Cnuasacht trágha/An Tráighteóir

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
An Tráighteóir
[ 1 ]

AN TRÁIĠTEÓIR.

Ḃí an Scoláire ag siuḃal ar ḃarr na faille1 [haille] i dtosaċ oiḋċe. Ḃí gaoṫ anoir andeas ag séideaḋ isteaċ i mbeul na faille.2 Doċonnaic sé síos uaiḋ, i measc na gcloċ, solus agus do réir mar do ḃí sé féin ag siuḃal, do ḃí an solus ag druideaṁaint uaiḋ agus uaireanta doċíḋeaḋ sé é agus uaireanta ná feiceaḋ.3 Insan deireaḋ do ṫeagṁaig sé le cosán insan ḃfaill,4 agus d’imṫiġ sé síos ḋ’iarraċt ar [go dtí]5 an solas. Cia do ḃeaḋ ann aċt fear mór fada duḃ, casóg ṁór bréidín anuas ar a ṡlinneánaiḃ, córda bunaiġ aniar ṫar a ċaḃail,6 caipín cluasa air agus é go cruaiḋ fáiscṫe, snamaiḋġe [snaiḋmṫe] fá n-a smigín7. Sean-lantréir8 aige ná raiḃ ann aċt aon ṗána aṁáin agus é ag coṁad [coiṁeud] an t-soluis ar fad amaċ roiṁe. Do ḃeannaiġ an scoláire ḋó.

An Tráiġteóir.—Do ḃain tú geit asam. Cia hé tú? Nó an tú Taḃaistín [Aiḃistín]? Do ċuir tú an croiḋe ar crioṫ ionam le heagla.

An Scoláire.—I mbasa [dar an mbaiste],9 is fuiris [furas] eagla do ċur ort. Is dóċa gur túisce do ċuirfeá féin eagla ar ḋuine ná mar do ċuirfiḋe eagla ort. Cad atá uait insan tráiġ10 an t-am so ḋ’oiḋċe.

T.—Atá,11 an rud ceudna atá uait-se plainnc agus cláraċa má doġeiḃim iad.

S.—I mbasa, a ṁic ó, níl plannc ná clár uaim-se, aċt is aṁlaiḋ doċonnaic mé an solus anuas ó ḃarr faille agus ṫainig mé ḋ’iarraċt air.12

T.—Gaḃaim párdún agat. Do ṡíl mé gur duine éigin do ḃí ag lorg reaca ṫu.

[ 2 ]S.—Ní heaḋ, ṁaiseaḋ, aċt strannséir is eaḋ mé agus ní ḟeadar mé cá ḃfuil mé ag dul.

T.—Mara [muna] ḃfuil a ḟios, lean mise, mar is gairid go mbeiḋ mé ag dul a ḃaile, agus doġeóḃa tú13 teaċt liom má is maiṫ leat é. Aċt ní stadfaimíd anois go raġaimíd soir ar ġualainn14 Binn an Ċárnáin.

S.—An ḃfuil sin i ḃfad uaim?

T.—Atá sé tamall14a maiṫ eile soir uainn. Agus dar ndóiġ má doġeiḃmíd dada, beiḋmíd leaṫ i bpáirt ann.15

S.—Cad doġeóḃaimís nó cad atá le fáġḃáil is na cloċaiḃ16 seo?

T.—Ca ḃfios duit naċ é do ṫógḃáil17 doġeóḃṫá insan tráiġ seo. Is iomḋa rud doġeiḃtear innso. Ḃí mise innso oiḋċe atá tamall mór de ḃliadntaiḃ ó ċoin agus do ḃí mé ag gaḃáil ó ḋeas ṫimċeall ceaṫ- raṁa ṁíle ón áit a ḃfuil tú anois.

Do ḃíos ag siuḃal ag ciosa [ciuṁasaiḃ] na taoide agus is gnáṫaċ nuair ḃíonn [ḃíos] sé tar éis gála go mbíonn carn cuḃair i measc na gcloċ.18 Do ṡéid an ġaoṫ pleiḋce [cuip] mór den ċuḃar amaċ roṁam agus ṫugas fá ndeara insan áit ar éiriġ sé go raiḃ rud éigin duḃ caiṫte ann agus do ċromas ag scaipeaḋ an ċuḃair le laiste beag bata [maide] do ḃí i mo láiṁ agam agus cad do ḃeaḋ ann aċt bean ḃreáġḋa ṫreun ḋaṫaṁail.19 Do ḃí sí caiṫte ar a cliaṫán agus a láṁ clé síos idir dá ċloiċ. Do ḃí gúna breáġḋa síoda uirri agus clóca mar adeurá de ċroiceann róin. Do ḃí sé sin casta suas ar a ceann.20

