Deoraidheacht/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XVI
[ 73 ]

XVI.

An sean-lóisdín fuair muintir an ospuidéil dhom atá agam arís. ’San sean-tseómra atáim, agus an phioctúir bheag úd ’n‑a raibh an triúr fear óg ag ól go suaimh­neach dhóibh féin, níor baineadh anuas de’n bhall fós é. Ag dearcadh dhom ar an triúr fear óg úd (agus leis an gcaoi a bhfuil an ghrian ag deallramh orra, shílfeá go raibh an-bháidh aici dhóibh), táim ag iarraidh a dhéanamh amach cé’n fáth go bhfuil an fháilte mhór ag muintir an tighe seo rómham. Ní rabhas lághach croidh­eamhail. Is fánach labhrainn leó. A dhul amach ar maidin agus a theacht isteach tráthnóna, agus beann­ughadh dhóibh uair ar bith casfaí liom iad, sin a raibh de bhaint agam leó ariamh. Acht bhí an t‑airgead agam. Bhíos i n‑an’ mo bhealach a íoc. Ní raibh pighin aca orm. Roimh an méid airgid a ceapadh a bheith agam bhí an fháilte aca, agus ní rómham féin.

Nach aca bhéadh an fháilte rómham nuair d’inn­seóchainn dóibh go raibh mo chuid airgid caithte? Sgiúrtóg féin ní raibh agam anois. Bhí bean an tighe ag súil le roinnt uaim cheana féin. Níor iarr sí aon phighin orm fós, le n‑a béal ar chaoi ar bith. B’fhéidir gurab amhlaidh bhí sí ag ceapadh go raibh an t‑airgead agam agus nach rabhas sásta a thabhairt dhi, nach duine cneasda bhí ionnam ar chor ar bith. Níor ceapadh ariamh gur duine uasal bhí ionnam go dtain­iceas ’un an tighe seo an chéad uair. Bhí flúir­seacht airgid agam ann go dtí anois féin agus gan smeach oibre le déanamh agam, agus mar sin de, ní iongnadh ar bith é gur cheap an bhean seo gur duine mór a bhí ionnam.

Ní meas mór bhí agam uirri, acht mar sin féin, ghoill sé go trom orm í a bheith ar a mhalairt de bhar­amhail. Ba mhian liom an droch-lá úd a chur ar cáirde.

Acht do chaithfinn airgead fhagháil le sin a dhéanamh. Cá raibh sé le fagháil? Le mí anuas níor leigeas lá thart gan [ 74 ]cuairt a thabhairt ar an bhfear dlighe. Ní bíodh acht an sgéal céadna aige i gcomh­nuidhe dhom, an sean-droch­sgéal nach raibh tásg ná tuairisg le fagháil ar an mbith­eamhnach buidhe ná ar a thais­beántas. Ní raibh fhios aige cé’n áird de cheithre áirdibh na cruinne a raibh sé acht go raibh sé cinnte dearbhtha go bhfuair sé an chéad litir seóladh chuige. Ní raibh aon mhaith dhom cuairt eile thabhairt air fós. Bhí sé ag éirghe tuirseach dhíom. Bhí bean an tighe ag éirghe tuirseach dhíom. Ní raibh a fhios agam cé’n lá cuirfí as an teach mé. Ní bhéadh aon mheas ag ceachtar díobh orm go mbéadh mo phóca lán arís. Ní hionann cláir­íneach saidhbhir agus cláir­íneach daidhbhir ar chor ar bith.

Buaileadh doras an tseómra. Bean an tighe bhí ann go cinnte, agus í ag iarraidh a cuid airgid. Leigeas orm go rabhas ’mo chodladh ag ceapadh go n‑im­theochadh sí. Ní raibh baoghal uirri imtheacht. Bhuail sí an doras an ath-uair.

Bhíodh an chos adhmuid ar chathaoir lem’ ais agus mé ’san leabaidh, acht thagadh olc orm dá bhfeic­eadh duine ann í. Sháitheas isteach faoi’n leabaidh í.

“Tar isteach,” adeirim-se leis an duine bhí ag an doras.

Chuir bean an tighe a ceann isteach.

“Tá fear ag an doras agus deir sé go bhfuil gnótha aige dhíot: ní imtheóch­aidh sé go bhfeicidh sé thú, deir sé.”

“Cé’n sórt duine é?” arsa mise ag ceapadh gurab é an bith­eamhnach beag buidhe féin a bhéadh ann: dá mb’é⸺

“Fear mór-chnámhach droch-labhartha,” ar sise.

“Sgaoil isteach é,” adeirim-se.

Cé bhéadh ann ár ndóigh acht é féin, an fear mór thug an chathaoir dhom an oidhche úd fad ó. Shuidh sé le cois na leapthan.

