Jimín/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Oíċe iascaiġ
[ 86 ]

CAIBIDIL XI

Oíċe iascaiġ.

TRÁṪNÓNA Dé hAoine ḃíos ṫíos sa ċuas ag féaċaint orṫu ag cur na líonta sna naoḃóga. Ḃí iasc sa ċuan, tá’s agat—mairciréil Fóṁair agus iad ag ráṫaíoċt ar ḃarr an uisce le ḋá lá roiṁe sin, agus ṁealladar muintir an ḃaile ċun dul ina ndiaiḋ.

Tógaḋ anuas láiṫreaċ sean-líonta a ḃí le bliain ar na loċtaí agus ar na maidí snaḋmṫa, agus deisíoḋ na mogail ḃriste iontu agus do hullṁaíoḋ ċun iascaiġ iad.

Trí naoḃóga atá sa ċuas so ’gainn-ne, agus gaċ ceann acu páirteaċ idir ḃeirt nó triúr. Aṫair Ṁicilín atá páirteaċ le Taḋg Óg, agus ḃeireadar Donnċa Ṗeig leo ina ṫríú duine.

Ḃí an tráṫnóna go breá agus barra-taoide ann nuair a ḃíomar ag bordáil na líonta ṫíos ag Leac a’ Ḃáid. Mise ḃí ag coinneáil na naoḃóige do ċriú Ṫaiḋg Óig ’ḟaid a ḃíodar san ag réiteaċ an lín agus ag ceangal na gcloċ i ngiorraċt gaċ aon ċúpla feaḋ dá ċéile, agus á socrú i dtóin na naoḃóige i dtreo ná beaḋ aon ḃaol go raġaḋ an líon in aċrann nuair a ḃeidís á ċur i ḃfarraige.

[ 87 ]Nuair a ḃí na líonta bordálta d’imiġ Donnċa Ṗeig aḃaile d’iarraiḋ treaḃsair iascaiġ agus lón bíḋ i gcoṁair na hoíċe.

Ċaiṫ Taḋg Óg an seol isteaċ i dtosaċ na naoḃóige, agus, tar éis an naoḃóg a ċeangal den ḃfáinne iarainn, d’imiġ sé féin agus aṫair Ṁicilín aḃaile d’iarraiḋ culaiṫ iascaiġ agus lóin.

Ḃí an ġrian imiṫe síos agus daṫ an ċopair ar an spéir go léir ṫiar. Ḃí an ḟarraiġe ar nós ruda a ḃeaḋ ina suan, agus a huaċtar mar a ḃeaḋ gloine le sleaṁaine. Ḃí gaċ aon rud ċoṁ ciúin sin go dtiocfaḋ saġas uaignis ort, aċ níorḃ aon uaigneas é gur ṁait leat dul uaiḋ, aċ is aṁlaiḋ d’ḟanfá id ṫost gan corraí.

Níor ċorraíos féin go ceann i ḃfad, aċ ḃíos ag iarraiḋ go ḃfeicfinn Tír na nóg ṫiar ar fad sa ḃfarraige, aċ ní ḟacas.

Taḋg Óg adúirt liom go ḃfuil sí ann, agus gur ċait Oisín trí ċéad blian inti gan aon lá aoise a ṫeaċt air. Dúirt Niaṁ Ċinn Óir leis gan dul ṫar n-ais go hÉirinn níos mó.

Aċ ṗrioc an mí-ḟortún é go dtiocfaḋ sé ag féaċaint na sean-ṁuintire, agus ní túisce ċuir sé a ċos ar ṫalaṁ na hÉireann ná ḋein sean-duine ḋe, agus cailleaḋ ina ḋiaiḋ san é.

Nárḃ é an t-amadán é Oisín nár ḟan mar ḃí aige. Iomarca teaspaiġ is dóċa.


