Deoraidheacht/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XV
[ 68 ]

XV.

Lonndain arís! An chathair mhór uath­bhásach úd atá ag síor-shíneadh na ngéag leis na daoine atá i bhfois­geacht na gcéadta míle dhi a tharraint chuici dhá mbuidh­eachas, agus le n‑a ndéanamh ’n‑a cosamh­lacht féin, le n‑a slugadh, le n‑a n‑alpadh, le n‑a n‑ath­chumadh.…

Agus bhíos-sa ag déanamh ar an áit úd chomh tapaidh is bhí ’san ngail-inneall mé thabhairt ann. Nach n‑éir­eóchadh liom? Nach raibh páidhe ráithe le fagháil agam ó’n bhFear Beag Buidhe? Nach rabhas cleach­tach ar obair de’n tsaghas a dhéanamh arís? Bhí an misneach mór agam, acht mar sin féin, b’fhacthas dom agus mé ’mo shuidhe ’san traen úd, nach ag déanamh mo leasa a bhíos. B’fhacthas dom nach raibh i ndán dom acht an droch-shaoghal, agus an droch-chríoch, bíodh is go raibh m’intinn agus mo mheabhair agus mo thuigsint ag cur i n‑úil dom gur deagh-chríoch bhéadh ar mo thuras, m’intinn agus mo mheabhair agus mo thuigsint ag rádh liom a dhul ann, agus mo cheart a bhaint amach; ag innseacht dom go n‑éir­eóchadh liom ’san deireadh; tréith eile dhíom bhí níos treise agus níos cumhach­taighe ná an intinn, níos beódha ná an tuigsint ag déanamh tuair agus tairn­gireacht’ dhom nach raibh mé acht ag dul i mbealach mo bhasgtha. Dá bhféad­ainn filleadh ’chomh­fhadh ’s bhí an comhrac seo ar siubhal, is cinnte go bhfill­finn, acht bhí an traen ’san bport sul a raibh sé thart.

· · · · · · · · · ·

Tá an cath mór tugtha. Tá buaidhte ag an intinn agus ag an tuigsint ar an tréith neamh-aith­nighthe do-thuigthe úd bhí ag iarraidh orm filleadh. Táim i lár na cathrach cheana féin. Tá an tuigsint ag labhairt arís: Nach bhfuil eólas céirde agam anois, rud nach raibh agam nuair a casadh an Fear Beag Buidhe liom i dtosach? Duine ar bith d’fhéach­fadh orm [ 69 ]nach mbéadh fhios aige cé’n saidh­bhreas mór a bhí ’mo leithéid, dá mbadh rud é go raibh eólas dá laighead aige ar shaoghal lucht tais­beántais. Ar ndóigh ní raibh orm acht a dhul chuig tais­beántas ar bith, an folt bréagach a chur ar mo cheann, na slabhraí práis a chur faoi mo chom agus faoi mo mhuinéal, mo ghruadh a dath­ughadh, sgréach an Fhir Bhig Bhuidhe a leigint agus bhéadh posta agam ar áit na mbonn! Nach raibh na slabhraí práis, agus an folt bréagach agus na dathanna féin ’san mbosga agam? Bhí saoghal mór rómham: Cáil mhór agus roinnt de’n tsaidh­bhreas—an oiread is choth­óchadh mé i nÉirinn nuair a thiocfadh an tsean-aois orm. Filleadh a-bhaile chuig mo mhuintir mar cheapas agus mé ’san traen? Ní raibh ann acht díth céille. Nach raibh roinnt bheag airgid agam? Nach raibh suas le dá sgór punnt le fagháil agam ó’n bhFear Beag Buidhe? Nach raibh áit le fagháil agam i dtais­beántas ar bith, dá dtog­ruighinn a dhul ann? Agus céard d’fhéadfainn a dhéanamh ’san mbaile, áit nach mbéadh fáilte rómham b’fhéidir?

