úd a bhí agam‑sa—an bhean úd a bhí agam-sa i mbrionn-glóidibh. Dhearmadas an t‑ocras. Ní raibh aon bheann agam ar an saoghal cráidhte seo. Nach mbíodh an chuideachta áluinn ban seo ’mo láthair de ghnáth? Nach mbídís ag labhairt liom? Nach raibh comhrádh aoibhinn agam leis an mnaoi sin tré’r sgriosadh an Traoi? Bhí gliondar uirri go raibh i hainm i mbéal na ndaoine fós; bhí aiteas uirri go rabhas féin ag cuimhneamh uirri. “Canfar m’ainm,” ar sí, “canfar m’ainm go deireadh aimsire,” agus d’imthigh léithi ar an ngaoith. Tháinic Déirdre searc Naoise, annsin, agus mé ’mo luighe ar fhad mo dhroma ’san bpáirc…agus níor bh’ í an Déirdre bhrónach í, acht Déirdre bhuadhmhar ghlórmhar; acht nuair a shíleas ceist a chur uirri faoi Chlainn Uisnigh d’éaluigh sí uaim. Mná áilne a mhill na ríoghachta ghluaiseadar tharm treasna na spéire: Bhí Gormfhlaith na nGaedhal agus Donna Elbhír na Spáinneach ar an gcuideachtain bhrónaigh seo; mná áilne eile a thóg a dtíortha—Siubhán De hArc ar an each bhán, agus a claidheamh ’n‑a glaic aici, agus a lán le n‑a cois nár aithnigheas. Bhí Meadhbh ann agus Cleopatra na hÉigipte ’n‑a fochair agus iad go mór-chúiseach agus go leitheadach, agus mná borba uaibhreacha ’n‑a ngar; mná a chuir ár agus achrann ar siubhal le n‑a dtoil a chur i bhfeidhm.…
Na daoine móra a bhí ag dul thart ’n‑a gcóistíbh breághtha gleóite, ní fhacadar na hiongantais seo ’san spéir. Na truagháin a bhí n‑a luighe ar an talamh, ní fhacadar iad. An bacach, agus an bacach amháin a chonnaic iad.
· | · | · | · | · | · | · |
Acht muna ndíbrighidh tú na haislingí, a Mhichíl, ní bhfuighidh tú an posta sin ó Fhott. Gread leat, a Helen na Gréige! Imthighidh libh, a Mheadhbh agus a Chleopatra!…Cé’n mhoill atá oraibh annsin? Nach bhfuil fhios agaibh go bhfuil orm mé féin a nighe ’san lochán úd thíos, nach bhfuil fhios agaibh go bhfuil orm mo chuid éadaigh a ghlanadh i dtreó