’Ḟaid a ḃíodar na hiascairí ṫuas i measc na dtiṫe, a ḋuine, ṫáinig an-ċuiṁneaṁ dom go raġainn féin ag iascaċ leo an oíċe sin. Ní [ 88 ]raiḃ agam le déanaṁ aċ dul isteaċ fén seol sa naoḃoig agus fanúint socair ann. agus ní ṫaḃarfaí fá ndeara mé go inbeidís ró-ḟada siar sa ḃfarraige ċun filleaḋ aḃaile liom. Ṫainig sé go léir im ċeann mar imeoḋ pléan as guna. Ċuas isteaċ fén seol.

Ní raiḃ gíog asam agus iad ag teaċt sa naoḃóig. Ḃraiṫeas ag cur na maidí amaċ iad, agus níorḃ ḟada gur ḃraiṫeas siúl ag teaċt fén naoḃóig. Nuair ḃog sí amaċ as an gcuas ḃraiṫeas í ag titim agus ag éirí le suaṫaḋ na farraige.

Ḃí mí-ḟoiḋne orm teaċt amaċ ón seol agus preab a ḃaint astu; aċ ḃí eagla orm dá ndéanainn ró-luaṫ é go ḃfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís mé. Ba ṡia liom gaċ neomat ná uair a ċloig ag feiṫeaṁ. Níor laḃair aon duine den triúr go ceann i ḃfad aċ iad ag tarraing leo go fada ḃreá réiḋ. Ansan ċonaic aṫair Ṁicilín rud éigin sa ḃfarraige.

“Ab’in tóiṫín laistiġ dínn?” ar seisean. Do stad an ráṁaíoċt. I gcionn tamaill laḃair Taḋg Óg.

“Tá scol acu ann. Soir atáid siad ag gaḃáil. Ní haon droċ-ċóṁarṫa ar iasc iad san a ḃeiṫ ann.”

Ṫaḃarfainn an saol ar ċead a ḃeiṫ agam éirí ċun na muca mara d’ḟeiscint, aċ ċeapas, ’om baic, go mb’ḟearr mo ċeann a ċoimeád go híseal tamall eile.

Ḃíodar ansan ag caint ar an ndíoḃáil a ḋéanaid na muca mara agus na cránta mara [ 89 ]do na líonta, agus an tslí iṫid na madraí éisc agus na cailleaċa breaca an t-iasc as an líon.

Dúirt aṫair Ṁicilín go raiḃ trí ṁíle gaḃar sna líonta acu maidin agus go raiḃ greim bainte as gaċ aon ċeann riaṁ acu ag na madraí.

Ní dóċa go dtugadar féin fé ndeara in ao’ ċor é, aċ ní raiḃ aon ċaint acu aċ ar ċailleaċa breaca agus ar ġaḃair agus ar ṁadraí agus ar ṁuca agus ar ainṁiṫe eile. Naċ ait é go ḃfuil gaċ aon ainṁí riaṁ acu sa ḃfarraige.

Ḃíos faid gaċ ’nḟaid fén seol agus sa deireaḋ ní ḟéadfainn foiḋneaṁ a ṫuilleaḋ agus ċuireas amaċ mo ċeann. Ḃí sé naċ mór dorċa. Ḃí drom an trír liom agus b’é Donnċa Ṗeig ba ġiorra ḋom.

Ḃíodar ag tarraing leo agus ag caint, agus Donnċa ag cur as ag cáineaḋ duine éigin, agus an-ṡult ag an dtriúr á ḃaint as an scéal.

Ní ḟéadfainn foiḋneaṁ a ṫuilleaḋ. D’éiríos go ciúin amaċ ón seol agus ḃíos ag láṁncán liom siar go raḃas buailte le drom Ḋonnċa. Ansan rugas go hobann isteaċ fé ḃun a easnaċa air agus dúras—“Gur-r-r-r-!”

Ḃuel! mura mbeaḋ agat aċ aon ġáire aṁáin ċaiṫfeá é ḋéanaṁ fé Ḋonnċa Ṗeig. Ṫit an dá ṁaide ráṁa uaiḋ agus ċuir sé béic as.

“I gcuntas Dé na ḃfeart!” ar seisean. agus ansan ċaiṫ sé é féin ar ḃior a ċinn siar fén dtoċta go raiḃ aṫair Ṁicilín ina ṡuí uirṫi. Stad an ḃeirt eile, leis, den ráṁaíoċt. Ḃain aṫair Ṁicilín Fír na Croise ḋe féin.

