Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
95
OÍĊE IASCAIĠ

ḃíoḋ sé. Ṫainig mam isteaċ aḃaile agus ṡuiġ sí ar an raca agus ní ḟéadfaḋ éinne focal a ḃaint aisti.

Mar sin a ḃí go dtí ag déanaṁ amaċ ar a leaṫ-uair tar éis a cúig. Ḃí Taḋg Mór ar an gclaí agus ráinig leis naoḃóg d’ḟeiscint ag déanaṁ ar an gcuas. Ní mór an tsuim a ċuir sé sa scéal ar dtúis nó gur baineaḋ casaḋ éigin as an naoḃóig. Ansan ṫug Taḋg léim as a ċorp agus ġlaoiġ sé ar an gcuid eile.

“Féaċ an naoḃóg san,” ar seisean. “Tá duine fara n-a ceart inti.”

Aċ, toisc go raiḃ an naoḃóg díriṫe ar an gcuas arís, ḃíodar i ḃfad go raiḃ deiṁniú scéil Ṫaiḋg Ṁóir acu. Ansan baineaḋ casaḋ eile as an naoḃóig agus ċonaiceadar go léir an ceaṫrar.

Sin é an uair a ṫáinig a gcaint dóiḃ-gaċ éinne ag caint agus gan éinne ag éisteaċt leis an dara duine aċ á ċur in úil go raiḃ ’ḟios acu féin go maiṫ cá raḃas, aċ nár ṁaiṫ leo aon ní a rá.

Riṫ duine éigin isteaċ go dtí Mam agus d’innis an scéal di. Siúd léi amaċ go dtí an claí, agus níor ċorraiġ sí, ná níor ḃog a súil den naoḃóig gur ġaiḃ sí béal an ċuasa isteaċ. Ansan ġluais sí síos go dtí leac a’ ḃáid agus faḋairt ina súil. Lean an baile go léir í.


Do ċoṁairliġ Taḋg Óg doṁ-sa, sar a dtángamar ’on ċuas, dosaon de stracairí agus de ṁaircréil slána do ċur ar ċórda agus iad a ḃreiṫ go dtí Mam mar ḃreab síoċána.