Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AN TRÁIĠTEÓIR.

Ḃí an Scoláire ag siuḃal ar ḃarr na faille1 [haille] i dtosaċ oiḋċe. Ḃí gaoṫ anoir andeas ag séideaḋ isteaċ i mbeul na faille.2 Doċonnaic sé síos uaiḋ, i measc na gcloċ, solus agus do réir mar do ḃí sé féin ag siuḃal, do ḃí an solus ag druideaṁaint uaiḋ agus uaireanta doċíḋeaḋ sé é agus uaireanta ná feiceaḋ.3 Insan deireaḋ do ṫeagṁaig sé le cosán insan ḃfaill,4 agus d’imṫiġ sé síos ḋ’iarraċt ar [go dtí]5 an solas. Cia do ḃeaḋ ann aċt fear mór fada duḃ, casóg ṁór bréidín anuas ar a ṡlinneánaiḃ, córda bunaiġ aniar ṫar a ċaḃail,6 caipín cluasa air agus é go cruaiḋ fáiscṫe, snamaiḋġe [snaiḋmṫe] fá n-a smigín7. Sean-lantréir8 aige ná raiḃ ann aċt aon ṗána aṁáin agus é ag coṁad [coiṁeud] an t-soluis ar fad amaċ roiṁe. Do ḃeannaiġ an scoláire ḋó.

An Tráiġteóir.—Do ḃain tú geit asam. Cia hé tú? Nó an tú Taḃaistín [Aiḃistín]? Do ċuir tú an croiḋe ar crioṫ ionam le heagla.

An Scoláire.—I mbasa [dar an mbaiste],9 is fuiris [furas] eagla do ċur ort. Is dóċa gur túisce do ċuirfeá féin eagla ar ḋuine ná mar do ċuirfiḋe eagla ort. Cad atá uait insan tráiġ10 an t-am so ḋ’oiḋċe.

T.—Atá,11 an rud ceudna atá uait-se plainnc agus cláraċa má doġeiḃim iad.

S.—I mbasa, a ṁic ó, níl plannc ná clár uaim-se, aċt is aṁlaiḋ doċonnaic mé an solus anuas ó ḃarr faille agus ṫainig mé ḋ’iarraċt air.12

T.—Gaḃaim párdún agat. Do ṡíl mé gur duine éigin do ḃí ag lorg reaca ṫu.