Page:Deoraidheacht (1920).pdf/146

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
146
Deoraidheacht

Nach orm a bhí an t‑ádh nár phósas í siúd. Nach orm a bhí an t‑ádh gur mhas­luigheas mo mhuintir? Ní bheidís ar mo thóir feasta.…

A Sheóirse Fott, molaim thú. Marach thú, a Sheóirse ghil Fott, bhéinn gan posta go ceann i bhfad. Go n‑éirighidh an saoghal leat, a Sheóirse. Go raibh bhean ar do mhian agad, a Sheóirse! go raibh clann gan droch-bhéas agad, a Sheóirse!

San oidhche i mbárach béad ag faire dhuit, a Sheóirse. Beidh an droch-shaoghal thart. Beidh an saoghal nua tagtha.

D’fhéachas isteach i lochán uisge go bhfeicfinn an raibh aon droch-chosamh­lacht orm. Ba dhóigh liom nach raibh. Bhíos ar fheabhas, cheapas. Nuair a bhéadh an punnt sin sa tseacht­mhain agam d’fhéad­fainn mé féin a ghléasadh. Punnt san tseacht­mhain! Ní fhéadfadh duine pósadh air​…​acht dá mbéadh an bhean ag saoth­rughadh airgid freisin? Dá mbéadh punnt eile aici-se, bhéadh an sgéal go maith againn​…​agus ní bhéinn ró-shean nuair a bhéadh an chlann ag éirghe suas ’mo thim­cheall. Ní’lim mórán le deich mbliadhna fichead fós​…​dá mbéadh an dá phunnt ’san tseacht­mhain agam, ní bhéadh stródh ar bith orainn roinnt bheag a chur i dtaisge gach seacht­mhain. B’fhéidir go n‑éir­eóchadh linn an oiread a bhail­iughadh is thabh­arfadh go hÉirinn sinn ’san samhradh. Do dhéanfadh deich bpunnt cúis.…​Acht ní fhéad­fainn cuairt a thabhairt ar mo bhaile dhúth­chais go mbéadh dearmad déanta ag cách ar m’each­traíbh tráth bhíos ar an mbóthar leis an bhFear Buidhe.

Nach orm a bhí an t‑ádh nár phósas a inghean?

An bhean a bhéadh agam (an bhean atá agam ba chóra dhom a rádh, mar bhí sí fáighte agam cheana ’sna brionn­glóidíbh); an bhean a thogh­fainn bhéadh sí árd dubh; bhéadh a dhá súil ar dhath an áirne; a leaca ar dhath an róis; agus a béal.…​Chuimh­nigheas ar a raibh de mhnáibh áilne ar an saoghal ariamh ó Helen na Gréige anuas, agus b’fhacthas dom nach raibh aon bhean díobh chomh háluinn chomh huasal leis an mnaoi