D’éiriġ mo ċroiḋe21 orm le scannraḋ agus dóbair go dtuitfinn i laige aċt mar sin féin aduḃairt mé liom féin gur mór an truaġ í d’ḟágḃáil ar ṡluaġ na fairrge. Do ḋruideas isteaċ tamall beag agus do leagas mo lantréir ar ċloiċ áird do ḃí ann insan sliġiḋ go raiḃ solus amaċ agam go dtí an áit a raiḃ an ḃean. Doċuaḋas amaċ innsin agus go [ 3 ]deiṁin do ḃí obair ṁór agam d’iarraiḋ22 a láṁ do réiḋteaċ as na cloċaiḃ.23 Do ṡocraiġ mé suas innsin í insan sliġiḋ go ḃfuair mé a ḋá láiṁ do ċur ar mo ḋá ġualainn agus í d’árdaċ [árduġaḋ]24 ar mo ḋrom. Ní raiḃ sí aċt díreaċ socair agam agus mé ċum bogaḋ ċum siuḃail isteaċ nuair ṫáinig caisleán mór de ṫonn25 anuas orm agus meireaċ [muna mbeaḋ] go ḃfuair mé mo ḋá ċois do ċur i dtaca26 leis na cloċaiḃ agus breiṫ ar stollaḋ cloiċe [.i. cloċ a ḃfuigṫeá [feudfá] greim do ḃreiṫ uirri] do ḃí le m’ais, do ḃí mé féin agus í féin scua- baiġṫe amaċ insan ḃfairrge arís agus do ḃéinn-se ċoṁ báiḋte léi sin innsin. Nuair do ḃí sí istiġ agam ag bun na faille, doċuaiḋ mé in áirde insan ḃfaill agus do ḃain mé cúpla bacla maiṫ féir27 agus ṫug mé liom anuas é agus do ṡocraiġ mé fúiṫi go deas é. D’fág mé innsin í agus d’imṫig mé liom do ḃaile agus nuair doċuaiḋ mé isteaċ, d’innis mé do Ḃriġid, ṡin í mo ḃean,28 cad fuair mé insan tráiġ. Do ḃí Briġid in a codlaḋ agus d’éirig sí go luaṫ, léir29 agus aduḃairt sí gurḃ é an feall í d’fágḃáil ṫíos ar ċloċaiḃ na tráġa go maidin, agus “rioṫ [riṫ] suas,” arsa sí liom-sa, “agus taḃair leat anuas an t-asal agus tiuḃraimíd30 linn síos é féin agus an cairt go dti barr na faille agus tiuḃraimíd linn an ḃean aníos eadrainne i mbraiṫlín agus tiubraimíd linn a ḃaile í agus cuirfimíd isteaċ insan scioból sin amuiġ í agus doġeuna mise í do ṫonn- aċaḋ.” D’imṫiġeamair agus ṫugamair linn a ḃaile í, agus ba ṁór an obair dúinn é gan daḃt. “Ní ḟágfainn aon ainiṁ ort,” arsa Briġid agus do riġne í do ṫonnaċaḋ agus í do leagaint [leagaḋ] amaċ in áirde ar an mbórd.31 Do leaṫanaiġ an sceul amaċ innsin go raiḃ a leiṫéid faġṫa32 agus i gcionn ḋá lá seaḋ ṫáinig a muintear fá n-a déin, a fear agus a dearḃráṫair agus cóṁra agus coréiste [cóiste] aca ċum í do ṫaḃairt leó a ḃaile. [ 4 ]Is í Briġid agus mé féineaċ [féin] do ċuir insan ċóṁrainn í. Nuair do ḃí sí insan ċoṁrainn innsin, d’ḟiarfaiġ33 an fear díom féin an ḃfuair mé aon ḟáinne ar na meurnaiḃ. Aduḃras leis go ḃfuaras, go raḃadar istiġ agam. “Taḃair amaċ na fáinní úd, a Ḃriġid,” arsa mise. Agus ṫug, agus do ṡín sí ċuige iad. “Anois,” arsa fear na mná báiḋte, “ó ḃíoḃar ċoṁ maiṫ agus do ḃíoḃar, bíoḋ an fáinne seo agat-sa, a ḃean an tiġe, a ḃfuil an ċaṫaoir óir air34 agus tiuḃra mé féin liom an ċuid eile aca. Agus seo,” arsa sé liomsa, “sin cuig ṗúnt agus fiċe duit féineaċ.” D’iṁtiġeadar leó innsin amaċ go Sean- Ṡasana go dtí cibé áit ab as iad. Agus níl aon oiḋċe ó ċoin doġeóḃainn-se ṫar an bpaiste sin ná fuiġḃinn rud éigin ann.

