XXVIII.
Ní’l an t‑earrach fós ar fagháil acht tá súil agam féin agus ag mo cháirdibh leis.
Ní turus fada a thugas an oidche úd a rinneadh an choir. Ní dheachas thar an bpáirc úd ab’ fhacthas dom go mba fathach galrach an chuid dhí a mbíodh na truagháin ’n‑a luighe ann.
Táid ann fós. Acht ní geall le spotaíbh dubha ar fheóil an fhathaigh anois iad. Ní headh, acht le smugairlíbh rón d’fhágfaidhe ar an tráigh i ndiaidh taoille. Agus b’fhada agus ba ró-fhada iad ag feitheamh leis an taoille tuile chuireadh ar snámh arís iad. Acht an leis an taoille atáid ag feitheamh? B’fhada uatha é. Is leis an earrach nuair a thiocfas brígh agus spreacadh i ngach ní atá beó atáid ag feitheamh. Is leis an ngréin a chuireas teas ’n‑a gcnámhaibh atáid ag feitheamh. An tráth fhéadfas siad gluaiseacht leó go bríoghmhar teann ar fud na tíre chomh neamhspleádhach le rígh.
Go dtigidh an tráth úd tá orm-sa, agus orra-san, fanacht annseo. Mara bhfuil ag Dia, tá orm-sa fanacht ann i gcomhnuidhe. Dhá bhfágtaí lúth mo chos féin agam! Lúth mo chos féin! Nach ait an focal é? Acht nuair atá ocras ar dhuine, nuair atá droch-mhisneach agus cantal ar dhuine, nuair atá air an oidhche a chaitheamh amuigh faoi fhearthainn agus faoi ghaoith an gheimhridh gan mórán le n‑a chlúdach, ní hé an donas a bhuail ’n‑a threó fad ó is mó is cás leis, acht an droch-bhail atá air faoi láthair. Acht dá mbéadh lúth mo chos féin agam nach bhféadfainn bóthar a chur díom chomh maith leis an lucht fáin atá ’mo thimcheall faoi láthair. Agus chomh cinnte is bhíos fonn gluaiseachta ar na fáinleógaibh ar theacht an gheimhridh bíonn fonn gluaiseachta orra siúd.
Níor ghoill an donas a bhí orm féin ariamh chomh mór orm