Jump to content

Deoraidheacht/28

From Wikisource
240538Deoraidheacht — Caibideal XXVIIIPádraic Ó Conaire
[ 143 ]

XXVIII.

Ní’l an t‑earrach fós ar fagháil acht tá súil agam féin agus ag mo cháirdibh leis.

Ní turus fada a thugas an oidche úd a rinneadh an choir. Ní dheachas thar an bpáirc úd ab’ fhacthas dom go mba fathach galrach an chuid dhí a mbíodh na truagháin ’n‑a luighe ann.

Táid ann fós. Acht ní geall le spotaíbh dubha ar fheóil an fhathaigh anois iad. Ní headh, acht le smug­airlíbh rón d’fhág­faidhe ar an tráigh i ndiaidh taoille. Agus b’fhada agus ba ró-fhada iad ag feitheamh leis an taoille tuile chuireadh ar snámh arís iad. Acht an leis an taoille atáid ag feitheamh? B’fhada uatha é. Is leis an earrach nuair a thiocfas brígh agus spreacadh i ngach ní atá beó atáid ag feitheamh. Is leis an ngréin a chuireas teas ’n‑a gcnámh­aibh atáid ag feitheamh. An tráth fhéadfas siad gluais­eacht leó go bríogh­mhar teann ar fud na tíre chomh neamh­spleádh­ach le rígh.

Go dtigidh an tráth úd tá orm-sa, agus orra-san, fanacht annseo. Mara bhfuil ag Dia, tá orm-sa fanacht ann i gcomh­nuidhe. Dhá bhfágtaí lúth mo chos féin agam! Lúth mo chos féin! Nach ait an focal é? Acht nuair atá ocras ar dhuine, nuair atá droch-mhisneach agus cantal ar dhuine, nuair atá air an oidhche a chaith­eamh amuigh faoi fhear­thainn agus faoi ghaoith an gheimh­ridh gan mórán le n‑a chlúdach, ní hé an donas a bhuail ’n‑a threó fad ó is mó is cás leis, acht an droch-bhail atá air faoi láthair. Acht dá mbéadh lúth mo chos féin agam nach bhféad­fainn bóthar a chur díom chomh maith leis an lucht fáin atá ’mo thim­cheall faoi láthair. Agus chomh cinnte is bhíos fonn gluais­eachta ar na fáin­leógaibh ar theacht an gheimh­ridh bíonn fonn gluais­eachta orra siúd.

Níor ghoill an donas a bhí orm féin ariamh chomh mór orm [ 144 ]is do ghoill nuair a chon­naiceas ag imtheacht i ndiaidh a chéile iad ’san earrach. Ó, dá bhféad­fainn an chathair mhall­uighthe fhágáil!

· · · · · · ·

Tá an t‑earrach ann i ndáríribh indiu. Tá an ghrian go geal-gháireach ’san spéir mar mháthair a bhéadh ag iarraidh gach sonas agus gach sógh a bhí ’n‑a cumas a thabhairt dá clainn. An t‑uisge atá ’sa linn úd thall a bhí faoi leac-oighre coic­thigheas ó shoin, féach indiu é ’n‑a loch airgid ag damhsa faoi lonnradh na gréine! Agus an ghaoth a ndeas! Nach áluinn í? ’San gcathair féin bíonn fáilte roimpi. Tá an súgh ag éirghe ins na crannaibh. Ní’l luibh ’san bpáirc nach bhfuil borracht agus beódhacht innti. ’Mo luighe annseo ’san bhféar dhom, imeasg na dtruaghán, feicthear dhom go bhféadf­adh duine a mbéadh an radharc go géar aige an féar fheiceáil ag fás. Leagaim mo cheann ar an talamh.…​Thuit rud eicínt ar mo shróin. Rugas air. Feithide caol fada glas a bhí ’n‑a dhúis­eacht d’éis trom‑shuain an gheimh­ridh. Tháinic borradh ’mo chroidhe féin. Tháinic misneach chugam. Leagas an feithide caol fada a thuit orm ar shean-bhilleóig a d’fhan ar an talamh i gcaith­eamh an gheimh­ridh. Thos­uigheas ’ghá sgrúd­ughadh go géar. Chonnaic cuid de na bochtáin eile mé. Bhailigh­eadar timcheall orm. B’fhéidir go bhfuair­eas píosa airgid ’san bhféar. Thosuigh­eadar ar cuart­ughadh. Níor airigheas im’ aice chor ar bith iad. Bhí iongnadh orm roimh an mór‑iongantas a bhí ar siubhal ’mo thim­cheall. Munar airigheas iad, d’airigh­eadar an focal adubhras:

“Tá Dia láidir.”

