Deoraidheacht/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XIV
[ 63 ]

XIV.

Tá sé an deich a chlog. Tá an botha lán go draid. Na daoine atá ’san láthair táid dingthe isteach ’n‑a chéile ar nós sgadán i mbairille. Tá cuid aca chomh fada sin uaim nach féidir leó aon amharc fhagháil orm. Tá an Fear Beag Buidhe ann, agus é go saothrach ag iarraidh áit a dhéanamh dhóibh, agus do na daoine atá taobh amuigh.

Nuair atá réidhteach déanta aige éirigh­eann sé ’n‑a sheasamh ar bhosga i lár an tsluaigh.

“A cháirde,” ar seisean, “a mhuintir na Gaillimhe,” ar seisean, “tá focal beag agam le rádh libh anocht. Chonnaic sibh—ní dóigh liom go bhfuil aon duine annseo nach bhfaca an Bhean Reamhar úd atá agam-sa. Ní hí mo bhean féin í, mar is eól díbh nár phósas fós….”

“Sáthach luath agad,” arsa duine.

“Fíor dhuit. Tá sé sáthach luath agam fós … acht tá mná deasa i nGaillimh⸺”

Dhearc sé ’n‑a thimcheall. Bhí cuid de na mnáibh a bhí ann ag éirghe cuthalach.

“Acht faoi’n Mnaoi Reamhair seo atá agam,” ar seisean ag féachaint ’n‑a thim­cheall arís, agus ag rádh na bhfocal ar nós breithimh a bhéadh ag tabhairt breith báis ar chuirp­theach, “an bhean reamhar seo atá agam-sa,” ar seisean, “tá—sí—i ngrádh.”

Tháinic gáiridhe ar a raibh ann.

[ 64 ]“Acht ní hé sin an chuid is measa de’n sgéal,” arsa mo dhuine go brónach, “acht go dtug sí gean a croidhe—agus is mór an croidhe atá aici—do dhuine atá ’san láthair annseo anocht.”

Dhearc sé go grinn ar fhear óg a bhí ’n‑a aice. Dhearc cách air. Dhearg­uigh sé.

“Mh’anam, a Pheadair,” arsa a chomh­luadar leis, “go raibh tusa annseo gach oidhche ó tháinic siad.”

Chuala an Fear Beag Buidhe an focal. Leig sé air go raibh gruaim air.

“Bíodh fhios agad, a fhir óig,” ar seisean ag féachaint ar an duine a dhearg­uigh, “bíodh fhios agat,” ar seisean, “go bhfuilim-se in loco par—parentis, má thuigir an Laidin. Sin mar adéarfá—go bhfuilim i n‑ionad athar aici. Acht táim sásta leis an bhfear óg—lán-tsásta. Molaim a rogha.”

Cheap an duine a dhearguigh focal eicínt a rádh. Theip air.

“Tá sé féin sásta léithi freisin. Ní haon mhaith dhom ’ghá shéanadh oraibh cé hé​…​’sé an fear úd istigh é—an Fear Buile.”

Chloisfeá biorán ag tuitim. Bhí gach uile dhuine dá raibh ann ag cur na súl tríom, agus a mbéal ar osgailt aca. Bhí an Fear Beag Buidhe féin i n‑áirde ar an mbosga, agus gan gíog as.

Chonnaic sé duine dá mhuintir ag an doras.

“Tugtar isteach í,” ar seisean.

Seóladh isteach í. Leis an tsiubhal a bhí fúithi, agus leis an luasgán a bhí innti déarfá go mba geall le bád mór a bhéadh ar ancoire í, agus na tonn­tracha ’ghá suathadh.

Tháinic iongnadh orra siúd nach bhfaca cheana í, Labhair an Fear Beag Buidhe.

“A mhuintir na Gaillimhe,” ar seisean, “a cháirde cléibh,” ar seisean, “bheirim cuireadh dhíbh uile go léir a [ 65 ]theacht ’un na bainse. Ní dhéanfar an pósadh go ceann míosa acht beidh bainis bhreágh ann; beidh bainis mhíosa ann; beidh mí na meala roimh ré aca. ’San oidhche i mbárach tosnóchar ar an ngleó, agus mara mbeidh greann agus sgléip ann, ní mise Alf Trott​…​’seadh, a chara, ní bhainfear a thuill­eadh amach—an t‑airgead céadna, dá phighin an duine.”

Bhí fear grinn ’sa láthair. Sgaoil sé rann uaidh i mBéarla:

Bring your own tea and sugar;
 Bring your own bread and butter;
 But you’ll come to the wedding—
Won’t you come?

Phléasg a raibh ann. Thosuigh­eadar ag magadh faoi’n bhFear Beag Buidhe agus a chuid ‘airgid chéadna.’ Bhí a dhruim liom. Ní orm-sa ná ar an bhfeic a bhí ’n‑a suidhe le mo thaobh a bhí áird ag na daoinibh acht ar an bhFear Buidhe. Sgaoileas mo leath-chos. Chuireas fúm í. Chaitheas dhíom an folt bréagach agus na slabhraí gleóite práis. Rugas ar an gcuaille a bhí le mo thaobh, agus rinneas maide croise dhe. D’éirigheas de phreib.

Iongantas a tháinic orra, ar fheiceál dóibh go rabhas féin ’mo sheasamh.

“Cead cainte,” arsa mise i n‑árd mo ghotha, “cead cainte, a cháirde.”