S.—I mbasa, do ḃí luaċ do scláḃaiġeaċta go maiṫ agat.35 An ḃfeadar tú cadé35a an saġas fear é?

T.—I mbasa, ní ḟeadar mé, aċt do réir mo ṫuairim ba é an rud é ná mar do ḃeaḋ captéin airm.35b

S.—Doċiḋeann tusa an doṁan iongantaisí ar an dtráig seo.36

T.—I mbasa, ní ḟeicim a oiread sin díoḃ in aon ċor. Aċt seo rud inneósa mé ḋuit. Do ḃí mé innso atá tamall de ḃliaḋntaiḃ ó ċoin le cruṫnuġaḋ [dorċugaḋ] na hoiḋċe,37 agus doċonnaic mé an moṫall mór duḃ ag bruġaḋ isteaċ, isteaċ, leis an ḃfaill,38 agus aduḃairt mé liom féin gur árṫraċ í39 ná raiḃ aoinneaċ uirri agus go rioṫfaḋ sí isteaċ ar na clo- ċaiḃ. Níorḃ fada ḋam gur airiġ [ċuala] mé an t-ancaire dá scaoileaḋ síos agus bád beag dá scaoileaḋ anuas, agus ṫug mé fá ndeara ceaṫrar fear ag preabaḋ isteaċ insan mbád agus siúd isteaċ iad go dtí lán mara.40 Ní raḃadar aċt istiġ nuair d’airiġ mé an foṫram ag teaċt anuas an ḟaill41 ar taoḃ ṫeas díom, agus do ḃrúiḋ mé mé féin isteaċ i gcuas fá leac ṁór cloiċe agus siúd amaċ an tráiġ iad ceaṫrar fear agus fear i ngaḃann [i ngéiḃeann]42 aca istig eatorra. [ 5 ]Do cuireaḋ isteaċ insan mbád an fear, agus amaċ leó. Do ḃí lantréir ag ceann de na fearaiḃ, agus cibé iompóḋ do ḃain sé as ṫug mé fá ndeara mar do ḃeaḋ culaiṫ airm ar ḃeirt de na fearaiḃ do ḃí insan mbád. D’imṫiġeadar leó ċum na fairrge agus a dtásc ná a dtuairisc ní ḟuair43 mé ó ċoin ṫall ná i ḃfus.

S.—Ba ṁór an t-iongantas é sin.

T.—Ba ṁór. Aċt eist leat. An dtugann tú fá ndeara dada le hais na cloiċe móire úd amuiġ a ḃfuil an sleaḃacán go léir uirri?

S.—Ó maite, tugaim. Doċiḋim rud éigin mar do ḃeaḋ baraille.

T.—Seo. Coingiġ se [congaiḃ] an lantréir daṁsa agus raġa mé amaċ fá n-a ḋéin [é do ḋul amaċ agus é do taḃairt leis isteaċ].44 Atá sé agam cibé rud atá ann. Árdaiġ an solus feuċaint an ḃfuiġḃinn aon ċloċ go mbuailfe mé an ceann síos tríd.—Óċ mo ċreaċ, níl dada ann aċt tuiġe.

S.—Ó ṁaiseaḋ, is olc an earraḋ fuaireamar anoċt ċum sinn do ṫógḃáil.

T.—Ó a ṁic ó, ní i gcoṁnuiḋe doġeiḃtear rudaí maiṫe. Insan ḃfairrge seo atá olṁaiṫeas45 an doṁain, agus is minic ṫugann sí uaiṫe cuid ṁaiṫ de. Níl aon ġnó againn innso anois, a ṁic ó. Atá sé ċoṁ maiṫ ḋuinn cur dínn a ḃaile. Seo, oiḋċe ṁaiṫ agat anois.

S.—Go n-éiriġe an t-áḋ leat.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.