“Tá dhá litir agam dhuit,” ar seisean, “an fear dlighe thug dhom iad. Bhí fhios agam-sa go gcuirfí sgannradh ar an gcneámh­air buidhe úd; bhí fhios agam-sa go gcuirfí iallach air sgaradh leis an airgead. Ní raibh an dul amudha [ 75 ]orm-sa nuair a thugas chuig an dligheadóir úd thú. Tá seisean i n‑an’⸺”

“Tabhair dhom na litreacha,” arsa mise ag cur isteach air.

Bhain sé dhá litir as a phóca. Leag sé ar an leabaidh iad.

Bhí an t‑airgead agam ’sa deireadh. D’fhéadfainn mo bhealach a íoc. Ní bhéadh orm a dhul ar lorg na déirce. Ní bhéadh orm aon droch-chleas a dhéanamh. Chaitheas achar maith ag dearcadh ar na litreach­aibh agus ag cur seo agus siúd trím’ aigne. Páidhe ráithe! Suas le dhá sgór punnt! Bhíos saidhbhir. Ní bhéarfadh lá bocht go deó arís orm.

“Osgail iad,” ars’ an fear mór.

Rugas ar cheann díobh, agus d’osgluigheas í. Níor thuit aon airgead aisti.

“Ní hé an fear buidhe chuir an ceann seo chugam,” arsa mise.

“D’eile?”

Dhearcas arís ar an litir. Ainm na mná móire raimhe a bhí léithi! Is beag nár imthigh an t‑anam asam.

“Tá ceann eile agat,” ars’ an fear mór. Shín sé an litir eile chugam. D’os­gluigheas í. Ní raibh aon airgead innti. Níor fhéadas a léigheadh. Ní fhacas ós comhair mo shúl acht rudaí beaga miona dubha.

Bhí an chéad litir d’osgluigheas ag an bhfear mór agus é ’ghá léigheadh ós árd. Gach uile sgairt gháiridhe chuireadh sé dhe, chluinfeá treasna na sráide é.

“Mh’anam nár cheapas ariamh go mba duine de’n tsórt sin thú. Diabhal ceapadh. Nach aici atá an tóir ort? Nach í tá gean­amhail grádhmhar? Agus mé a’ ceapadh feadh an achair nach raibh suim ar bith agat ’sna mná! Acht eist leis seo! Eist leis!” agus thosuigh mo dhuine ag léigheadh:

“A dhearbhráthairín ionmhuin, a mhic mo chroidhe istigh, seachain thú féin. Tá sé ar do thí. Tá an fear beag ar do [ 76 ]thí. Ní bheidh sé sásta go deó, ní bheidh codladh na hoidhche go deó aige go mbeidh t’anam aige. Do mhionn­uigh sé agus do mhóidigh sé go bhfuigh­eadh duine de’n bheirt—thusa nó eisean—bás gan mórán achair. Chuaidh sé ar a dhá ghlúin ar an mbóthar mór i lár na hoidhche ós comhair a bhfuil ’san tais­beántas, an Bíobla ’n‑a ghlaic aige, a cheann, nocht­uighthe, an ghealach ag deallramh anuas air—ó, dá bhpeic­theá é. chuir­feadh sé uamhan ar do chroidhe. Ó, dá n‑éir­igheadh aon anachain duit, is chomh gean­amhail is bhíomar le chéile….”

Dá dhonacht dá raibh an sgéal agam, níor fhéadas gan gáiridhe. Leig an fear mór a shean-bhéic.

“Léigh amach é,” adeirim-se.

Thosuigh air arís:

“…Acht ní raibh aon cháll duit an tais­beántas breágh a bhí ar an mbóthar le—ní mé cé’n fhaid—a mhilleadh. Agus tá sin déanta agat. Chuaidh an droch-cháil rómhainn—bréagáin ar fad a bhí ’san tais­beántas, dubhradh. Sgríobh­adh litreacha chuig na páipéir—agus, a’ gcreidfeá é? dubhradh i gceann díobh nach raibh ionnam féin acht bréagán, nach rabhas i ngar a bheith chomh trom ná chomh reamhar is dubhradh! Cheapas féin i dtosach gur tusa a bhí ag sgríobh­adh na litreacha, acht, ar léigheadh an chinn sin dom, bhí fhios agam go rabhas ag dul amudha, mar ní inn­seóchthá bréag, agus ní raibh aon fhear ann a mba fhearr a bhí fhios cé’n meadhchan mór a bhí ionnam ná thú. Acht táim ag cailleadh feóla i n‑aghaidh an lae gan thú. Sgealtar féin ní fágfar orm mara dtagaidh tú chugam, nó mara gcuiridh tú fios orm….”

Dhearc an fear mór orm. Bhí greann ’n‑a dhá shúil, acht ní raibh aon fhonn grinn orm-sa. Bhí olc orm é bheith ag magadh fúm. Sgiobas an litir uaidh.

