Page:Deoraidheacht (1920).pdf/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
77
Deoraidheacht

mar gheall ort: í ag fagháil bháis le cumha agus le briseadh croidhe!” ar seisean. “ ‘Sgealtar féin ní fágfar orm mara gcuiridh tú fios orm’,” ar seisean.

Bhagair mé an maide croise air. Ní dheárna sé acht gáiridhe. Níor cheap sé go rabhas i ndáir­íribh, acht theann sé amach uaim.

“Bean óg dhathamhail—is dócha go bhfuil sí dathamhail, a cha—bean óg dhath­amhail sgiamhach ag dul i gcont­abhairt a báis le méid a grádha dhó, agus ní chuireann sé fios uirri! Ní chuireann sé sgéala chuici go bhfuil sé slán, go bhfuil sé ar a aire! Mo náire thú! Mo náire shaogh­alta thú! Agus tú i gcleamh­nas léithi freisin! Nach mé bhí dall nuair d’innis tú dhúinn i n‑oifig an dligh­eadóra go raibh tú i gcleamh­nas! ’Thoradh dhíot! ’Thoradh dhíot! Badh chóir dhuit a pósadh!”

Nuair a bhí an méid sin cainte déanta ag an bhfear mhór, leig sé siar ’san gcathaoir é féin, agus chuaidh ’sna fal­rachaibh gáiridhe. Bhí an litir eile ’mo láimh agam-sa agus mé ’ghá léigheadh. Ó dhligh­eadóir an Fhir Bhig Bhuidhe ab’ eadh í, agus é ag bagairt dlighe orm mar gheall ar an ngeall­amhaint phósta thugas do’n mhnaoi reamhair, agus mar gheall ar na litreach­aibh bréagacha chuireas chuig na páipéir ag masladh an Fhir Bhig Bhuidhe agus ag cáineadh a thais­beántais. Ní raibh mo chuid le fagháil agam go socróchaí an dá cheist. Dá luaithe shoc­róchaí iad b’amhlaidh ab’ fheárr dhomh-sa. Bhéadh an Fear Buidhe féin sásta leis an méid airgid a bhí le theacht chugam mar pháidhe, acht go mbéadh orm sgéal na mná raimhe a shoc­rughadh ar a mhalairt de chaoi.

Thug an fear mór an dá litir leis chuig an dligheadóir le go mbain­feadh seisean ceart amach dhom. Bhéadh ar an bhfear buidhe a chúnntas féin a shoc­rughadh cuma céard do dhéanfaí faoi cheist na mná.

“Bíodh misneach agad; gheobhaidh tú do chuid fós,” ars’ an fear mór ag imtheacht dó, acht ní raibh fhios ag an duine