Bhí sean-fhear ann a raibh cosamhlacht dhiadhanta air. Maoise Mhichíl Angeló chuir­feadh sé i gcuimhne dhuit le n‑a fhéasóig fhada bháin, agus a aghaidh uasail​…​acht ar chlos dó an focal adubhras-sa, thosuigh sé ar Dhia-mhasladh agus ar easgaine agus ar na seacht mionna déag a [ 145 ]thabhairt. Thug sé an leabhar gurab é an Fear Mór a bhí i n‑áirde. Thug sé an maide coisrig go raibh na déithe caillte leis na bliadhan­taibh. Ní chuir­feadh an cirteach dearg leath an oiread uilc ar tharbh is chuir ainm Dé ar an seanfhear bán-fhéasóg­ach ocrasach úd a chuir­feadh Maoise i gcuimhne dhuit.

Bhí cuid eile ann d’aontuigh leis. Cheapadar siúd mo bhualadh. Bhí dream eile ann a cheap gur ag magadh fútha a bhíos. Bhíodar-san ar tí mo bhualadh freisin. Cuid eile a raibh díombáidh orra nach raibh aon cheó fághta againn, agus súil aca leis. Bhíodar-san bagar­thach. Bhí olc orra go léir. Chuir­eadar an ruaig orm as an bpáirc.

· · · · · · ·

Ná bíodh aon mhugadh-mhagadh ort, a Mhichíl, ná bí ag iarraidh a bheith ’ghá cheilt ort féin go bhfuil an t‑ocras mór ort. Cé’n chabhair dhuit é? Má d’ith tú ruainne aráin agus feóla a d’fhág fear oibre ’n‑a dhiaidh ar phláta i dteach ósta, céard is fiú dhuit an méid sin, a Mhichíl? Nach bhfuil pé nidh atá ’do bholg dhá mhais­treadh ann? Ní’l ceó maitheasa dhuit do chrios d’fhásgadh faoi do chom. Nach bhfuil sé fáisgthe cheana faoi thrí agad? Acht má leigir dhuit féin cosamh­lacht an ocrais agus an donais a theacht ort féin, a Mhichíl, ní bheidh aon fhagháil agad ar an bposta beag úd a gealladh dhuit.…

An posta úd a bhí ag déanamh imnidhe dhom na laethe seo. Nach mé dhéanfadh an fear faire? Nach mé bhéadh géar-shúileach fad-bhreath­nuigh­theach ar eagla go mbrisfí mé? Gheobh­ainn lóisdín deas compóirt­eamhail. Bhéadh seómra beag faoi leith agam féin. Bhéadh mo chuid leabhar agus mo chuid páipéar ann. Bhéadh biadh glan folláin gléasta rómham ar theacht a bhaile dhom thar éis na hoidhche. Bhéadh fuinneóga an tseómra ar an taobh thoir-ndeas de’n teach ionnus go mbéadh an ghrian ag deallramh isteach thríotha gach maidin nuair a thioc­fainn a bhaile. An Bhean Reamhar? [ 146 ]Nach orm a bhí an t‑ádh nár phósas í siúd. Nach orm a bhí an t‑ádh gur mhas­luigheas mo mhuintir? Ní bheidís ar mo thóir feasta.…

A Sheóirse Fott, molaim thú. Marach thú, a Sheóirse ghil Fott, bhéinn gan posta go ceann i bhfad. Go n‑éirighidh an saoghal leat, a Sheóirse. Go raibh bhean ar do mhian agad, a Sheóirse! go raibh clann gan droch-bhéas agad, a Sheóirse!

San oidhche i mbárach béad ag faire dhuit, a Sheóirse. Beidh an droch-shaoghal thart. Beidh an saoghal nua tagtha.