“Tá an-tóir amach ’s amach aici ort,” ar seisean, “ní bheitheá acht ag déanamh do leasa dá bpóstá í.”

“Mh’anam ó’n diabhal, mara n‑éistidh tú…”

“Cailín lághach gean­amhail agus í ag cailleadh na sláinte [ 77 ]mar gheall ort: í ag fagháil bháis le cumha agus le briseadh croidhe!” ar seisean. “ ‘Sgealtar féin ní fágfar orm mara gcuiridh tú fios orm’,” ar seisean.

Bhagair mé an maide croise air. Ní dheárna sé acht gáiridhe. Níor cheap sé go rabhas i ndáir­íribh, acht theann sé amach uaim.

“Bean óg dhathamhail—is dócha go bhfuil sí dathamhail, a cha—bean óg dhath­amhail sgiamhach ag dul i gcont­abhairt a báis le méid a grádha dhó, agus ní chuireann sé fios uirri! Ní chuireann sé sgéala chuici go bhfuil sé slán, go bhfuil sé ar a aire! Mo náire thú! Mo náire shaogh­alta thú! Agus tú i gcleamh­nas léithi freisin! Nach mé bhí dall nuair d’innis tú dhúinn i n‑oifig an dligh­eadóra go raibh tú i gcleamh­nas! ’Thoradh dhíot! ’Thoradh dhíot! Badh chóir dhuit a pósadh!”

Nuair a bhí an méid sin cainte déanta ag an bhfear mhór, leig sé siar ’san gcathaoir é féin, agus chuaidh ’sna fal­rachaibh gáiridhe. Bhí an litir eile ’mo láimh agam-sa agus mé ’ghá léigheadh. Ó dhligh­eadóir an Fhir Bhig Bhuidhe ab’ eadh í, agus é ag bagairt dlighe orm mar gheall ar an ngeall­amhaint phósta thugas do’n mhnaoi reamhair, agus mar gheall ar na litreach­aibh bréagacha chuireas chuig na páipéir ag masladh an Fhir Bhig Bhuidhe agus ag cáineadh a thais­beántais. Ní raibh mo chuid le fagháil agam go socróchaí an dá cheist. Dá luaithe shoc­róchaí iad b’amhlaidh ab’ fheárr dhomh-sa. Bhéadh an Fear Buidhe féin sásta leis an méid airgid a bhí le theacht chugam mar pháidhe, acht go mbéadh orm sgéal na mná raimhe a shoc­rughadh ar a mhalairt de chaoi.

Thug an fear mór an dá litir leis chuig an dligheadóir le go mbain­feadh seisean ceart amach dhom. Bhéadh ar an bhfear buidhe a chúnntas féin a shoc­rughadh cuma céard do dhéanfaí faoi cheist na mná.

“Bíodh misneach agad; gheobhaidh tú do chuid fós,” ars’ an fear mór ag imtheacht dó, acht ní raibh fhios ag an duine [ 78 ]bocht nach bhféad­fainn fuireacht leis, nach raibh pighin ruadh ’san saoghal agam, go raibh ocras orm cheana féin. Tháinic droch-mhisneach orm nuair d’imthigh sé uaim. Tháinic brón ar mo chroidhe. Nach orm a bhí an mí-ádh gur fhill mé? Dá mbéinn ’san mbaile arís, nach mé d’fhanfadh ann? Dá mbéadh droichead idir an dá oileán, nach mé a shiubhal­fadh é, bíodh is go rabhas ar leath-chois!

Chuaidh bacach thart taobh amuigh. Is maith a d’aith­nigheas an torann a rinne na maidí ar leacra­chaibh na sráide. Ag iarraidh déirce, nó ag díol earraidhe beaga bhí sé, is dócha. Is beag nach ndeachas chuig an bhfuin­neóig go bhfeicinn é—go bhfeicinn cé’n bhail a bhéadh orm féin gan mórán achair. Acht níor chorr­uigheas as an leabaidh. An chos adhmuid níor chuireas fúm an lá sin nó go raibh an mhaidin ann acht ag déanamh mo smaointe, agus ní smaointe áthais a bhí ionnta acht smaointe searbha duaibh­seacha a ghoill ar mo chroidhe agus a chéas mé, smaointe géara goirte chuireas i dtuigsint do’n duine cé’n ghann­chuid atá ’san saoghal, a chuireas i n‑úil dó cé’n neamh­chomh­thromacht atá ann, smaointe beódha borba teó a ghearras an croidhe ann, agus nach leigeann dó féachaint ar an saoghal arís ar an mbealach céadna is d’fhéach cheana.

Bhí ocras orm, agus ní ocras colna amháin a bhí orm an oidhche úd, acht ocras croidhe agus intinne agus anma.