Cnuasacht trágha/An Baile fá an bhFairrge

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
An Baile fá an bhFairrge
[ 5 ]

AN BAILE FÁ AN ḂFAIRRGE

Bád í1 seo do ḃí ar an ḃfairrge ṫimceall potaí. Ceaṫrar fear bí innte—fear an ḃáid agus a ṁac agus beirt eile.

Ḃíodar lá breaġḋa gréine2 ar an ḃfairrge agus ṫáinig codlaḋ ar fear an ḃáid3 agus aduḃairt sé le n-a ṁac a ndinneur d’ḟaġḃáil do na fearaiḃ agus go [ 6 ]sínfeaḋ sé féin fa an siota nó go dtí go mbeaḋ sé i gcóir aige agus “glaoḋaiġ [glaoḋ] orm innsin,” arsa sé leis an mac. “Atá go maiṫ,” arsa an mac, “doġeunad.” Fuair sé an corcán agus do ḃí sé dá rinnseáil amaċ ṫar cliaṫán an ḃáid. Do ṡleaṁnaiġ an corcán uaiḋ agus do ṫuit sé síos go tón poill.4 Do ḃí an t-aṫair an-ċruaiḋ ar an ngarsúr, agus do ḃíoḋ sé ag bruiḋean leis i gcoṁnuiḋe.

Aduḃairt an mac leis na fearaiḃ cibé mar doriġne sé riaṁ,5 go mbeaḋ sé marḃ anois mar ġeall ar an gcorcán. Aduḃairt na fearaiḃ [fir] leis, i mbasa go mbeaḋ. “Fanaigi [fanaiḋ] go fóill,” ar sé sin, “feuċ, deunaigi-se [deunaiḋ-se] teud orm-sa go lomdoċaraċ [go doċt]6 agus raġad-sa síos fá n-a ḋéin.” “An fonn atá ort tú féin do ḃáḋaḋ?”7 arsa na fearaiḃ [fir]. “Cadé an baoġal ḃeiḋ orm, nuair ḃeiḋ an teud orm?” aduḃairt sé leoṫa. Do ḋeineadar [doriġneadar] an teud air. “Anois,” ar sé sin, “nuair ḃead-sa ṫíos, agus bainfe mé tarraingt as an téid, conġḃaiġiḋ greim maiṫ uirri innsin.”8 “Atá go maiṫ,” ar siad sin, “síos leat in ainm Dé.”9 Doċuaiḋ agus nuair doċuaiḋ sé síos go dtí tón poill10 do ḃí an corcán leaṫ-is-amuiġ ḋe ḋoras tiġe agus ṫáinig iongantas air nuair do-ċonnaic sé an tiġ agus an doras oscailte agus gan aon ḃaoġal ar an uisce do ḋul isteaċ ann11 agus gan aon rud ṫimċeall air naċ [aċt] oitir ḃreáġḋa gainṁe. Doċuaiḋ sé isteaċ insan tiġ agus ní ḟaca sé aoinneaċ istiġ aċt sean-duine beag críon aosta in a ṡuiḋe cois na teineaḋ agus é ag caiteaṁ a ṗíopa. Do ḃeannaiġ an garsún dó agus do ḃeannaiġ sin ḋó sin,12 agus do ċuir sé fáilte roiṁe. Aduḃairt sé leis teaċt aníos agus suiḋe innso le n-a ais go mbeaḋ gail aige. “Go raiḃ maiṫ agat, a ḟir an tiġe,” arsa an garsún, “níor ċuireas cois [cos] píopa13 i mo ḃeul riaṁ.” “Maran [muna] ndeárnais féin; ní ḋiongna gal dem ṗíopa-sa díoġḃáil ar doṁan [ 7 ]duit.” “Ó ní ḃacfa mé leis,”14 arsa an garsún, “atá deiṫneas orm agus caiṫfe mé ḃeiṫ ag imṫeaċt. Corcán ṫuit anuas as an mbád uaim ó ċianaiḃ,15 agus ṫángas fá n-a ḋéin.” “Is dóċa,” arsa an sean-duine, “guraḃ é d’airiġ mé ag tuitim innsin amuiġ tamall ó ċoin.” “Is é,” arsa an garsún, “atá sé innso amuiġ.”

Ag iompóḋ ṫimċeall ċum imṫeaċta, ar a ḋul amaċ dó,16 cibé feuċaint ṫug sé, doċonnaic sé ceaṫrar cailíní óga ṫiar i seomra agus iarann in láiṁ gaċ duine aca. Nuair doċonncadar ag feuċaint orra é, do stadadar den obair agus do ċromadar ag gáire. “A ċailíní, ná cuirim-se ó n-ḃur n-obair do ḋeunaṁ siḃ.”17 “Ná bac leó sin, a ṁic ó,” arsa an seanduine. “Sin iad mo ċeaṫrar inġean-sa, agus sin é sliġe ṁaireaċtain atá aca niġeaċán agus deunaṁ suas18 don ċoitċeanntaċt ṫimċeall innso.” “Ó,” arsa an garsún, “an ḃfuil a oiread sin daoine innso.” “I mbasa atá, a ġarsúin,” ar sé sin. Ṫáinig eagla ar an ngarsún. Do ḃain sé stoṫaḋ as ann téid. Do ċeangail sé an corcán ar a ḃásta agus siúd suas leis insan mbád arís. Nuair doċuaiḋ sé suas d’fiarfaiġ na fearaiḃ [fir] de, cad do ċoimeud coṁ fada sin é, gur ṡíleadar gur báiḋte do ḃí sé. D’innis sé dóiḃ innsin cad doċonnaic sé agus ní ċreidfidís é. Aduḃairt sé leó ceann aca féin dul síos agus go ḃfeicfidís an rud ceudna. Aduḃairt ceann de na fearaiḃ, ṁaiseaḋ, go raġaḋ sé féin síos cibé rud baḋ ċor dó.19

Doċuaiḋ agus má doċuaiḋ, ní baoġal go ndeaċaiḋ sé ṫar an doras. Nuair doċonnaic sé an sean-duine beag foirḃṫe ag an teiniḋ, siúd suas leis ar an téid arís. Ba é b’fada leis a ċosa20 nó go dtí [go] raiḃ sé istiġ insan mbád arís agus aduḃairt sé leóṫa an bád d’aistriuġaḋ as an áit sin mar gur dóċa go raiḃ draoiḋeaċt éigin ar an áit sin, ráiḋte21 go raiḃ tiġ ṫíos fá an uisce. Aduḃairt fear an ḃáid, i mbasa [ 8 ]gur dóċa go raiḃ agus d’aistriġeadar an bád agus doċuadar tamall maiṫ ón áit sin, agus ní baoġal ná go dtug22 an garsún aireaċas maiṫ ḋó féin ag rinnseáil an ċorcáin as sin amaċ. Ḃí daoine dá ráḋ dá dtógfaḋ an garsún an píopa ón sean-duine go gcaiṫfeaḋ sé fuireaċ in a ḟoċair i gcoṁnuiḋe.

Ní ḟuiġḃinn [ḟeudfainn] cuiṁneaṁ air23 aċt coṁ fada le mo ṫuairim d’airiġinn, nó is dóiġ liom go n-airiġinn gur do ṡean-aṫair Seaáin uí Nuanáin do ḃain so.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.