D’fhéachas isteach i lochán uisge go bhfeicfinn an raibh aon droch-chosamh­lacht orm. Ba dhóigh liom nach raibh. Bhíos ar fheabhas, cheapas. Nuair a bhéadh an punnt sin sa tseacht­mhain agam d’fhéad­fainn mé féin a ghléasadh. Punnt san tseacht­mhain! Ní fhéadfadh duine pósadh air​…​acht dá mbéadh an bhean ag saoth­rughadh airgid freisin? Dá mbéadh punnt eile aici-se, bhéadh an sgéal go maith againn​…​agus ní bhéinn ró-shean nuair a bhéadh an chlann ag éirghe suas ’mo thim­cheall. Ní’lim mórán le deich mbliadhna fichead fós​…​dá mbéadh an dá phunnt ’san tseacht­mhain agam, ní bhéadh stródh ar bith orainn roinnt bheag a chur i dtaisge gach seacht­mhain. B’fhéidir go n‑éir­eóchadh linn an oiread a bhail­iughadh is thabh­arfadh go hÉirinn sinn ’san samhradh. Do dhéanfadh deich bpunnt cúis.…​Acht ní fhéad­fainn cuairt a thabhairt ar mo bhaile dhúth­chais go mbéadh dearmad déanta ag cách ar m’each­traíbh tráth bhíos ar an mbóthar leis an bhFear Buidhe.

Nach orm a bhí an t‑ádh nár phósas a inghean?

An bhean a bhéadh agam (an bhean atá agam ba chóra dhom a rádh, mar bhí sí fáighte agam cheana ’sna brionn­glóidíbh); an bhean a thogh­fainn bhéadh sí árd dubh; bhéadh a dhá súil ar dhath an áirne; a leaca ar dhath an róis; agus a béal.…​Chuimh­nigheas ar a raibh de mhnáibh áilne ar an saoghal ariamh ó Helen na Gréige anuas, agus b’fhacthas dom nach raibh aon bhean díobh chomh háluinn chomh huasal leis an mnaoi [ 147 ]úd a bhí agam‑sa​—an bhean úd a bhí agam-sa i mbrionn-glóidibh. Dhear­madas an t‑ocras. Ní raibh aon bheann agam ar an saoghal cráidhte seo. Nach mbíodh an chuid­eachta áluinn ban seo ’mo láthair de ghnáth? Nach mbídís ag labhairt liom? Nach raibh comhrádh aoibhinn agam leis an mnaoi sin tré’r sgriosadh an Traoi? Bhí gliondar uirri go raibh i hainm i mbéal na ndaoine fós; bhí aiteas uirri go rabhas féin ag cuimh­neamh uirri. “Canfar m’ainm,” ar sí, “canfar m’ainm go deireadh aimsire,” agus d’imthigh léithi ar an ngaoith. Tháinic Déirdre searc Naoise, annsin, agus mé ’mo luighe ar fhad mo dhroma ’san bpáirc​…​agus níor bh’ í an Déirdre bhrónach í, acht Déirdre bhuadh­mhar ghlórmhar; acht nuair a shíleas ceist a chur uirri faoi Chlainn Uisnigh d’éaluigh sí uaim. Mná áilne a mhill na ríogh­achta ghluais­eadar tharm treasna na spéire: Bhí Gorm­fhlaith na nGaedhal agus Donna Elbhír na Spáinn­each ar an gcuid­eachtain bhrónaigh seo; mná áilne eile a thóg a dtíortha​—Siubhán De hArc ar an each bhán, agus a claidh­eamh ’n‑a glaic aici, agus a lán le n‑a cois nár aith­nigheas. Bhí Meadhbh ann agus Cleopatra na hÉigipte ’n‑a fochair agus iad go mór-chúiseach agus go leithead­ach, agus mná borba uaibh­reacha ’n‑a ngar; mná a chuir ár agus achrann ar siubhal le n‑a dtoil a chur i bhfeidhm.…

Na daoine móra a bhí ag dul thart ’n‑a gcóistíbh breághtha gleóite, ní fhacadar na hiongan­tais seo ’san spéir. Na truagháin a bhí n‑a luighe ar an talamh, ní fhacadar iad. An bacach, agus an bacach amháin a chonnaic iad.