Acht b’fhéidir nach gcuir­feadh an diabhal buidhe úd mo chuid airgid chugam go luath? B’fhéidir gur chaitheas an iomarca ar an turas? Isteach liom i n‑áit chúl­ráideach agus chomh­aireas a raibh agam ’san sparán. Ní mó ná sásta leis a bhíos. Acht bhí an oiread ann is choth­óchadh mé go ceann dhá mhí ar a laighead. Acht má’s rud é nach gcuirfidh an sumachán buidhe úd mo chuid chugam roimhe sin, céard a dhéanfas mé?

Ní raibh an cheist úd réidh­tighthe agam go dtáinic boladh trom feóla a bhí ’ghá gríosadh chugam i leith treasna na sráide ar an ngaoith. Bhí ocras orm. Ní mórán d’itheas ó d’fhágas Gaillimh. Bhí béile mhaith uaim gan aimhreas. Bhuaileas anonn agus isteach liom i dteach ithe, agus leagas ar an mbiadh a cuireadh ós mo chomhair go fonnmhar agus go dích­eallach.

Ní raibh an biadh ithte agam baileach, go dtugas faoi [ 70 ]deara go raibh beirt fhear ’n‑a suidhe ag bórd i bhfogus dom, agus iad ag cur díobh go breágh. Fear mór a bhí i nduine aca, fear mór géagach cnámhach; fear beag lom a bhí ’san duine eile agus gan mórán le rádh aige acht gurab é bhí ag baint na cainte go léir amach, shílfeá. Anois agus arís do chaochadh sé súil ar an bhfear mór, agus nuair a chaochadh thos­óchadh seisean ag sgaoil­eadh na cainte uaidh ’n‑a chaise. Bhíodar beirt ró-fhada uaim le aon fhocal de’n chomhrádh a chlos; acht b’fhacthas dom ar bhealach éigin gur casadh an fear cnámhach úd liom cheana. B’fhacthas dom gur aith­nigheas ar a mhodh labhartha é, bíodh is nach raibh fhios agam céard a bhí sé a rádh. ’Sa deireadh dhearc sé ’mo threó. Bhuail sé a dhá bhois i n‑aghaidh a chéile. Tháinic meangadh gáiridhe ar a bhéal. D’éirigh sé.

“Tusa tá ann,” ar seisean, ag teacht i leit chugam.

D’aithnigheas ar an bpointe é nuair a labhair sé liom. Cé bhéadh ann acht an fear mór úd a thug an chathaoir bheag dhom an lá fad ó agus mé ’san teach lóistín. Rugas greim láimhe air. Thóg sé mo chroidhe duine chomh fial agus chomh croidh­eamhail leis fheiceál. Deagh-chomh­artha bhí ann gur casadh a leithéid liom an chéad lá ’san gcathair dhom thar éis filleadh.

Sheas sé ós mo chomhair amach. Chuir sé fáilte rómham. Cá raibh mé? Céard a bhíos a dhéanamh? Ar éirigh liom? Chuir sé céad ceist orm i ndiaidh a chéile sul a raibh uain agam aon cheann aca a fhreag­airt. Sgaoil sé an chaint uaidh go millteach tapaidh, agus leis an oiread droch-fhocal agus mionn a bhí ’san gcaint aige, do cheapfadh duine a bhéad ag éisteacht leis go raibh cuthach feirge air agus gur ag achrann liom-sa a bhí sé. Acht níor bh’eadh. Níor bhain sé an chiall ghnáthach as na droch-fhoclaibh. Ní raibh an bhrígh choit­cheannta ’n‑a chuid mionn. Ní rabhadar ag teastáil ó’n gcaint acht ar an nós céadna is bhíos gréas ag teastáil ó bhaill éadaigh na mban, le slacht a chur orra. Cuide de na [ 71 ]droch-fhoclaibh sgaoil sé uaidh, níor chuir sé isteach ’san gcaint iad acht le snas a chur uirri, ar an mbealach céadna is chuireas file buadh-fhocal mór-fhuaim­neach isteach ’n‑a dhán leis an rannaidh­eacht a dhéanamh ceart. An fear bocht, níor tugadh aon oileamh­aint dó; agus munar hinn­sigheadh aon tslighe eile dhó le n‑a dheagh-chroidhe mhór a nochtadh, cé’n milleán dhó a shlighe féin a cheapadh?

