Page:Deoraidheacht (1920).pdf/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
70
DEORAIDHEACHT

deara go raibh beirt fhear ’n‑a suidhe ag bórd i bhfogus dom, agus iad ag cur díobh go breágh. Fear mór a bhí i nduine aca, fear mór géagach cnámhach; fear beag lom a bhí ’san duine eile agus gan mórán le rádh aige acht gurab é bhí ag baint na cainte go léir amach, shílfeá. Anois agus arís do chaochadh sé súil ar an bhfear mór, agus nuair a chaochadh thos­óchadh seisean ag sgaoil­eadh na cainte uaidh ’n‑a chaise. Bhíodar beirt ró-fhada uaim le aon fhocal de’n chomhrádh a chlos; acht b’fhacthas dom ar bhealach éigin gur casadh an fear cnámhach úd liom cheana. B’fhacthas dom gur aith­nigheas ar a mhodh labhartha é, bíodh is nach raibh fhios agam céard a bhí sé a rádh. ’Sa deireadh dhearc sé ’mo threó. Bhuail sé a dhá bhois i n‑aghaidh a chéile. Tháinic meangadh gáiridhe ar a bhéal. D’éirigh sé.

“Tusa tá ann,” ar seisean, ag teacht i leit chugam.

D’aithnigheas ar an bpointe é nuair a labhair sé liom. Cé bhéadh ann acht an fear mór úd a thug an chathaoir bheag dhom an lá fad ó agus mé ’san teach lóistín. Rugas greim láimhe air. Thóg sé mo chroidhe duine chomh fial agus chomh croidh­eamhail leis fheiceál. Deagh-chomh­artha bhí ann gur casadh a leithéid liom an chéad lá ’san gcathair dhom thar éis filleadh.

Sheas sé ós mo chomhair amach. Chuir sé fáilte rómham. Cá raibh mé? Céard a bhíos a dhéanamh? Ar éirigh liom? Chuir sé céad ceist orm i ndiaidh a chéile sul a raibh uain agam aon cheann aca a fhreag­airt. Sgaoil sé an chaint uaidh go millteach tapaidh, agus leis an oiread droch-fhocal agus mionn a bhí ’san gcaint aige, do cheapfadh duine a bhéad ag éisteacht leis go raibh cuthach feirge air agus gur ag achrann liom-sa a bhí sé. Acht níor bh’eadh. Níor bhain sé an chiall ghnáthach as na droch-fhoclaibh. Ní raibh an bhrígh choit­cheannta ’n‑a chuid mionn. Ní rabhadar ag teastáil ó’n gcaint acht ar an nós céadna is bhíos gréas ag teastáil ó bhaill éadaigh na mban, le slacht a chur orra. Cuide de na