go mbeidh an deagh-chosamhlacht orm nuair a rachas mé i láthair Sheóirse Fott leis an bposta úd fhagháil uaidh.
Tá deifir mhór orm. Imthighidh libh go beó, adeirim…acht tig libh filleadh—nuair a bhéas an posta agam.
· | · | · | · | · | · | · |
Mo mhallacht ort, a Sheóirse Fott! Mallacht na naomh ort, a Sheóirse! Mallacht na n‑aingeal ort, a Sheóirse! Mallacht na lag ort! Mallacht na láidir! Mallacht na mbráthar, mallacht na sagart, mallacht na n‑easbog ort, a Sheóirse bhradaigh Fott! Mallacht na máthar ort, a Sheóirse! Mallacht a gclann! Go ngoillidh an saoghal ort, a Sheóirse! Go luighidh an leac go trom ós do chionn!
Nach agad a bhí an deágh-chomhairle dhom, a Fhott an mhí-ádha? A dhul go teach na mbocht! Agus ar cheap tú gur ag iarraidh comhairle ort a bhíos? Ar cheap tú gur dhíbrigheas an chuideachta uasal a bhí ar cuairt agam le dhul ag iarraidh comhairle ort-sa, a Fhott bhradaigh? Bhíos tráth agus dá n‑abruightheá an focal úd liom, ní fada go mbéitheá ar lár, a Sheóirse! Acht d’imthigh sin agus tháinic seo. Ní’l ionnam anois aon bhuille a thabhairt. Ní’l an misneach agam chuige. Ní’l ionnam acht thú a mhallachtaighe…mo mhallacht ort, a Sheóirse Fott!…B’fhéidir go mbéadh mo mhallacht níos cumhachtaighe, dá sgríobhainn ar pháipéar é…agus do sgríobhas é ’mo shuidhe faoi bhun crainn daraighe, i lár páirce, i Lonndain Shasana, an mhaidin áluinn earraigh seo, an naomhadh lá déag de mhí an Aibreáin ’san mbliadhain naoi gcéad déag agus a seacht.
· | · | · | · | · | · | · |
Táim ag feitheamh leis an gcuideachtain shéimh a dhíbrigheas le cuairt a thabhairt ar Sheóirse Fott. Acht nílid ag teacht chugam; ní thagann chugam acht smaointe duaibhseacha nach dtig liom a dhíbirt, smaointe dubha duaibhseacha agus meisge an ocrais.…