Bhí faitchíos ar chuid de na mnáibh rómham. Mar sin féin, fuaireas cead cainte. Dá bhfeic­theá an Fear Buidhe! Bhí sé gream­uighthe de’n talamh. Ní raibh ann cor a chur dhe.

“A cháirde chléibh,” adeirim-se, “chuala sibh céard dubhradh libh faoi mo chleamh­nas-sa. Ní raibh ann acht bréag. Ní’l an bioránach úd thall i n‑an’ aon cheó eile innseacht. Nuair a chuir sé mé féin ós bhur gcomhair céard a bhí ann acht bréag? Agus nach maith a’ lear airgid a mheall sé [ 66 ]uaibh ó tháinic sé le n‑a chuid bréag. An sgian úd a chonnaic sibh ar ball, ní raibh uirri acht rian fola coiligh. Nach é a mheall sibh, a mhuintir na Gaillimhe? Nach sibh na brealláin? Agus na hion­gantais eile atá aige, is beag nach bhfuilid chomh bréagach leis an gceann a bhí annseo go dtí le ceath­ramha uaire ó shoin! Nach bog a bhí an t‑airgead agaibh? Acht fágfaidh mise é féin leis an sgéal a réidh­teach, ó ’sé is feárr chuige.”

Bhuaileas fúm ar an talamh, agus gliondar ar mo chroidhe. Bhí fhios agam go ndéan­fainn an mí-ádh air uair eicínt. Níor cheapas go n‑éir­eóchadh liom chomh geal.

Thosuigh sé ’n‑a raic agus ’n‑a rí-rá. Cuid aca a bhí ann, ní raibh siad a iarraidh acht a gcuid airgid fhagháil uaidh. Acht bhí cuid eile aca, agus b’é an chuid ba líon­mhaire é, agus ní shás­óchadh aon ní iad siúd acht fuil an Fhir Bhuidhe. Bhí sé annsiúd ’n‑a measg agus ba mhór an díol truaighe é. Ball éadaigh níor fágadh air gan stróic­eadh. Brúigh­eadh agus buaileadh agus milleadh é. Agus nuair a bhíodar tuirseach de sin, thosuigh­eadar orra ag iarraidh na mbothán a tharraint ó chéile. Ní fhág­faidís luach pighne ag an ngadaidhe gan milleadh. Dubhairt cuid aca go gcuir­fidís an áit go léir trí theine. Acht níor chuir.

Chuala na daoine a bhí amuigh ’san bpáirc an gleó. Chuala muintir an Fhir Bhuidhe freisin é. Bhí iongantas ar an dá dhream céard a bhí ar siubhal istigh. Shíleadar a theacht isteach, acht ar ndóigh, ó bhí an áit istigh lán go draid, bhí sé fánach aca. Ní deárnadh acht an both a leagadh. Bhí sé ’n‑a rí-rá críoch­nuighthe annsin. Ní raibh aon tsolus ann agus bhíodar ag bualadh a chéile as éadan. Nuair a thairn­geóchadh fear buille, ní bhéadh fhios aige an duine dá cháirdibh ná duine de mhuintir an Fhir Bhig Bhuidhe a bhíodh sé a bhualadh. Agus bhí cuid aca ann, agus ba chuma leó. Shílfeá nach raibh uatha acht buille maide a tharraint, agus plaosg duine eicínt a bhualadh. D’éirigh leis an bhFear Beag Buidhe [ 67 ]éalughadh ó’n gcath. Bhí cuid aca ar a thóir fós. Nuair nár éirigh an tóir leó, cheap cuid aca go raibh an chuid eile aca ’ghá chosaint. Annsin bhíodh sé ’n‑a chomhrac idir an dá dhream sin. Faoi dheóidh ní aon chath mór amháin a bhí ann idir na daoine a chaill a gcuid agus muintir an Fhir Bhig Bhuidhe, acht mar bhéadh céad comhrac éinfhir ar fud na páirce.

D’fhanas féin amach ó’n ár. Cheapas go bhféad­fainn an Fear Buidhe fhagháil agus a áit fol­uighthe a nochtadh dhóibh.

Glanadh an pháirc ’sa deireadh. Thuig na daoine nach raibh muintir an Fhir Bhuidhe ’n‑a measg ar chor ar bith. Chuaidh gach rud chun suaimhnis.

Bhíos féin ag tabhairt turais na páirce, nuair a tháinic cuid de mhuintir an Fhir Bhuidhe chugam go deifreach. Bhí an fear macánta sin leath-mharbh ó’n bhfuil a chaill sé ’san gcomhrac. Ní raibh aon ghnó aige dhíom feasta. Bhí sé sásta mo chuid airgid a chur chugam dá n‑im­thighinn láith­reach bonn. Nárbh’ fheárr dhom imtheacht ar thraen an dódhéag?

Bhíos sásta sin a dhéanamh. Ní raibh agam acht ceath­ramha uaire le breith ar an traen acht rugas uirri. Ag dearcadh amach thríd an bhfuin­neóg dhom, agus an traen ag fágáil an phuirt, chon­naiceas bean mhór reamhar cois balla faoi lampa, agus í ag tabhairt na súl.

· · · · · · ·

Má théighir go Gaillimh go deó, cuir tuairisg an tais­beántais, agus beidh greann agad. D’fhág an Fear Beag Buidhe an baile mór, tráth éigin de’n oidhche, agus ní dócha gurab é a bhean­nacht d’fhág sé ’n‑a dhiaidh.