Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

2

S.—Ní heaḋ, ṁaiseaḋ, aċt strannséir is eaḋ mé agus ní ḟeadar mé cá ḃfuil mé ag dul.

T.—Mara [muna] ḃfuil a ḟios, lean mise, mar is gairid go mbeiḋ mé ag dul a ḃaile, agus doġeóḃa tú13 teaċt liom má is maiṫ leat é. Aċt ní stadfaimíd anois go raġaimíd soir ar ġualainn14 Binn an Ċárnáin.

S.—An ḃfuil sin i ḃfad uaim?

T.—Atá sé tamall14a maiṫ eile soir uainn. Agus dar ndóiġ má doġeiḃmíd dada, beiḋmíd leaṫ i bpáirt ann.15

S.—Cad doġeóḃaimís nó cad atá le fáġḃáil is na cloċaiḃ16 seo?

T.—Ca ḃfios duit naċ é do ṫógḃáil17 doġeóḃṫá insan tráiġ seo. Is iomḋa rud doġeiḃtear innso. Ḃí mise innso oiḋċe atá tamall mór de ḃliadntaiḃ ó ċoin agus do ḃí mé ag gaḃáil ó ḋeas ṫimċeall ceaṫ- raṁa ṁíle ón áit a ḃfuil tú anois.

Do ḃíos ag siuḃal ag ciosa [ciuṁasaiḃ] na taoide agus is gnáṫaċ nuair ḃíonn [ḃíos] sé tar éis gála go mbíonn carn cuḃair i measc na gcloċ.18 Do ṡéid an ġaoṫ pleiḋce [cuip] mór den ċuḃar amaċ roṁam agus ṫugas fá ndeara insan áit ar éiriġ sé go raiḃ rud éigin duḃ caiṫte ann agus do ċromas ag scaipeaḋ an ċuḃair le laiste beag bata [maide] do ḃí i mo láiṁ agam agus cad do ḃeaḋ ann aċt bean ḃreáġḋa ṫreun ḋaṫaṁail.19 Do ḃí sí caiṫte ar a cliaṫán agus a láṁ clé síos idir dá ċloiċ. Do ḃí gúna breáġḋa síoda uirri agus clóca mar adeurá de ċroiceann róin. Do ḃí sé sin casta suas ar a ceann.20

D’éiriġ mo ċroiḋe21 orm le scannraḋ agus dóbair go dtuitfinn i laige aċt mar sin féin aduḃairt mé liom féin gur mór an truaġ í d’ḟágḃáil ar ṡluaġ na fairrge. Do ḋruideas isteaċ tamall beag agus do leagas mo lantréir ar ċloiċ áird do ḃí ann insan sliġiḋ go raiḃ solus amaċ agam go dtí an áit a raiḃ an ḃean. Doċuaḋas amaċ innsin agus go