Ní rabhas thar deich nóiméid ’n‑a chuid­eachtain go raibh fhios fátha mo sgéil aige go beacht agus go hiomlán.

“Téanam,” ar seisean, “agus cuirfidh mise ar bhealach do leasa thú: is fada mé ag feitheamh le faill fhagháil ar an mbior­ánach buidhe bradach sin.”

“Bhfuil aithne agad air?” adeirim-se.

“D’fhéadfá a rádh go bhfuil. Tá sean-aithne agam air, a mhic ó. Acht cér casadh leat-sa é?”

D’innis mé sin dó.

“Agus tá páidhe ráithe agat air?”

“Tá.”

“Ar thairg sé aon phighin duit ag imtheacht duit?”

“Níor thairg. Dubhairt sé go gcuir­feadh sé chugam é.”

“Agus tá fiadhnaidhthe agad, ar ndóigh?”

“Tá.”

“Caithfidh sé a chur chugad. Seo, beir ar do hata, agus téanam liom-sa.”

Thug sé go hoifig dligh­eadóra mé. Mhínigh sé mo sgéal dhó. D’éist an fear dlighe leis go foigh­deach. Bhí togha aithne aige air, mar is iomdha duine a bhí ag éileamh a chirt thug sé chuige cheana.

Chuir an fear dlighe cúpla ceist orm. Bhí ainm an Fhir Bhig Bhuidhe ’n‑a leabhar aige cheana. Ní raibh ann acht cneamh­aire de réir mo duine. Acht chuir­feadh seisean eagla air. Chuir­feadh sé ar creathadh é. Chuir­feadh sé an sparán mór a bhí aige i laighead. Bhain sé airgead as cheana, agus bhain­feadh arís, má bhí dlighe ar bith ann.

[ 72 ]An méid adubhras leis bhí sé sgríobhtha síos aige, agus thosuigh sé ’ghá léigheadh.

“Bhfuil sé ceart agam?” ar seisean, nuair a bhí sé léighte aige.

“Ní’l tada ann faoi’n gcleamhnas,” arsa mise.

“Cé’n cleamhnas? Níor hinnseadh tada dhom faoi chleamhnas.”

“Cheapas nach raibh aon ghábhadh leis. Ní raibh ann acht cleas d’imrigheas air,” agus b’éigin dom mo shean-sgairt a leigint nuair a chuimh­nigheas ar an mbail­eabhar rinneas ar an bhFear Beag Buidhe. Acht ní raibh an fear dlighe sásta gur inn­sigheas an sgéal dhó. Bhí an fear mór cnámhach ’sna trithíbh acht meangadh féin níor tháinic ar bhéal an dligh­eadóra.

“Agus chuir tú t’ainm leis⸺nár chuir?” ar seisean.

“Chuir.”

“Agus a’ ndeachaidh aon duine i bhfiadhnaidhe air?”

“Chuaidh beirt.”

“Táim ag ceapadh go bhfuil tú i dteannta aige. Mara bhfuil tú sásta an bhean óg a phósadh….”

“Ní bean óg í,” arsa mé féin ag cur isteach air go taodach.

“Cuma sin​…​acht déanfad-sa mo dhícheall duit. Ná bíodh faitchíos ar bith ort nach ndéan­faidh.”

“Is mór an fear magaidh thú,” ars’ an fear mór liom-sa; “ar ndóigh, ní raibh cleamhnas ar bith ann?”

Thosuigheas féin ag gáiridhe. Do cheap an bheirt eile gur ag déanamh grinn a bhí an bacach.

“Ná bíodh aimhreas ar bith ort nach bhfuighidh tú do chuid,” ars’ an dligh­eadóir, agus thosuigh sé ag sgríobh­adh.

D’fhágamar slán agus beannacht aige, agus d’imthigh linn.