[ 90 ]D’éiriġ Taḋg Óg i ndeireaḋ na naoḃóige, agus d’iompaiġ aniar féaċaint cad é an raic a ḃí ar siúl i dtosaċ na naoḃóige. Nuair a ċonaic sé mise ċuir sé scarta gáire as. “Sea, go ḃfaiġead bás den dtart,” ar seisean, “murab é Jimín féin atá ann.”

Ċaiṫ aṫair Ṁicilín a hata i dtóin na naoḃóige.

“Ḃuel, do ḃuaiġ san ar an saol!” ar seisean.

Ara, a ḋuine, ḃí an-spórt againn agus an naoḃóg ina stad amuig i lár na farraige. Ḃí Donnċa Ṗeig an-ḋúr agus, nuair a ḃíodar ag déanaṁ coṁairle lena ċéile féaċaint cad ab ḟearr a ḋéanaṁ liom, dúirt sé gur ṁór an suaiṁneas ar ḋaoine é dá ndéantaí cloċ a ċur lem ṁuineál agus mé a ċaiṫeaṁ go tóin poill, mar go raiḃ an Sean-ḃuaċaill am ṗriocaḋ gaċ aon lá ḋen ḃliain. Dúirt aṫair Ṁicilín ná bainfeaḋ Aristeaitil aon ċeart díom.

Ḃíodar tamall maiṫ ag argóint im ṫaoḃ, agus is é an socrú a ḋeineadar sa deireaḋ ná mé a ċoimeád sa naoḃóig in éineaċt leo go maidin, cé go raiḃ Donnċa Ṗeig á rá ar feaḋ na haimsire gur ċeart mé a ċur aḃaile, mar dá n-imíoḋ aon ní orm go mbeaḋ mo ṁáṫair á dtaḃairt féin ċun cuntais.


Ġluaiseamar arís, agus i gceann leaṫ-uair a ċloig nó mar sin, ṫángamar go dtí áit an iascaiġ. D’éiriġ an ḃeirt ṫiar as an ráṁaíoċt agus oromadar ar an líon a ċaiṫeaṁ amaċ—duine acu ar na coirc, agus an fear eile ar na [ 91 ]cloċa a ḃí ceangailte ar a imeall íoċtaraċ. Ḃí Donnċa Ṗeig ag ainliú na nanḃóige, agus mé féin ag féaċaint ar an obair.

Ṁeasas nuair a ḃí na líonta amuiġ go ḃfágfaí mar sin iad go maidin agus go ḃfanfaimis ar feaḋ na hoíċe os a gcionn; aċ ina ionad san do tarraingeaḋ gaċ aon uair a ċloig iad, go dtí n-a cúig a ċlog ar maidin.

Is iontaċ an rud an ḟarraige istoíċe. Ḃí an oíċe an-ḋorċa againn, agus ní ḟeicfeá ḋen dtalaṁ aċ rud mór duḃ go choisfeá an tonn ag briseaḋ i gcoinniḃ na gcloċ ag a ḃun.

Nuair a ḃíonn an dorċadas ann bíonn solas greannṁar sa tsáile. Ċeapas go raiḃ an líon ar lasaḋ nuair ḃíodar á ṫarraing isteaċ. “Béirneáil” a ṫug Taḋg Óg ar an solas. Rugas air, féaċaint an raiḃ sé te, aċ ní raiḃ.

An ċéad uair a ṫarraingeamar na líonta ní raiḃ ionta aċ timpeall leaṫ-ċéad maircréal. D’aistríomar go dtí áit eile ansan agus ṫugamar cor eile. An dara tarraing ní raiḃ aċ trí maircréil iontu, agus madra éisc. Nuair ḃí an madra istiġ i dtóin na naoḃóige againn ḃí gaċ aon sceaṁ aige go dtaḃarfá an leaḃar gur gaḋar a ḃí ann. Ḃain aṫair Ṁicilín a scian amaċ agus ṁaraiġ sé é.

