thabhairt. Thug sé an leabhar gurab é an Fear Mór a bhí i n‑áirde. Thug sé an maide coisrig go raibh na déithe caillte leis na bliadhantaibh. Ní chuirfeadh an cirteach dearg leath an oiread uilc ar tharbh is chuir ainm Dé ar an seanfhear bán-fhéasógach ocrasach úd a chuirfeadh Maoise i gcuimhne dhuit.
Bhí cuid eile ann d’aontuigh leis. Cheapadar siúd mo bhualadh. Bhí dream eile ann a cheap gur ag magadh fútha a bhíos. Bhíodar-san ar tí mo bhualadh freisin. Cuid eile a raibh díombáidh orra nach raibh aon cheó fághta againn, agus súil aca leis. Bhíodar-san bagarthach. Bhí olc orra go léir. Chuireadar an ruaig orm as an bpáirc.
· | · | · | · | · | · | · |
Ná bíodh aon mhugadh-mhagadh ort, a Mhichíl, ná bí ag iarraidh a bheith ’ghá cheilt ort féin go bhfuil an t‑ocras mór ort. Cé’n chabhair dhuit é? Má d’ith tú ruainne aráin agus feóla a d’fhág fear oibre ’n‑a dhiaidh ar phláta i dteach ósta, céard is fiú dhuit an méid sin, a Mhichíl? Nach bhfuil pé nidh atá ’do bholg dhá mhaistreadh ann? Ní’l ceó maitheasa dhuit do chrios d’fhásgadh faoi do chom. Nach bhfuil sé fáisgthe cheana faoi thrí agad? Acht má leigir dhuit féin cosamhlacht an ocrais agus an donais a theacht ort féin, a Mhichíl, ní bheidh aon fhagháil agad ar an bposta beag úd a gealladh dhuit.…
An posta úd a bhí ag déanamh imnidhe dhom na laethe seo. Nach mé dhéanfadh an fear faire? Nach mé bhéadh géar-shúileach fad-bhreathnuightheach ar eagla go mbrisfí mé? Gheobhainn lóisdín deas compóirteamhail. Bhéadh seómra beag faoi leith agam féin. Bhéadh mo chuid leabhar agus mo chuid páipéar ann. Bhéadh biadh glan folláin gléasta rómham ar theacht a bhaile dhom thar éis na hoidhche. Bhéadh fuinneóga an tseómra ar an taobh thoir-ndeas de’n teach ionnus go mbéadh an ghrian ag deallramh isteach thríotha gach maidin nuair a thiocfainn a bhaile. An Bhean Reamhar?