ má seaḋ, ḃíomair i ḃfad soir agus sinn ag druidim amaċ go dtí Gob an Ġéaráin. Ní ró ṁaiṫ is cuiṁin liom cad a ṫuit amaċ nuair ṫánamair go dtí an Gob. Ḃí an ḟairrge anaṡuaiṫte ann díreaċ taoḃ amuiċ ḋe agus nuair ṫáinig an scannra orainn agus ċasamair ċun teaċt isteaċ, rug an ġaoṫ ón dtalaṁ, agus an taoide, ar an mbád agus beireaḋ amaċ fén ḃfairrge ṁóir sinn. Do réir mar ḃíomair ag dul amaċ iseaḋ ba ṫreise ḃí an ġaoṫ agus iseaḋ ba ṁó a ḃí an scannra ag teaċt ’nár gcroiḋe. Do ċrom Micilín ar ḃéiciġ agus ar ġlaoḋaċ ar a ṁáṫair agus annsan ṫáinig daṫ glasliaṫ air agus ċrom sé ar úrlucan. Ċaiṫeas féin, is cuiṁin liom, na trí gleamaiġ i ḃfairrge féaċaint an gcuirfeaḋ san fearg Dé ḋínn. Aċ níor ċuir.

Amaċ a ḃíomair ag imeaċt i gcóṁnaiḋe agus ón ḃfuadar a ḃí fúinn ṁeasas féin naċ fada na laeṫeannta ḃainfeaḋ sé ḋínn dul go Meirice. Uaireannta d’éiriġeaḋ buile orm agus ḃínn go cráite agus ḃuailinn toċta an ḃáid lem’ ḋorn agus ḃuailinn Micilín agus deirinn leis breiṫ ar an maide. Aċ ṫéiġeaḋ an ráṁaiḋeaċt ’nár gcoinniḃ mar ḃí an ḟairrge ró ġarḃ agus leagaḋ an maide ar ár gcúl anuas den toċta sinn. Annsan ṫugainn tamall ag gol, agus b’in é an gol croiḋeḃriste. Ċuiṁniġinn ar Ṁam agus ar Ḋaid agus ar Ċáit; agus ġlaoḋainn ar Ṁam ċun teaċt agus a buaċaillín féin a ṡaoraḋ.

63