Page:Deoraidheacht (1920).pdf/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
78
Deoraidheacht

bocht nach bhféad­fainn fuireacht leis, nach raibh pighin ruadh ’san saoghal agam, go raibh ocras orm cheana féin. Tháinic droch-mhisneach orm nuair d’imthigh sé uaim. Tháinic brón ar mo chroidhe. Nach orm a bhí an mí-ádh gur fhill mé? Dá mbéinn ’san mbaile arís, nach mé d’fhanfadh ann? Dá mbéadh droichead idir an dá oileán, nach mé a shiubhal­fadh é, bíodh is go rabhas ar leath-chois!

Chuaidh bacach thart taobh amuigh. Is maith a d’aith­nigheas an torann a rinne na maidí ar leacra­chaibh na sráide. Ag iarraidh déirce, nó ag díol earraidhe beaga bhí sé, is dócha. Is beag nach ndeachas chuig an bhfuin­neóig go bhfeicinn é—go bhfeicinn cé’n bhail a bhéadh orm féin gan mórán achair. Acht níor chorr­uigheas as an leabaidh. An chos adhmuid níor chuireas fúm an lá sin nó go raibh an mhaidin ann acht ag déanamh mo smaointe, agus ní smaointe áthais a bhí ionnta acht smaointe searbha duaibh­seacha a ghoill ar mo chroidhe agus a chéas mé, smaointe géara goirte chuireas i dtuigsint do’n duine cé’n ghann­chuid atá ’san saoghal, a chuireas i n‑úil dó cé’n neamh­chomh­thromacht atá ann, smaointe beódha borba teó a ghearras an croidhe ann, agus nach leigeann dó féachaint ar an saoghal arís ar an mbealach céadna is d’fhéach cheana.

Bhí ocras orm, agus ní ocras colna amháin a bhí orm an oidhche úd, acht ocras croidhe agus intinne agus anma.


XVII.

Níor fhágas an teach go ceann dhá lá agus is beag d’itheas i gcaith­eamh an dá lá úd. An tríomhadh lá d’éirigheas agus bhuaileas amach. Bhí ceapaithe agam gan filleadh go mbéadh an oiread agam is d’íocfadh bean a’ tighe, bíodh sé luath nó mall.

Shíleas i dtosach go dtiubhrainn aghaidh ar oifig an dligh­eadóra ag ceapadh go mbéadh litir aige lem’ aghaidh,