Go dtí a ceaṫair a ċlog ar maidin níor ḃuail aon ní fónta linn. Ḃíomar ag druidim leis an mbaile i gcónaí. Ar a ceaṫair dúradar go dtaḃarfaidís cor eile, agus go n-éireoidís as ansan. Ḃí an lá ann an uair ċéanna.

An ċéad líon a ṫuġaḋ isteaċ ḃí foṫ-ḃreac ann. Ḃíodar ag dul i dtiuḃa amaċ go dtí n-a [ 92 ]ḋeireaḋ. Fé mar ḃí an líon ag teaċt isteaċ ḃíodar ag piocaḋ an éisc as, aċ, dar fia, nuair a ṫáinig an dara líon níor ḃacamar le haon ṗiocaḋ aċ líon agus iasc agus uile a ċaiṫeaṁ isteaċ sa naoḃóig. In áiteanna den líon ḃí maircréal ar gaċ aon ṁogal, dar leat.

Ḃí a oiread san éisc iontu gur ṡúncáil na líonta síos agus ḃí saoṫar ar na fearaiḃ d’iarraiḋ iad a ṫarraing aníos, agus ḃí leaṫ-ċeann ar an naoḃóig. Ḃí obair ṁór orainn, aċ, ráinig linn sa deireaḋ iad go léir a ṫógaint isteaċ. Ḃí ualaċ sa naoḃóig, deirim leat, agus ḃí a faoḃar síos i ngiorraċt sé n-órlaċ den uisce.

Ḃí iasc agus líonta óna tosaċ go dtí n-a deireaḋ agus in airde ar na toċtaí agus sinn-ne in ár suí anuas orṫu. Dúirt Taḋg Óg gur dóċa go raiḃ trí ṁíle éisc againn. Ḃí Donnċa Ṗeig féin sásta, agus ḋein sé gáire—an ċéad ġáire ón uair a ḃaineas-sa an ṗreab as.

Ṫugamar agaiḋ ar an mbaile ansan agus gan aon siúl mór fúinn toisc inéid an ualaiġ. Ba ṁaiṫ an scéal go raiḃ an uain ċoṁ breá agus a ḃí. Dá mbeaḋ aon ḃorraḋ ann ḃeimis báite! Aċ ḃíomar ag cur dínn, agus i gcionn tamaill ṁaiṫ ḃaineamar ár gcuas féin amaċ, fé ḃun na dtiṫe.


Aċ fan bog, áfaċ, go n-insead conas a ḃí an scéal sa ḃaile im ḋiaiḋ ar feaḋ na hoíċe. [ 93 ]Cáit d’innis doṁ-sa é a ḟaid a ḃí Mam ag crú na mbó an tráṫnóna ina ḋiaiḋ sam agus mise fé ġlas sa tseomra im ṗríosúnaċ. Trí ṗoll na heoċraċ a ḃí Cáit ag caint liom.

Do réir ḋealraiṁ ḃí Mam ag glaoċ orm-sa ċun dul d’iarraiḋ na mbó agus ní ḟuair sí aon tor’. Ní mór an naṫ a ċuir sí sa méid sin. Ba ṁinic, slán beo sinn, ná faiġeaḋ sí tor’ uaim-se. Ní ṫáinig aon an-imníoṁ uirṫi go dtí n-a deiċ a ċlog nuair ba ċeart doṁ-sa ḃeiṫ sa ḃaile nó im ċodlaḋ.

Nuair ná raḃas tagaiṫe ċuir sí mo ṫuairisc ar Ċáit agus ar Ḋaid, aċ ḃíodar-san dall ar cá raḃas. Ċuir sí Daid go tiġ Ṁáire Aindí féaċaint an ansan a ḃeinn. Nuair a ṫáinig sé gan mé ċuadar araon go dtí gaċ aon tiġ ar an mbaile, agus nuair ná fuair sí mo ṫuairisc in aon áit d’éirig a croí uirṫi.

Ruaigeaḋ as an leaba gaċ aon ḃuaċaill ar an mbaile agus ceistíoḋ iad. Cuardaíoḋ tiṫe bó, agus stáblaí, agus ioṫlaintí ar mo lorg, aċ aon ṗioc de ṫuairisc Jimín ní raiḃ in aon áit.

