thí. Ní bheidh sé sásta go deó, ní bheidh codladh na hoidhche go deó aige go mbeidh t’anam aige. Do mhionnuigh sé agus do mhóidigh sé go bhfuigheadh duine de’n bheirt—thusa nó eisean—bás gan mórán achair. Chuaidh sé ar a dhá ghlúin ar an mbóthar mór i lár na hoidhche ós comhair a bhfuil ’san taisbeántas, an Bíobla ’n‑a ghlaic aige, a cheann, nochtuighthe, an ghealach ag deallramh anuas air—ó, dá bhpeictheá é. chuirfeadh sé uamhan ar do chroidhe. Ó, dá n‑éirigheadh aon anachain duit, is chomh geanamhail is bhíomar le chéile….”
Dá dhonacht dá raibh an sgéal agam, níor fhéadas gan gáiridhe. Leig an fear mór a shean-bhéic.
“Léigh amach é,” adeirim-se.
Thosuigh air arís:
“…Acht ní raibh aon cháll duit an taisbeántas breágh a bhí ar an mbóthar le—ní mé cé’n fhaid—a mhilleadh. Agus tá sin déanta agat. Chuaidh an droch-cháil rómhainn—bréagáin ar fad a bhí ’san taisbeántas, dubhradh. Sgríobhadh litreacha chuig na páipéir—agus, a’ gcreidfeá é? dubhradh i gceann díobh nach raibh ionnam féin acht bréagán, nach rabhas i ngar a bheith chomh trom ná chomh reamhar is dubhradh! Cheapas féin i dtosach gur tusa a bhí ag sgríobhadh na litreacha, acht, ar léigheadh an chinn sin dom, bhí fhios agam go rabhas ag dul amudha, mar ní innseóchthá bréag, agus ní raibh aon fhear ann a mba fhearr a bhí fhios cé’n meadhchan mór a bhí ionnam ná thú. Acht táim ag cailleadh feóla i n‑aghaidh an lae gan thú. Sgealtar féin ní fágfar orm mara dtagaidh tú chugam, nó mara gcuiridh tú fios orm….”
Dhearc an fear mór orm. Bhí greann ’n‑a dhá shúil, acht ní raibh aon fhonn grinn orm-sa. Bhí olc orm é bheith ag magadh fúm. Sgiobas an litir uaidh.
“Tá an-tóir amach ’s amach aici ort,” ar seisean, “ní bheitheá acht ag déanamh do leasa dá bpóstá í.”
“Mh’anam ó’n diabhal, mara n‑éistidh tú…”
“Cailín lághach geanamhail agus í ag cailleadh na sláinte