Page:Deoraidheacht (1920).pdf/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
72
Deoraidheacht

An méid adubhras leis bhí sé sgríobhtha síos aige, agus thosuigh sé ’ghá léigheadh.

“Bhfuil sé ceart agam?” ar seisean, nuair a bhí sé léighte aige.

“Ní’l tada ann faoi’n gcleamhnas,” arsa mise.

“Cé’n cleamhnas? Níor hinnseadh tada dhom faoi chleamhnas.”

“Cheapas nach raibh aon ghábhadh leis. Ní raibh ann acht cleas d’imrigheas air,” agus b’éigin dom mo shean-sgairt a leigint nuair a chuimh­nigheas ar an mbail­eabhar rinneas ar an bhFear Beag Buidhe. Acht ní raibh an fear dlighe sásta gur inn­sigheas an sgéal dhó. Bhí an fear mór cnámhach ’sna trithíbh acht meangadh féin níor tháinic ar bhéal an dligh­eadóra.

“Agus chuir tú t’ainm leis⸺nár chuir?” ar seisean.

“Chuir.”

“Agus a’ ndeachaidh aon duine i bhfiadhnaidhe air?”

“Chuaidh beirt.”

“Táim ag ceapadh go bhfuil tú i dteannta aige. Mara bhfuil tú sásta an bhean óg a phósadh….”

“Ní bean óg í,” arsa mé féin ag cur isteach air go taodach.

“Cuma sin​…​acht déanfad-sa mo dhícheall duit. Ná bíodh faitchíos ar bith ort nach ndéan­faidh.”

“Is mór an fear magaidh thú,” ars’ an fear mór liom-sa; “ar ndóigh, ní raibh cleamhnas ar bith ann?”

Thosuigheas féin ag gáiridhe. Do cheap an bheirt eile gur ag déanamh grinn a bhí an bacach.

“Ná bíodh aimhreas ar bith ort nach bhfuighidh tú do chuid,” ars’ an dligh­eadóir, agus thosuigh sé ag sgríobh­adh.

D’fhágamar slán agus beannacht aige, agus d’imthigh linn.