Tiomáineaḋ Daid leis an gcapall go tiġ m’aintín cúig míle ó ḃaile, féaċaint le haon tseans an ansan a ḃeinn imiṫe.

Ḃailiġ mná an ḃaile timpeall ar Ṁam agus ḃíodar ag rá léi gan aon ḃuairt a ḃeiṫ uirṫi, naċ aon droċ-rud a ḃí imiṫe orm, agus go mbeinn ċuici lá arna ṁáraċ go seaḃraċ.

Gaċ ’ra toċt uaignis agus feirge ṫagaḋ ar Ṁam. Ḃí sí á rá gur dóċa go raiḃ deireaḋ lena buaċaillín boċt gan ċiall an turas [ 94 ]so, agus gur dóċa gurḃ é críċ a ḃí i ndán dó é, mar ón lá ṫáinig siúl na slí ann nár scar an mí-ád riaṁ leis, ná an t-imníoṁ léi féin.

Dúirt Cáit ná faca sí riaṁ oiread droċ-ṁisniġ ar Ṁam.

Ḃí Máire Aindí agus niáṫair Ṁicilín á cóṁairliú teaċt ar an dtaoḃ ṡocair den scéal agus gan ḃeiṫ á cur féin ċun tinnis im ṫaoḃ. “Ḃíomar go léir óg gan ċiall,” arsa Máire Aindí, “agus cá mór do Jimín ḃoċt tamall a ḃaint as. Ní ḃeag dó a luaiṫe a ṁúinfiḋ an saol dó gur ċun cruatain a rugad sinn.”

Lena linn sin ṫáinig Daid ó ṫiġ m’aintín agus allas ar an gcapall aige. Nuair a ċualadar ná raḃas i dtiġ m’aintín ṫit an lug ar an lag acu. Níor ḟan aon ċaint ag na nináiḃ a ḃí fara Mam. Is aṁlaiḋ a ḃídís as san amaċ, ina ngasraí ag cogarnaiġ ag binn an tí nó i dtiṫiḃ na gcoṁarsan.

Nuair a ḃí an lá ag breacaḋ ċuadar ina dtriúraiḃ agus ina gceaṫraraiḃ am lorg ar fuaid na bpáirceanna agus cois na gclaṫaċ. Ċuadar ḃarra na ḃfaillte siar, leis, agus iad ag iniúċaḋ síos, agus eagla orṫu go ḃfeicfidís Jimín ḃoċt smiodarṫa ṫíos ar na cloċa.

Ṫángadar ar ḃarr an ċuasa agus ḃíodar ag féaċaint síos tríd an uisce ċun go ḃfeicidís mo ċorp i nieasc na feamnaí ṫíos ar an ngainiṁ. Ní ḟacadar, dar ndóiġ.

Níor ḟan aon ċaint ag éinne ar an mbaile ina ḋiaiḋ san. Ḃí gaċ einne ag imeaċt go ciúin agus éinne a laḃraḋ is ag cogarnaiġ a [ 95 ]ḃíoḋ sé. Ṫainig mam isteaċ aḃaile agus ṡuiġ sí ar an raca agus ní ḟéadfaḋ éinne focal a ḃaint aisti.

Mar sin a ḃí go dtí ag déanaṁ amaċ ar a leaṫ-uair tar éis a cúig. Ḃí Taḋg Mór ar an gclaí agus ráinig leis naoḃóg d’ḟeiscint ag déanaṁ ar an gcuas. Ní mór an tsuim a ċuir sé sa scéal ar dtúis nó gur baineaḋ casaḋ éigin as an naoḃóig. Ansan ṫug Taḋg léim as a ċorp agus ġlaoiġ sé ar an gcuid eile.

“Féaċ an naoḃóg san,” ar seisean. “Tá duine fara n-a ceart inti.”

Aċ, toisc go raiḃ an naoḃóg díriṫe ar an gcuas arís, ḃíodar i ḃfad go raiḃ deiṁniú scéil Ṫaiḋg Ṁóir acu. Ansan baineaḋ casaḋ eile as an naoḃóig agus ċonaiceadar go léir an ceaṫrar.

