Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
90
JIMÍN

D’éiriġ Taḋg Óg i ndeireaḋ na naoḃóige, agus d’iompaiġ aniar féaċaint cad é an raic a ḃí ar siúl i dtosaċ na naoḃóige. Nuair a ċonaic sé mise ċuir sé scarta gáire as. “Sea, go ḃfaiġead bás den dtart,” ar seisean, “murab é Jimín féin atá ann.”

Ċaiṫ aṫair Ṁicilín a hata i dtóin na naoḃóige.

“Ḃuel, do ḃuaiġ san ar an saol!” ar seisean.

Ara, a ḋuine, ḃí an-spórt againn agus an naoḃóg ina stad amuig i lár na farraige. Ḃí Donnċa Ṗeig an-ḋúr agus, nuair a ḃíodar ag déanaṁ coṁairle lena ċéile féaċaint cad ab ḟearr a ḋéanaṁ liom, dúirt sé gur ṁór an suaiṁneas ar ḋaoine é dá ndéantaí cloċ a ċur lem ṁuineál agus mé a ċaiṫeaṁ go tóin poill, mar go raiḃ an Sean-ḃuaċaill am ṗriocaḋ gaċ aon lá ḋen ḃliain. Dúirt aṫair Ṁicilín ná bainfeaḋ Aristeaitil aon ċeart díom.

Ḃíodar tamall maiṫ ag argóint im ṫaoḃ, agus is é an socrú a ḋeineadar sa deireaḋ ná mé a ċoimeád sa naoḃóig in éineaċt leo go maidin, cé go raiḃ Donnċa Ṗeig á rá ar feaḋ na haimsire gur ċeart mé a ċur aḃaile, mar dá n-imíoḋ aon ní orm go mbeaḋ mo ṁáṫair á dtaḃairt féin ċun cuntais.


Ġluaiseamar arís, agus i gceann leaṫ-uair a ċloig nó mar sin, ṫángamar go dtí áit an iascaiġ. D’éiriġ an ḃeirt ṫiar as an ráṁaíoċt agus oromadar ar an líon a ċaiṫeaṁ amaċ—duine acu ar na coirc, agus an fear eile ar na