· · · · · · ·

Acht muna ndíbrighidh tú na haislingí, a Mhichíl, ní bhfuighidh tú an posta sin ó Fhott. Gread leat, a Helen na Gréige! Imthigh­idh libh, a Mheadhbh agus a Chleo­patra!​…​Cé’n mhoill atá oraibh annsin? Nach bhfuil fhios agaibh go bhfuil orm mé féin a nighe ’san lochán úd thíos, nach bhfuil fhios agaibh go bhfuil orm mo chuid éadaigh a ghlanadh i dtreó [ 148 ]go mbeidh an deagh-chosamh­lacht orm nuair a rachas mé i láthair Sheóirse Fott leis an bposta úd fhagháil uaidh.

Tá deifir mhór orm. Imthighidh libh go beó, adeirim​…​acht tig libh filleadh​—nuair a bhéas an posta agam.

· · · · · · ·

Mo mhallacht ort, a Sheóirse Fott! Mallacht na naomh ort, a Sheóirse! Mallacht na n‑aingeal ort, a Sheóirse! Mallacht na lag ort! Mallacht na láidir! Mallacht na mbráthar, mallacht na sagart, mallacht na n‑easbog ort, a Sheóirse bhradaigh Fott! Mallacht na máthar ort, a Sheóirse! Mallacht a gclann! Go ngoillidh an saoghal ort, a Sheóirse! Go luighidh an leac go trom ós do chionn!

Nach agad a bhí an deágh-chomhairle dhom, a Fhott an mhí-ádha? A dhul go teach na mbocht! Agus ar cheap tú gur ag iarraidh comhairle ort a bhíos? Ar cheap tú gur dhíb­righeas an chuid­eachta uasal a bhí ar cuairt agam le dhul ag iarraidh comhairle ort-sa, a Fhott bhradaigh? Bhíos tráth agus dá n‑abruigh­theá an focal úd liom, ní fada go mbéitheá ar lár, a Sheóirse! Acht d’imthigh sin agus tháinic seo. Ní’l ionnam anois aon bhuille a thabhairt. Ní’l an misneach agam chuige. Ní’l ionnam acht thú a mhallacht­aighe​…​mo mhallacht ort, a Sheóirse Fott!​…​B’fhéidir go mbéadh mo mhallacht níos cumhacht­aighe, dá sgríobh­ainn ar pháipéar é​…​agus do sgríobhas é ’mo shuidhe faoi bhun crainn daraighe, i lár páirce, i Lonndain Shasana, an mhaidin áluinn earraigh seo, an naomhadh lá déag de mhí an Aibreáin ’san mbliadh­ain naoi gcéad déag agus a seacht.

· · · · · · ·

Táim ag feitheamh leis an gcuideachtain shéimh a dhíbrigheas le cuairt a thabhairt ar Sheóirse Fott. Acht nílid ag teacht chugam; ní thagann chugam acht smaointe duaibh­seacha nach dtig liom a dhíbirt, smaointe dubha duaibh­seacha agus meisge an ocrais.…

[ 149 ]Acht ní i gcomnuidhe a bhíos na dubh-smaointe dhom’ chiapadh. Fuaireas cúpla pighin indé as ucht capall a chong­bháil. Cheann­uigheas ruainne cáise agus blúire aráin. D’ólas gloine leanna. Bhuaileas isteach ’san bpáirc, agus shuidheas faoi bhun an chrainn daraighe. Tháinic meidhir ar mo chroidhe. Mhoth­uigheas an fhuil ag borradh ’mo chuis­leachaibh. Bhí an ghrian ag soill­siughadh anuas orm. Bhí a lán daoine ’san bpáirc, acht ní raibh a fhios aca cé’n lúthgháir a bhí ar an mbacach a bhí ag gabháil amhráin go croidh­eamhail faoi bhun an chrainn daraighe.…

· · · · · · ·

Fríoth an fear bocht marbh faoi bhun crainn daraighe, i lár páirce, i Lonndain Shasana. Bhí cuid de na páipéir seo ’n‑a phóca. Bhí piostal le n‑a thaobh acht níor caitheadh aon urchar as ariamh. Ní raibh ann acht bréagán a theip ar an bhfear a d’iomchuir é. Bhí sean-sgian le n‑a thaobh, sean-sgian mhaol mhanntach, agus is léithi marbh­uigheadh é​…​acht ba bheag an ceapadh a bhí ag mo charaid bhocht go loicfeadh an piostal úd a cheann­uigh sé ó’n mairnéal­ach air—acht nár loic an saoghal?


A chríoch.


240538