Sin é an uair a ṫáinig a gcaint dóiḃ-gaċ éinne ag caint agus gan éinne ag éisteaċt leis an dara duine aċ á ċur in úil go raiḃ ’ḟios acu féin go maiṫ cá raḃas, aċ nár ṁaiṫ leo aon ní a rá.

Riṫ duine éigin isteaċ go dtí Mam agus d’innis an scéal di. Siúd léi amaċ go dtí an claí, agus níor ċorraiġ sí, ná níor ḃog a súil den naoḃóig gur ġaiḃ sí béal an ċuasa isteaċ. Ansan ġluais sí síos go dtí leac a’ ḃáid agus faḋairt ina súil. Lean an baile go léir í.


Do ċoṁairliġ Taḋg Óg doṁ-sa, sar a dtángamar ’on ċuas, dosaon de stracairí agus de ṁaircréil slána do ċur ar ċórda agus iad a ḃreiṫ go dtí Mam mar ḃreab síoċána. [ 96 ]Ṫuigeas gur ṁaiṫ an ċoṁairle í agus ḃí mo stropa ullaṁ agam nuair a ḃuaileamar taoḃ na leice.

Nuair a ċonaiceamar an baile go léir roṁainn sa ċuas ḃí iontas orainn cad a ṫug ann iad. Aċ nuair a ċonaiceas féin Mam ina seasaṁ ar an leic ṫuigeas go maiṫ cad a ṫug í sin ann. Níor ṫaiṫniġ a scéiṁ liom, agus ba ḃeag liom mar ċosaint na maircréil. Ḃíos ag cur uaim, a ḋuine; aċ ṗreabas as an naoḃóig agus ċuas féna déin. Do ṡíneas ċuici an stropa éisc agus mé ar criṫ.

“Ċugat féin a ṫugas iad, a Ṁaimí,” arsa mise; aċ, a ṁic ó, ’oiread agus féaċaint ní ṫug sí orm aċ ċoṁ beag agus ná beaḋ ionam aċ porṫán trá. Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire niar ḃí an baile go léir ag féaċaint orm. In ionad aon toraḋ a ṫaḃairt orm-sa ḋíriġ Mam ar luċt na naoḃóige.

“Bail ó Ḋia oraiḃ-se, a ḟeara,” ar sise: “is tuisceanaċ agus is nádúrṫa na coṁarsain siḃ. Is maiṫ an aire a ṫugaḃair go mbeaḋ m’aigne-se ar a suaiṁneas ar feaḋ na hoíċe aréir. Táim buíoċ díḃ, a ḟeara,” ar sise, “agus gan a ḟaid sin de luíoċán na bliana oraiḃ.”

D’iompaiġ sí de scuaib ċun dul aḃaile ansan.

Ṫáinig an scéal ċoṁ mór san gan ċoinne orṫu go raḃadar ansan ina stalcaḋ, balḃ. Níor ṁaiṫ liom í á ndaoraḋ san éagóir.

“Níl an cearṫ agat ċuca, a Ṁaimí,” arsa mise, “Ní raiḃ ’fios acu go raḃas——”

[ 97 ]“Éist,” ar sise; “Imiġ suas aḃaile.”

’Om briaṫar gur éisteas agus gur ġluaiseas roimpi amaċ agus mo stropa éisc agam agus iad ag bualaḋ i gcoinniḃ mo ċolpaí. Ḃí mo ċroí im béal, agus an gol múċta am ċaoċaḋ.

Ní ’neosad an ċuid eile de scéal na maidne sin duit—ba ṡearḃ liom tráċt air; aċ nuair a ḃí sé go léir i leataoiḃ ḃí sé socair im aigne agam-sa nár ṁaiṫ an ċiall dom dul ag iascaċ arís gan a insint do Ṁam roiṁ ré. Ciall ċeannaiġ a ḃí agam. Aċ sin é an dála agam-sa i gcónaí é. Ní ḃíonn ciall roiṁ ré ċoíċe agam.