so, agus gur dóċa gurḃ é críċ a ḃí i ndán dó é, mar ón lá ṫáinig siúl na slí ann nár scar an mí-ád riaṁ leis, ná an t-imníoṁ léi féin.
Dúirt Cáit ná faca sí riaṁ oiread droċ-ṁisniġ ar Ṁam.
Ḃí Máire Aindí agus niáṫair Ṁicilín á cóṁairliú teaċt ar an dtaoḃ ṡocair den scéal agus gan ḃeiṫ á cur féin ċun tinnis im ṫaoḃ. “Ḃíomar go léir óg gan ċiall,” arsa Máire Aindí, “agus cá mór do Jimín ḃoċt tamall a ḃaint as. Ní ḃeag dó a luaiṫe a ṁúinfiḋ an saol dó gur ċun cruatain a rugad sinn.”
Lena linn sin ṫáinig Daid ó ṫiġ m’aintín agus allas ar an gcapall aige. Nuair a ċualadar ná raḃas i dtiġ m’aintín ṫit an lug ar an lag acu. Níor ḟan aon ċaint ag na nináiḃ a ḃí fara Mam. Is aṁlaiḋ a ḃídís as san amaċ, ina ngasraí ag cogarnaiġ ag binn an tí nó i dtiṫiḃ na gcoṁarsan.
Nuair a ḃí an lá ag breacaḋ ċuadar ina dtriúraiḃ agus ina gceaṫraraiḃ am lorg ar fuaid na bpáirceanna agus cois na gclaṫaċ. Ċuadar ḃarra na ḃfaillte siar, leis, agus iad ag iniúċaḋ síos, agus eagla orṫu go ḃfeicfidís Jimín ḃoċt smiodarṫa ṫíos ar na cloċa.
Ṫángadar ar ḃarr an ċuasa agus ḃíodar ag féaċaint síos tríd an uisce ċun go ḃfeicidís mo ċorp i nieasc na feamnaí ṫíos ar an ngainiṁ. Ní ḟacadar, dar ndóiġ.
Níor ḟan aon ċaint ag éinne ar an mbaile ina ḋiaiḋ san. Ḃí gaċ einne ag imeaċt go ciúin agus éinne a laḃraḋ is ag cogarnaiġ a